Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028: Dlús a chur le Gníomhú
- Foilsithe: 24 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2026
I ngeilleagar ciorclach, íoslaghdaítear dramhaíl agus úsáid acmhainní, agus coinnítear luach táirgí agus ábhar chomh fada agus is féidir. Is féidir ábhair a dhearadh sa chaoi is nach mbeidh siad chomh dian ar acmhainní, go mbeidh siad níos marthanaí agus gur féidir dramhaíl a athghabháil mar acmhainn chun ábhair agus táirgí nua a mhonarú. I ngeilleagar ciorclach, nuair a shroicheann táirge deireadh a shaolré, is féidir a chodanna ábhartha a úsáid arís chun táirgí nua, athchóirithe nó athmhonaraithe a chruthú.
Tá an cumas ag geilleagar ciorclach ár spleáchas ar eastóscadh acmhainní príomhúla agus ar shlabhraí soláthair domhanda casta a laghdú go suntasach, rud a neartóidh athléimneacht agus iomaíochas an stáit agus gnólachtaí i bhfianaise suaití soláthair. Cruthaítear poist nua sa gheilleagar intíre, lena n-áirítear i gceantair thuaithe.
I gClár an Rialtais gealltar go gcuirfear deireadh leis an timthriall diomailteach den "tóg-déan-úsáid-caith amach", rud a chuirfidh cleachtais inbhuanaithe chun cinn a shíneann saolré táirgí agus a laghdaíonn dramhaíl, agus go dtacófar le fiontair sa gheilleagar ciorclach, lena n-áirítear ionaid deisithe agus athchóirithe.
Tá ról ríthábhachtach ag éifeachtúlacht acmhainní agus neartú úsáide ciorclaí ábhar i ndícharbónú agus in acmhainní nádúrtha, an chomhshaoil agus an tsláinte a chosaint. Tá sé mar aidhm ag an dara Straitéis Uile-Rialtais seo don Gheilleagar Ciorclach na comhthairbhí sin a chur chun cinn.
Sa Straitéis don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028 leagtar béim ar chiorclaíocht mar chuid lárnach d'iomaíochas eacnamaíoch, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus folláine shóisialta na hÉireann—rud a bhogann Éire ó shamhail líneach "tóg-déan-dramhaíl" go córas athghiniúnach, lúbiata ina gcoinnítear ábhair in úsáid chomh fada agus is féidir.
Príomhchuspóirí
Is iad príomhchuspóirí na Straitéise seo ná:
- Ráta úsáide ábhair chiorclaigh (RÚÁC) in Éirinn a ardú: Ráta úsáide ábhair chiorclaigh na hÉireann a mhéadú faoi dhá phointe céatadáin gach bliain, agus é mar aidhm aici 12% a bhaint amach faoi 2030
- Tacú le leathnú eacnamaíoch, agus táirgiúlacht acmhainní á feabhsú agus spleáchas ar ógh-amhábhair á laghdú ag an am céanna
- Iomaíochas agus nuálaíocht a fheabhsú: Seasamh na hÉireann a neartú mar áit lárnach le haghaidh dearadh inbhuanaithe, ard-déantúsaíochta agus samhlacha gnó nuálacha agus ciorclacha, rud a fheabhsóidh iomaíochas i margaí intíre agus onnmhairithe
- Cothromas sóisialta a fheabhsú: A áirithiú go mbeidh tairbhí an aistrithe chiorclaigh comhroinnte go forleathan idir pobail agus oibrithe
- Cumhacht a thabhairt do dhaoine ionas gur féidir leo roghanna stíle maireachtála inbhuanaithe agus cost-éifeachtúla a dhéanamh
- Tacú go gníomhach le húdaráis áitiúla agus tionscnaimh chiorclacha chomhordaithe ar an leibhéal pobail á bhforbairt acu
- Tá Digitiú bunaithe mar áisitheoir an gheilleagair chiorclaigh trí ghnólachtaí ag glacadh uirlisí digiteacha, amhail pasanna táirge digiteacha, inrianaitheacht agus córais barrfheabhsaithe acmhainní
Cúlra
Tá an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022 mar bhonn taca ag aistriú na hÉireann chuig patrún táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe, a choinníonn luach na n-acmhainní sa gheilleagar chomh fada agus is féidir. Ina theannta sin, tá raon dlíthe agus beart Eorpach sa réimse céanna atá mar chuid den dara Straitéis uile-rialtais seo don Gheilleagar Ciorclach.
Áirítear leis an dara Straitéis uile-rialtais seo don Gheilleagar Ciorclach gníomhartha agus spriocanna d'earnálacha sonracha (Tógáil, Talmhaíocht, Miondíol, Pacáistiú, Teicstílí & Trealamh Leictreonach) a spreagfaidh laghduithe ar thomhaltas acmhainní ábhartha chomh maith le méaduithe ar leibhéil deisithe agus athúsáide, agus táirgí agus ábhar in-athúsáidte. Forbraíodh iad sin i gcomhar agus i gcomhoibriú leis na Ranna líne ábhartha.
Sa bhliain 2024, choimisiúnaigh an Roinn 'anailís ar an mbearna chiorclaíochta', chun bonnlíne chiorclaíochta na hÉireann a chinneadh, trí anailís a dhéanamh ar an gcaoi a sreabhann ábhair trí gheilleagar na hÉireann. Léirítear sa Tuarascáil maidir leis an mBearna Chiorclaíochta d'Éirinn gurb ionann ár Méadrach Ciorclaíochta agus 2.7% - rud a chiallaíonn go dtagann breis agus 97% de na hábhair a shreabhann tríd ár ngeilleagar ó óghfhoinsí. Léirítear sa Tuarascáil maidir leis an mBearna Chiorclaíochta freisin, cé go bhfeidhmíonn Éire fós laistigh de shamhail líneach, le loirg arda ábhar agus carbóin, go bhfuil acmhainneacht chlaochlaitheach ag baint le geilleagar ciorclach a chur chun cinn don tír. Léirítear sa Tuarascáil maidir leis an mBearna freisin go gcabhraíonn aistriú chuig sochaí níos ciorclaí le dícharbónú, iomaíochas agus slándáil eacnamaíoch. Bhí an bonn fianaise sin ríthábhachtach i bhforbairt na Straitéise don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028.
Bhí comhairliúchán poiblí ar an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028 ar siúl ón 25 Meán Fómhair go dtí an 5 Samhain 2025. Fuarthas breis agus 120 aighneacht a ndearna an Roinn athbhreithniú cúramach orthu agus atá léirithe a mhéid is mó is féidir i dtéacs deiridh na Straitéise de réir mar is iomchuí.