Seoladh ciste réamhthógála €5 milliún chun tionscadail téimh ceantair a ghéarú in Éirinn
- Foilsithe: 11 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Samhain 2025
Osclaítear Léiriú Spéise ag an rialtas chun tacú le forbairt luathchéime na líonraí téimh ceantair éifeachtacha
Is teicneolaíocht ríthábhachtach é téamh ceantair chun cabhrú le hÉirinn a huaillmhianta aeráide a bhaint amach, agus lenár slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú ag an am céanna. Is príomhchuspóir don Rialtas faoi Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide é soláthar téimh ceantair ar scála, go háirithe i gceantair ina bhfuil daonra dlús le foinsí téimh réamhdhéanta suite in aice láimhe. Tugadh tacaíocht airgeadais ón Rialtas d’fhorbairt líonraí téimh in Éirinn trí mheán an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.
D’fhaomhaigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien leithdháileadh €5 milliún chun tacú le costais réamhthógála do thionscadail téimh ceantair éifeachtacha in Éirinn, ag teacht le moltaí Thuarascáil an Ghrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do théamh ceantair. Tiocfaidh an cistiúchán ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide agus riarfar é ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Trí mheán shuíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), glacfar le Léiriú Spéise (LS) don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ó pháirtithe leasmhara le measúnú don chiste.
Tá tacaíocht do na costais réamhthógála á húsáid mar chiste píolótach chun an bhearna a shárú do thionscadail téimh ceantair go dtí go bhfuil cistiúchán caipitil suntasach i bhfeidhm, agus chun a chinntiú go bhfuil tionscadail téimh ceantair éifeachtacha in ann leas a bhaint as an gcistiúchán amach anseo.
Trí mheán an chiste díreofar ar an margadh téimh ceantair a fhás agus na teipeanna margaidh sna luathchéimeanna forbartha atá ann i ndíchárbónú téimh in Éirinn a shárú. Mar thoradh ar an tacaíocht sin, tabharfar an tionscal ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cuirfear taca faoi fhorbairt líonraí téimh ceantair amach anseo.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Tá áthas orm an dul chun cinn tapa a fheiceáil agus tús a chur leis an gciste seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ionad Sármhaitheasa um Théamh Ceantair de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann as a gcuid tacaíochta agus a gcuid cabhrach agus an leithdháileadh seo a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.
"Sular tháinig an fógra amach agus ón am sin, thug mé faoi deara go bhfuil dul chun cinn i ndán don tionscal seo. Táim ag tnúth go mór le dul chun cinn an tionscail seo a fheiceáil, agus léiríonn an ciste tosaigh seo an chéad chéim ar an mbealach sin. Beidh bunú cistiúcháin Stáit amach anseo ina chéad chéim eile chun tacú le tógáil iomlán tionscadal téimh ceantair éifeachtach sna blianta amach romhainn."
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Feidhmíonn an téamh ceantair go maith i dtíortha eile agus tá cumas ollmhór dó anseo in Éirinn. Is cuid ríthábhachtach é d’ár bplean foriomlán chun imeacht ó bhreoslaí iontaise – i dtreo bealaí níos slándála, inbhuanaithe chun ár dtithe agus foirgnimh eile a théamh. Ar mhaithe le tús ceart a thabhairt don tionscal, ní mór dúinn cabhair a thairiscint do na costais socrúcháin agus sin an chúis a dearadh an ciste réamhthógála. Táimid in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, chun cumas iomlán téimh ceantair in Éirinn a bhaint amach."
An chaoi chun do Léiriú Spéise a chlárú
Is féidir teacht ar shonraí faoin gcaoi chun do léiriú spéise a chlárú chun rochtain a dhéanamh ar an gciste seo ar shuíomh gréasáin SEAI.
Ní rachaidh ach iarrthóirí a chláraíonn ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den chiste.
Glacfar le léirithe spéise go dtí an 12 Nollaig 2025. Ba cheart d’iarrthóirí a bheith ag súil le teagmháil faoi Fheabhra 2026 i dtaca lena n-aighneacht.
Cé atá incháilithe?
Beidh Urraitheoirí Tionscadail atá ag iarraidh tionscail téimh ceantair éifeachtacha a fhorbairt in Éirinn mar sprioclucht spéise an chiste. Tá an ciste ar fáil do gach iarrthóir ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a chomhlíonann an critéir agus atá ina (h)eintiteas dlíthiúil (amhail cuideachtaí nó eagraíochtaí), mar ní féidir le daoine aonair cur isteach ar an gciste.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tacaíocht amach anseo ón rialtas
Bunaíodh an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra (ICNF) mar chuid de Bhuiséad 2025 chun ioncam tobann cánach a bhainistiú agus chun maoiniú a thabhairt don aistriú aeráide trí thionscadail ainmnithe a thacú idir 2026 agus 2030. Tá leithdháileadh €500 milliún don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil faoin ICNF, sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe (2026–2030), dírithe ar margaí nua a fhorbairt chun éagsúlú agus dícharbónú earnáil fuinnimh na hÉireann a ghéarú.
Thar an tréimhse cúig bliana cistiúcháin, cuirfear na príomhghnéithe cnámh droma ar fáil leis na hinfheistíochtaí i mbonneagar luathchéime do Mhargadh Náisiúnta Téimh Ceantair roimh dheireadh na deich mbliana seo. Dícharbónóidh siad seo soláthar teasa do chustaiméirí móra sa ghearrthéarma agus, le hinfheistíochtaí ina dhiaidh sin, cuirfidh sé ar chumas spriocanna níos lú teasa a bhaint amach sa mheántéarma agus sa tréimhse níos faide amach. Cuirfidh forbairt an bhonneagair chroí seo faoi 2030 laghdú ar astaíochtaí teasa ó na foirgnimh nasctha sa deich mbliana seo. Cuirfidh sé ar chumas i bhfad níos mó saoránach, gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí a dtithe agus a bhfoirgnimh a dhícharbónú sna 2030idí agus ina dhiaidh sin.
An Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Bunaíodh An Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide in 2020 ar bhonn reachtúla chun tacú le tionscadail, tionscnaimh agus taighde lena gcuirtear le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Trí mheán an chiste tacaítear le tionscadail agus le tionscnaimh i gceantair an Stáit chomh maith, agus laistigh d’earnálacha an gheilleagair, ar a bhfuil tionchar ag an aistriú go geilleagar ísealcharbóin. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste go príomha ó fháltais ón tobhach a íocadh don Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i dtaca le diúscairtí ábhartha táirgí peitriliam, i ndiaidh do cheanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.