Óstálann an tAire Ryan an cúigiú Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid
- Foilsithe: 28 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Léirítear sna tásca dearfacha ar an ngníomhú ar son na haeráide go bhfuil athruithe ag tarlú ar fud a lán earnálacha
Tá an cúigiú Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid á óstáil ag Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath, inniu (Dé Céadaoin an 28 Feabhra), ar lena linn atáthar ag leagan amach roinnt de na tásca dearfacha á léiriú go bhfuil cúrsaí ag dul sa treo ceart ar fud raon gníomhartha ar son na haeráide.
Is é atá san Fhóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid ná colún lárnach den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide, arb é clár náisiúnta na hÉireann chun caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus le saoránaigh ar fud na sochaí agus chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú ar son na haeráide é.
Is é an Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid an meán trínar féidir leis na sé thascfhórsa um ghníomhú ar son na haeráide atá ag an rialtas an dul chun cinn atá déanta ina réimse féin a chur in iúl do raon leathan geallsealbhóirí ar fud ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Cuirfear éachtaí suntasacha ar fud na réimsí seo a leanas in iúl:
- Astaíochtaí: Tháinig laghdú 2%, beagnach, ar astaíochtaí sa bhliain 2022. Is é atá i sprioc an chéad bhuiséid carbóin ón rialtas ná laghdú 4.8% a bhaint amach in astaíochtaí gach bliain agus tá an chuma air, bunaithe ar roinnt tásc, go mbeidh sé gar don sprioc sin a bhaint amach nó go mbainfidh sé an sprioc sin amach sa bhliain 2023
- An Leictreachas: Meastar go dtiocfaidh laghdú os cionn 20% ar astaíochtaí leictreachais, agus go dtiocfaidh laghdú os cionn 5% ar astaíochtaí téimh, sa bhliain 2023. Ar an meán, ba leictreachas in-athnuaite é 46.1% den leictreachas a gineadh in Éirinn sa bhliain 2023. Bhí an figiúr sin cothrom le 62.1% i mí na Nollag mar gheall ar na dálaí gaofara
- Foinsí fuinnimh in-athnuaite: Ghin Éire 7.4% níos mó de leictreachas in-athnuaite sa bhliain 2023 i gcomparáid leis an mbliain 2022. Ina theannta sin, imscaradh 1 GW d’fhuinneamh gréine, rud ba leor chun 400,000 teach a chumhachtú – b’ionann é sin agus méadú mór 311% i gcomparáid leis an mbliain 2022
- An tIompar: Sa bhliain 2023, tógadh 308 milliún turas paisinéara ar an iompar poiblí, rud a d’fhág gurbh í an bhliain ba ghnóthaí riamh í – b’ionann é sin agus méadú 25% sa líon paisinéirí i gcomparáid leis an mbliain 2022. Is lasmuigh de chathracha na hÉireann atáthar ag feiceáil na n-athruithe is mó. D’iompair Bus Éireann breis agus 145 mhilliún paisinéir anuraidh – b’ionann é sin agus méadú 20% i gcomparáid leis an mbliain 2022. D’iompair seirbhísí bus Naisc Áitiúil breis agus 3 mhilliún paisinéir sa bhliain 2023 – b’ionann é sin agus méadú mór 78% i gcomparáid leis an mbliain 2022 agus b’ionann é agus méadú faoi sheacht i gcomparáid leis an mbliain 2018
- Teas agus éifeachtúlacht: Baineadh amach an sprioc go gcuirfí 37,000 iarfheistiú i gcrích sa bhliain 2023, ar lena linn a bhain breis agus 47,000 teaghlach leas as deontais rialtais chun a dteach a dhéanamh níos teo agus níos saoire
- Úsáid Talún: Tá trian d’fheirmeoirí (46,000 feirm as thart ar 135,000 feirm) ag glacadh páirt sa scéim ACRES, ar de thoradh uirthi a tháinig laghdú 27% ar úsáid leasachán agus a tháinig méadú níos mó ná dhá oiread ar fheirmeoireacht orgánach ó bhí an bhliain 2021 ann
Pléifear san Fhóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid freisin an feachtas beartaithe nua ón rialtas maidir le Caidreamh agus Cumarsáid um an Aeráid. Meastar go gcuirfear tús leis an bhfeachtas sin faoi dheireadh mhí an Mhárta. Is é a bheidh san fheachtas ná feachtas ó bhun aníos a bheidh dírithe ar dhaoine agus ar phobail agus a mbeidh mar aidhm leis comhrá náisiúnta agus gníomhaíocht áitbhunaithe um an aeráid a chothú.
Tá an fóram á chur ar siúl ar an lá atá an dara Suirbhé uaithi dar teideal ‘Climate Change in the Irish Mind’ á sheoladh ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Léirítear ann go ndeir formhór mór mhuintir na hÉireann (79%) gur cheart an t-athrú aeráide a bheith ina thosaíocht “ard” nó ina thosaíocht “an-ard” de chuid an Rialtais. De bhreis air sin, creideann formhór na ndaoine in Éirinn gur mar gheall ar an ngníomhú ar son na haeráide a sholáthrófar deiseanna chun poist nua a chruthú (56%) agus a sholáthrófar cáilíocht beatha níos fearr (74%).
Ag labhairt dó faoin ócáid, dúirt an tAire Ryan:
"Tá na fóraim geallsealbhóirí seo ina mbealach an-luachmhar chun breac-chuntas a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le hathruithe a dhéanamh ar na córais a theastaíonn ó dhaoine chun obair, chun dul ar scoil, chun a dteach a théamh nó chun taisteal, mar shampla. Is áit mhaith é freisin chun éisteacht agus foghlaim ó raon leathan daoine agus eagraíochtaí faoi na dúshláin a mbíonn siad ag dul i ngleic leo de réir mar a aistrímid chuig todhchaí nua níos glaise.
"Ó thaobh na haeráide de, ceapaim go bhfuilimid in áit measartha maith anseo in Éirinn. Tugtar le fios dúinn sna suirbhéanna ‘Climate Change in the Irish Mind’ ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gurb é atá san aeráid ná rud a thuigeann agus a aithníonn formhór mór na ndaoine in Éirinn, bíodh siad óg nó aosta nó ina gcónaí faoin tuath nó i limistéar uirbeach.
"Is féidir leis na fóraim seo agus leis an bhFeachtas Caidrimh agus Cumarsáide atá le teacht cur leis sin, agus iad ag cabhrú le níos mó daoine a thabhairt isteach sa chomhrá aeráide, ag méadú feasachta agus ag cothú tuiscint níos fearr ar an gcuma is féidir a bheith ar ghníomhú ar son na haeráide ar mhaithe le riachtanais dhifriúla agus le pobail dhifriúla. Ní éireoidh leis an aistriú glas má bhíonn sé deighilteach. Ní éireoidh leis ach amháin má bhíonn sé cóir, má sholáthraítear cáilíocht beatha níos fearr leis agus, rud tábhachtach, más féidir le daoine a fheiceáil go mbíonn meas ar a gcuid tuairimí agus smaointe, agus go leagtar tábhacht ar a gcuid tuairimí agus smaointe, sa phróiseas seo."
Ina theannta sin, beidh aschuir an Fhóraim Náisiúnta Geallsealbhóirí um an Aeráid mar bhonn eolais breise faoi ‘Bhliain an Chaidrimh um Ghníomhú ar son na hAeráide’, ar lena linn a bheifear ag seoladh ócáidí caidrimh ar fud na hÉireann ar fud na bliana.
CRÍOCH