€5 mhilliún de mhaoiniú breise le haghaidh cosc bruscair agus glantacháin agus Éire ag ullmhú le haghaidh samhradh taobh amuigh
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Léiríonn torthaí 2020 ón gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar go bhfuil bruscar ó thoitíní, bruscar ó phacáistiú, bruscar a bhaineann le bia agus bruscar plaisteach ar na príomhchineálacha bruscair inár gcuid pobal.
Inniu, d’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, €5 mhilliún de mhaoiniú breise le haghaidh bonneagar bruscair agus feachtais feasachta chun daoine a spreagadh lena gcuid bruscair a dhiúscairt go cúramach.
De réir mar atá an geilleagar ag athoscailt, agus Éire ag ullmhú le haghaidh samhradh taobh amuigh, beidh leibhéal i bhfad níos airde de dhaoine ag ithe agus ag teacht le chéile taobh amuigh, agus bhí ar údaráis áitiúla a gcaiteachas ar shaoráidí athchúrsála agus bruscair a mhéadú.
Arsa an tAire Ryan:
“Tá an maoiniú breise seo á chur ar fáil agam le tacú le húdaráis áitiúla le go mbeimid go léir in ann taitneamh a bhaint as an samhradh taobh amuigh, i dtimpeallacht phléisiúrtha. Tabharfaidh an maoiniú seo níos mó saoráidí athchúrsála agus bruscair dúinn chun freastal ar éileamh méadaithe – ach tá sé de fhreagracht orainn féin uile freisin ár gcuid bruscair a ghlanadh suas agus iarracht chomhfhiosach a dhéanamh gan aon lorg a fhágáil inár ndiaidh.”
Tá iarrtha ag an Aire go ndéanfaí mapáil láithreach ar bhonneagar na mboscaí bruscair d’fhonn na háiteanna is fearr a aimsiú le boscaí bruscair úra a lonnú agus lena dhéanamh amach cé na háiteanna a bheadh oiriúnach le haghaidh boscaí bruscair griandhlúthaithe. Beidh an tAire Ryan ag féachaint, freisin, le freagairtí na n-údarás áitiúil ar cheist an bhruscair a chomhoiriúnú agus chun an soláthar ábhar a lárnú le go mbeidh piocairí bruscair, miotóga, málaí bruscar madraí agus boscaí bruscair ar ardchaighdeán ar fáil. Is é an aidhm a bheidh ann costais a laghdú, dúbailt iarrachtaí a laghdú agus caighdeán táirge a chomhoiriúnú.
Mar aon leis an €5 mhilliún de mhaoiniú breise do na hÚdaráis Áitiúla le haghaidh bonneagar bruscair, dhearbhaigh an tAire inniu go gcuirfear €3 mhilliún de mhaoiniú breise ar fáil d’údaráis áitiúla le tacú le Tionscnamh Frith-Dhumpála 2021, a thacaigh, ó tugadh isteach in 2017 é, le soláthar breis agus 300 tionscadal, cuid mhaith acu a raibh baint ag grúpaí pobail áitiúla leo agus arbh é ba thoradh leo gur glanadh breis agus 10,000 tonna de dhramhaíl a dumpáladh go mídhleathach ón tírdhreach againn.
Tá maoiniú de €225,000 faofa ag an Aire chomh maith do An Taisce le tacú le clár sínte Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh, 2021, a shínfear trí mhíonna an tsamhraidh i mbliana mar gheall ar an tionchar a bhí ag cúrsaí Covid ar a gclár ama traidisiúnta.
Tá comhaontaithe ag baill de Chumann Bainistithe Dramhaíola na hÉireann i ngach contae go mbeidh siad ag comhoibriú leis an RCAC d’fhonn tograí a fhorbairt a chuideoidh leis an nglantachán bruscair i bpobail áitiúla. Cuirfidh sé seo le hiarrachtaí reatha atá pobail áitiúla a dhéanamh le dul i ngleic le fadhb an bhruscair agus is scéal iontach dearfach ar fad é. Breithneoidh RCAC freisin ar an tacaíocht forfheidhmithe bhreise a bhféadfaí dul ina muinín, pé acu is tacaíocht reachtaíochta nó tacaíocht airgeadais a bheadh ann.
Is inniu freisin a fhoilsítear torthaí 2020 ón gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar. Soláthraítear sonraíocht staidrimh thábhachtach dúinn le Torthaí an Chórais Monatóireachta i dtaca le méid, cúiseanna agus comhdhéanamh an bhruscair in Éirinn.
