Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

81 Abhainn oscailte do Shlatiascaireacht Bradán in 2022

  • Caomhnú Ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin Chomhshaoil, Aeráide agus Dhaonna atá roimh Stoic

Tá reachtaíocht ceadaithe ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, a rialóidh iascaigh na mbradán fiáin agus na mbreac geal in 2022. Tiocfaidh siad seo i bhfeidhm ón Satharn, an 1 Eanáir 2022.

Dúirt an tAire Ryan:

"Beidh 81 abhainn ar fáil le haghaidh iascaireacht bradán agus breac geal in 2022. Fágfaidh sé sin go mbeifear in ann an acmhainn nádúrtha thábhachtach seo a bhainistiú go cúramach, áit a bhfuil caomhnú fíorthábhachtach. Beidh 45 cheann de na haibhneacha oscailte go hiomlán, agus beidh 36 cheann eile ar fáil ar bhonn 'gabháil agus caitheamh amach arís'. Ní féidir feabhsuithe ar stoic a bhaint amach ach amháin agus muid ag obair i gcomhar lena chéile le himeacht ama agus muid ag brath go hiomlán ar gach duine ár n-iarrachtaí caomhnaithe a athdhúbláil i bhfianaise thionchair chomhshaoil, aeráide agus dhaonna."

Fuair an tAire Ryan comhairle bainistíochta ó Iascaigh Intíre Éireann chun bonn eolais a chur faoin reachtaíocht do 2022. Fuair sé comhairle maidir le breis agus 140 stoc bradán fiáin aonair géiniteach in Éirinn, a fuair tacaíocht ó mheasúnuithe eolaíochta aonair. Rinne an Sainghrúpa Teicniúil ar Bhradáin na measúnuithe (TEGOS) – grúpa eolaíoch neamhspleách uile-oileáin ar a raibh saineolaithe ó réimse comhlachtaí.

Cuireadh an chomhairle seo ar fáil freisin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil. Fuarthas 100 aighneacht i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis seo.

Is í an chomhairle bhainistíochta, bunaithe ar mheasúnú TEGOS ar aibhneacha/inbhir/cuanta:

  • 45 abhainn le hoscailt, toisc gur aithníodh barrachas iasc sna haibhneacha seo
  • 36 abhainn le rangú mar aibhneacha atá oscailte le haghaidh slatiascaireacht "gabháil agus caitheamh amach arís"
  • 66 abhainn le dúnadh, toisc nach bhfuil aon bharrachas iasc ann

Dúirt an tAire Ryan chomh maith:

"Aithnítear Éire go hidirnáisiúnta toisc go dtugaimid tús áite don riachtanas caomhnaithe mar rud atá bunúsach dár n-iarrachtaí bainistíochta bradán. Mar sin féin, ghlacamar lenár mbeartas caomhnaithe reatha breis is deich mbliana ó shin. Creidim go bhfuil an t-am tagtha chun an beartas seo a athbhreithniú agus a fheabhsú. Dá bhrí sin, tá sé i gceist agam dhá pháipéar beartais ar bhradáin a fhoilsiú go luath le haghaidh comhairliúcháin. Fiosrófar roghanna nua maidir le bainistiú bradán le caomhnú sa chéad cheann díobh sin, agus modhanna feabhsaithe a bheith mar phríomhfhócas ann.

"Leanann tionchair chomhshaoil, aeráide agus dhaonna de bhradáin agus speicis eile a chur i mbaol. Táim diongbháilte go n-ardóimid feasacht ar na dúshláin seo go léir. Forbróimid beartas chun a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh ár ndíchill in Éirinn, agus chomh fada agus is féidir linn trí chomhoibriú idirnáisiúnta, chun teacht aniar ár mbradán a fheabhsú."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is féidir teacht ar na fodhlíthe um Iascach Intíre 2021 anseo.

  • Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú) I.R. Uimh. 729 de 2021

Déanann na Rialacháin seo foráil do na cuótaí éisc is féidir innill iascaireachta tráchtála a ghabháil agus a shlat agus a dhorú ó na haibhneacha sainaitheanta i Sceideal 2. Foráiltear leis na Rialacháin freisin úsáid clibeanna donna in aibhneacha sonraithe (barrachas íseal) a shainaithnítear i Sceideal 4.

  • Fodhlí Slatiascaireachta Uimh. 989 de 2021

Cuireann an fodhlí seo cosc ar úsáid duáin éisc, seachas duáin aonair nó dúbailte gan frídín. Cuirtear cosc freisin ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite i slatiascaireacht do gach speiceas éisc sna huiscí a shonraítear san Fhodhlí. Déantar é seo chun úsáid duán agus baoite a sheachaint nach gcuidíonn le marthanas éisc agus chun a áirithiú nach gcuirfear frustrachas ar chuspóir na hiascaireachta G agus C.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil agus Caitheamh Amach Arís) Uimh. 990 de 2021

Foráiltear leis an bhFodhlí seo gabháil agus caitheamh amach arís i ndáil le bradáin agus bric gheala (os cionn 40cm) in aibhneacha a chomhlíonann 50% ar a laghad dá dTeorainn Chaomhantais mar a luaitear san Fhodhlí. Foráiltear leis an bhFodhlí an úsáid de dhuáin aonair nó dhúbailte gan frídín. Cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite i slatiascaireacht bradán agus breac geal os cionn 40cm freisin.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (an tSiúir) Uimh. 991 de 2021

Foráiltear leis an bhFodhlí seo gabháil agus caitheamh amach arís i slatiascaireacht bradán (méid ar bith) agus breac geal (os cionn 40cm) sa tSiúir (lena n-áirítear uiscí Clodiagh, an Loinneáin agus na hAbhann Duibhe). Cuirtear cosc freisin ar phéisteanna, cloicheán, séaclaí nó aon chrústach, nó foirmeacha saorga eile díobh a úsáid, mar bhaoite agus mar aon duán éisc seachas duáin aonair nó dhúbailte gan frídín le linn na tréimhse an 17 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (an tSláine) Uimh. 992 de 2021

Foráiltear leis an bhFodhlí seo gabháil agus caitheamh amach arís i slatiascaireacht bradán (méid ar bith) agus breac geal (os cionn 40cm) sa tSláine agus cuirtear cosc freisin ar phéisteanna, cloicheán, séaclaí nó aon chrústach nó foirm saorga eile a fhéadfar úsáid mar bhaoite agus mar aon duáin éisc seachas duáin aonair nó dhúbailte gan frídín.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Breac Geal Uimh. 993 de 2021

Foráiltear leis an bhFodhlí seo gabháil cheadaithe laethúil de thrí bhreac gheala (níos lú ná 40cm ar fhad) agus déantar foráil ann maidir le duáin aonair nó dhúbailte gan frídín a úsáid. Cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe breac geal.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil Cheadaithe) Uimh. 994 de 2021

Foráiltear leis an bhFodhlí seo gabháil cheadaithe bhliantúil de 10 n-iasc, eadhon bradán nó breac geal (os cionn 40cm), in aghaidh an tslatiascaire agus foráiltear gabháil cheadaithe in aghaidh an tséasúir de thrí iasc sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 11 Bealtaine, gabháil cheadaithe laethúil de thrí iasc ón 12 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa agus gabháil cheadaithe laethúil d'iasc amháin ón 1 Meán Fómhair go dtí deireadh an tséasúir. Foráiltear leis an bhFodhlí freisin úsáid duáin aonair nó dúbailte gan frídín. Cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe iasc sna tréimhsí sonraithe.

  • An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Aibhneacha Dúnta) Uimh. C.S. 332 de 2021

Cuireann an Fodhlí seo cosc ar thógáil bradán ná breac geal (os cionn 40cm), nó iarracht a dhéanamh iad a thógáil, le slat agus dorú sna haibhneacha a shonraítear san Fhodhlí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat