Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh
- Foilsithe: 12 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2025
- Ballraíocht
- Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh Tuarascáil Eatramhach
- Téarmaí Tagartha
- Miontuairiscí Cruinnithe
Éileoidh an t-aistriú i dtreo geilleagair leictrithe agus ísealcharbóin leibhéil infheistíochta gan fasach i gcumas giniúna in-athnuaite agus traidisiúnta chomh maith le bonneagar líonra, rud a chuirfidh dúshláin bheartais agus rialála nua i láthair. Geallann Clár an Rialtais, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, go ndéanfaidh an rialtas beartais a chur chun cinn a thabharfaidh aghaidh ar chostais arda fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí i gcomhthéacs an aistrithe seo.
Bunaíodh an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh chun tiománaithe costais a aithint agus moltaí a dhéanamh maidir le hathchóirithe struchtúracha a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí sa mheántéarma (2026-2030) agus san fhadtéarma (i ndiaidh 2030) agus na príomhghealltanais in-athnuaite a shonraítear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide á seachadadh ag an am céanna, agus slándáil an tsoláthair a chosaint. Áireofar ar chlár oibre an Tascfhórsa Plean Gníomhaíochta Inacmhainneachta Fuinnimh a ullmhú agus a fhoilsiú agus monatóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an Tascfhórsa:
- athbhreithniú a dhéanamh ar thiománaithe praghsanna laistigh d’earnáil fuinnimh na hÉireann d’fhonn athchóirithe struchtúracha a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndáiltear costais laistigh den chóras fuinnimh
- plean eatramhach a dhréachtú chun bearta gearrthéarmacha a shainaithint chun tacú le tomhaltóirí fuinnimh roimh Bhuiséad 2026
- tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí chun a chinntiú go ndéantar tosaíochtaí an Tascfhórsa a mhúnlú le hionchur ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara
- plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh a fhoilsiú, lena n-áireofar bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha agus athchóirithe struchtúracha chun costais a ísliú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí
Ballraíocht
Beidh an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus tá sé comhdhéanta de chomhaltaí ó na heagraíochtaí seo a leanas:
- Roinn an Taoisigh
- An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
- An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF)
- Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ)
- An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES)
- ESB Networks
- EirGrid
- Líonraí Gáis Éireann
Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh Tuarascáil Eatramhach
Beidh tacaíocht ag clár oibre an Tascfhórsa ó phróiseas rannpháirtíochta leanúnaí le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear comhlachtaí tionscail, soláthraithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.