Agus é ag fógairt fhoilsiú Thorthaí 2020, thug an tAire Ryan aitheantas don ról a bhí ag údaráis áitiúla agus ag pobail maidir le bheith ag dul i ngleic le dúshláin bruscair na hÉireann agus rinne sé tagairt do thograí úra le cur i gcoinne an bhruscair.
Arsa an tAire Ryan:
“Léiríonn na torthaí, in ainneoin méadú ar thuairiscí faoi bhruscar agus dumpáil mhídhleathach le linn na dianghlasála Covid, gur tháinig feabhsú ar an scéal ar an talamh le linn 2020. Caithfimid a chinntiú go dtarlóidh an rud céanna arís in 2021. Tháinig borradh faoi líon na ndaoine a dheonaigh a gcuid ama in 2020 lena sciar féin a dhéanamh le go mbeadh a bpobal féin saor ó bhruscar agus ba cheart dúinn an aird chuí a bheith againn ar a gcuid iarrachtaí. Tá mise meáite ar aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don spiorad pobail seo agus leanfaidh mé de bheith ag treorú infheistíochta i dtreo clár a chuireann i gcoinne an bhruscair agus na dumpála mídhleathaí ar bhonn comhoibritheach.”
Cé gur ó phobail agus ó bhaill foirne sna húdaráis áitiúla a tháinig réitigh ar fhadhb an bhruscair ar bhonn áitiúil, léiríodh dúinn in 2020 gur ó fhoinsí áitiúla a d’eascair sciar suntasach den fhadhb. Agus srianta taistil i bhfeidhm, ní fiú dúinn a bheith ag samhlú gur strainséirí as baile isteach is cúis leis an dumpáil mhídhleathach ar fad.
Tá RCAC ag leanúint de bheith ag cur chun cinn agus ag tacú le roinnt clár múscailte feasachta comhshaoil, lena n-áirítear Clár na Scoileanna Glasa, atá dírithe ar oideachas a chur ar ár gcuid daoine óga faoi gach gné den timpeallacht agus an Scéim Deontas um Fheasacht Frithbhruscair agus Frithghraifítí (ALAGS) trína soláthraítear maoiniú d’údaráis áitiúla le tacú le grúpaí pobail agus le daoine a chur ar an eolas faoi cheisteanna bruscair. Gheobhaidh ALAGS thart ar €745,000 in 2021.
Aibhsíonn na figiúirí maidir le comhdhéanamh láithreacht choibhneasta an bhruscair a bhaineann le toitíní, pacáistiú, bia agus plaisteach. Is earraí iad seo a bhfuil tionscnaimh ag baint leo mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann. Ba cheart freisin go mbeadh tionchar suntasach ag tabhairt isteach na Scéime Éarlaise agus Áisíoca. Déanfar monatóireacht ar an treocht sa réimse seo i dtuairiscí amach anseo.
Go hachomair, is é a léiríonn torthaí 2020 ón gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar:
- Tháinig méadú suntasach ar chéatadán na limistéar neamhthruaillithe (LPI 1) ó 17.3% in 2019 go 23.2% in 2020 agus, nuair a chuirtear le chéile iad, tháinig méadú de 1.5% ar chéatadán na limistéar neamhthruaillithe (LPI 1) agus na limistéar ar bheagán truaillithe (LPI 2) le chéile thar an tréimhse céanna, rud a léiríonn dul chun cinn i dtaca le leibhéil an truaillithe bruscair ó 2019 go 2020.
- B’ionann na príomheilimintí a chomhdhéanann an truailliú bruscair ar bhonn náisiúnta in 2020 agus bruscar a bhaineann le toitíní (46.5%), pacáistiú (21.9%), bruscar a bhaineann le bia (11%) agus bruscar a bhaineann le milseáin (9.5%)
- Sainaithníodh na nithe seo a leanas ina bpríomhthosca cúisíocha de chuid an truaillithe bruscair: coisithe a bhí ag dul thar bráid (40.6%), tiománaithe a bhí ag dul thar bráid (23.7%), ionaid mhiondíola (8.7%), áiteanna tionóil (5.3%) agus láithreacha fóillíochta/siamsaíochta (4.1%)
Beidh torthaí 2020 an Chórais Monatóireachta ina n-iomláine ar fáil ar www.litter.ie
Nótaí don Eagarthóir
Cheap RCAC Tobin Consulting Engineers mar Fhoras Monatóireachta Bruscair i mí na Bealtaine 2019 chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú leanúnach an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, a cuireadh ar bun in 1999, agus chun údaráis áitiúla a chomhordú i dtaca le cur i bhfeidhm an chórais. Gineann an Córas Náisiúnta Monatóireachta, trí shuirbhéanna údaráis áitiúil (breis agus 5,000 in 2020) sonraí iontaofa a chuireann ar chumas gach údaráis áitiúil tomhas cruinn a dhéanamh, thar am, ar athruithe ar mhéid agus comhdhéanamh an truaillithe bruscair sna limistéir ina bhfeidhmíonn siad, rud a éascaíonn pleanáil bainistithe bruscair níos éifeachtaí.
