Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€27 milliún chun dlús a chur le haistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach

Inniu, d'fhógair Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, cistiú is fiú breis agus €27 milliún ón gCiste um an nGeilleagar Ciorclach chun tacú le raon leathan tionscnamh a bhfuil mar aidhm leo aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach a chur ar aghaidh.

A bhuí leis an leithdháileadh bliantúil sin, tabharfar de chumhacht d’údaráis áitiúla, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí ar fud na tíre tionscadail nuálacha a chur chun feidhme lena laghdaítear dramhaíl, lena bhfadaítear saolré ábhar agus lena gcuirtear úsáid inbhuanaithe acmhainní chun cinn.

Is ionann geilleagar ciorclach agus samhail lena dtugtar tús áite d’athúsáid, do dheisiú, d’athchúrsáil agus do dhearadh inbhuanaithe — áit a mbogtar ar shiúl ón gcur chuige traidisiúnta 'tóg-déan-diúscair'. Is trí thobhaigh chomhshaoil ar mhálaí plaisteacha, ar líonadh talún agus ar aisghabháil dramhaíola a chistítear an Ciste um an nGeilleagar Ciorclach, agus tá ról ríthábhachtach ag an gCiste maidir le tacú leis an aistriú.

Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt an tAire O'Brien:

"Leis an gcistiú geilleagair chiorclaigh i mbliana, leantar le tionscnaimh a chur ar aghaidh lena bhféachtar ar dhramhaíl ar shlí eile, lena n-athbhunaítear an chothromaíocht comhshaoil agus lena gcosnaítear í, agus lena dtugtar de chumhacht do phobail réitigh aeráide a mhúnlú. Tá bród orainn tacú leis na tionscnaimh seo de réir mar a fhéachaimid le todhchaí níos athléimní a thógáil do chách."

Ag labhairt dó ag an bhfógairt, dúirt an tAire Stáit Dillon:

"Is ionann an cistiú seo agus infheistíocht shuntasach i dtodhchaí inbhuanaithe na hÉireann. Trí thacú le tionscnaimh gheilleagair chiorclaigh, ní hé amháin go mbímid ag laghdú dramhaíola agus ag cosaint ár gcomhshaoil, ach bímid ag cothú na nuálaíochta agus ag cruthú poist ghlasa freisin. Beidh na tionscadail a chisteofar tríd an leithdháileadh seo ina samplaí cumhachtacha den dóigh ar féidir le pobail agus gnólachtaí a bheith ar thús cadhnaíochta na hoibre chun Éire atá níos athléimní agus níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de a thógáil."

Na príomhthionscnaimh ar tacaíodh leo faoin gciste i mblianta roimhe:

  • An Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach: Seoladh an scéim seo sa bhliain 2021, agus tacaítear léi faoi láthair le 13 thionscadal lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna amhail dramhaíl phlaisteach, dramhaíl tógála agus scartála, cosc ar dhramhbhia, agus éifeachtúlacht amhábhar
  • An Clár um an nGeilleagar Ciorclach (2021–2027), atá faoi stiúir ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil: Agus é dírithe ar cheadúnú, ar fhaireachán sonraí agus ar chur chun feidhme, tógtar leis an gclár seo an bonn fianaise le haghaidh beartas agus cleachtas geilleagair chiorclaigh
  • Tionscnamh Frithdhumpála: Ón mbliain 2017 i leith, tá tionscadail áitiúla ghlantacháin agus tionscadail áitiúla um chosc ar dhumpáil á gcistiú faoin Tionscnamh Frithdhumpála. Soláthraíodh 224 thionscadal sa bhliain 2024 amháin, lenar áiríodh bailiúcháin dramhaíola téagartha agus maithiúnais dramhaíola guaisí
  • Líonra Comhshaoil na hÉireann: Comhghuaillíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil a chuireann inbhuanaitheacht chun cinn tríd an oideachas, trí eolaíocht saoránach agus trí fhorbairt beartais
  • Tionscadal an Chiorcail Bia: Leis an tionscadal seo, tacaítear le Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia (2023–2025), agus díriú á leagan ar thabhartais bhia, ar thomhas dramhbhia agus ar an nuálaíocht
  • An Chomhairle Éireannach um Thógáil Ghlas: Is ionann an Chomhairle agus eagraíocht neamhbhrabúis a seoladh sa bhliain 2011 i gcomhar le heagraíochtaí agus gnólachtaí ó gach cuid den slabhra luacha den timpeallacht thógtha. Áirítear leo sin ailtirí, innealtóirí, conraitheoirí, ollscoileanna, institiúidí gairmiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla, cuideachtaí fuinnimh, agus príomhchuideachtaí náisiúnta agus trasnáisiúnta. Is acusan go léir atá sprioc choiteann amháin: dlús a chur leis an obair chun an timpeallacht thógtha a bhunathrú ina timpeallacht inbhuanaithe trí cheannaireacht, trí thaighde agus tríd an oideachas, mar aon le hionchur beartais a sholáthar don rialtas náisiúnta agus don rialtas áitiúil
  • Líonra Acmhainní Pobail Éireann: Is é seo an t-aon líonra athúsáide agus athchúrsála pobail amháin in Éirinn. I dteannta a chomhaltaí, tá cumas aige ról luachmhar uathúil a imirt maidir le tionscnaimh éifeachtúlachta acmhainní agus tionscnaimh gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta araon

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Geilleagar Ciorclach

Foráiltear leis an Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, do Chiste um an nGeilleagar Ciorclach a bhunú in ionad an Chiste Comhshaoil, agus é le bainistiú agus le rialú ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

Ullmhaítear Cuntais an Chiste um an nGeilleagar Ciorclach ar bhonn bliantúil. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais sin agus leagtar faoi bhráid an Oireachtais iad.

Acmhainní

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gciste, téigh chuig suíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.