Go bunúsach, tugann an córas ar údaráis áitiúla:
- foinsí féideartha an bhruscair sna limistéir ina bhfeidhmíonn siad a shainaithint / a mhapáil
- na sonraí seo a úsáid chun áiteanna ón suirbhé a shainaithint d’fhonn comhdhéanamh agus méid an truaillithe bruscair ina gceantar féin a dhéanamh amach
- sraith suirbhéanna a dhéanamh ar bhonn bliantúil, ionas gur féidir na torthaí a chur i gcomparáid leis an “tagarmharc” agus/nó le torthaí shuirbhé na bliana roimhe sin chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le bheith ag dul i ngleic le bruscar, agus na foirmeacha suirbhé iomchuí a chomhlánú lena gcur ar ais chuig an Fhoras Monatóireachta Bruscair le haghaidh anailíse / measúnaithe
Is é a dhéanann an Foras Monatóireachta Bruscair, tar éis dóibh an tsonraíocht suirbhé a fháil ó na húdaráis áitiúla:
- Tuairiscíonn a measúnú ar an tsonraíocht suirbhé ar ais do gach údarás áitiúil
- Tiomsaíonn na torthaí suirbhé ina léargas ginearálta náisiúnta agus cuireann faoi bhráid na Roinne é
Tá dhá chineál suirbhé ann a dhéanann na húdaráis áitiúla:
- Suirbhéanna Truaillithe Bruscair d’fhonn méid agus donas an truaillithe bruscair a dhéanamh amach
- Suirbhéanna Cainníochtaithe Bruscair d’fhonn comhdhéanamh (cineál agus foinse) an truaillithe bruscair is leitheadaí in aon limistéar faoi leith a dhéanamh amach
Sainaithnítear leis an suirbhé cainníochtaithe bruscair naoi gcatagóir ghinearálta de bhruscar:
- bruscar a bhaineann le toitíní
- bruscar pacáistithe
- bruscar a bhaineann le bia
- bruscar a bhaineann le milseáin
- bruscar páipéir
- bruscar plaisteach (nach pacáistiú é amhail sceanra plaisteach, bréagáin)
- bruscar dochrach (salachar madraí, clúidíní, snáthaidí, steallairí)
- mór-earraí bruscair (fearais tí, baill troscáin)
- bruscar éagsúil (rudaí nach dtiteann isteach sna catagóirí eile amhail sreangán, éadaí, fabraicí)
Chuir na chéad suirbhéanna a rinneadh in 2000/2001 ar chumas na n-údarás áitiúil measúnuithe “tagarmhairc” a bhunú i dtaca le méid agus comhdhéanamh an truaillithe bruscair sna limistéir ina bhfeidhmíonn siad agus is féidir dul chun cinn a thomhas ó shin i leith trí chomparáid a dhéanamh idir torthaí na suirbhéanna bliantúla agus na suirbhéanna tagarmhairc seo. Cuireann an anailís ar shonraíocht suirbhé ar chumas na n-údarás áitiúil measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht a gcuid straitéisí bainistithe bruscair ar bhonn leanúnach.
Cuireann an tsonraíocht a ghintear trí shuirbhéanna an Chórais Náisiúnta Monatóireachta ar chumas údarás áitiúil na nithe seo a leanas a shainaithint:
- méid agus donas an truaillithe bruscair sa limistéar ina bhfeidhmíonn siad
- cineál, foinse is dóchúla agus cúis is dóchúla an bhruscair
- athruithe ar leibhéil bruscair ó áit go háit agus thar am
- mar a bhfuil na suíomhanna is measa ó thaobh bruscair de
- an tionchar a bhíonn ag bearta frithbhruscair
Is uirlis bainistithe comhshaoil é an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar a chuireann ar chumas údarás áitiúil dul i ngleic níos éifeachtaí leis an mbruscar, trí chreat a sholáthar dóibh le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach cruinn.