Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Rialtas chun taighde a dhéanamh ar an bpoitéinseal agus na tionchair atá le seachtain oibre ceithre lá

Tá rún ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta moltaí a lorg ón bpobal taighde ar na himpleachtaí sóisialta, geilleagracha agus comhshaoil atá le laghdú ar am oibre.

Rinneadh taighde cosúil leis sin i ndlínsí eile le plé a dhéanamh ar an tionchar, mar shampla, a bheadh ag bogadh go seachtain ceithre lá ar na rudaí a leanas:

  • astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú timpeallachta agus ídiú áise/ fuinnimh
  • tionchair mhaicreacnamaíocha, leibhéil fostaíochta, iomaíochas gnólachtaí agus táirgiúlacht foirne
  • neamh-chomhionannas inscne, folláine foirne agus sástacht poist

Sa taighde nua seo beidh deis ann tabhairt faoi na tionchair seo i sainchomhthéacs gheilleagar na hÉireann.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar agus Fostaíochta Leo Varadkar:

“De bharr phaindéim COVID-19 b’éigean dúinn athsmaoineamh agus athluacháil a dhéanamh ar an mbealach a n-oibrímid. Léiríodh gur féidir le líon ollmhór daoine a bheith chomh táirgiúil agus iad ag obair sa bhaile in áit dualgas a bheith orthu teacht isteach san oifig gach lá agus cuireadh dlús leis an mbogadh i dtreo uaireanta oibre níos solúbtha agus níos teaghlach-chairdiúla.

"Tá sé róluath a rá an oibreodh seachtain oibre ceithre lá in Éirinn. Tá an smaoineamh uaillmhianach, na torthaí céanna agus an táirgiúlacht chéanna a bhaint amach, ar an bpá céanna agus 20% níos lú uaireanta oibrithe. Feicim an dóigh a bhféadfadh sin oibriú do roinnt ról ach is deacair a fheiceáil cén dóigh a n-oibreodh sé i gcinn eile go háirithe i sláinte, oideachas agus déantúsaíocht mar shampla. Ach ní mór dúinn intinn oscailte a choinneáil maidir le nuálaíochtaí i saol na hoibre. Smaointe amhail saoire bhliantúil, saoire mháithreachais agus saoire atharthachta agus fleisc-am measadh in am amháin go raibh siad radacach agus anois is gnáthrud iad. Sa taighde seo atá á choimisiúnú ag an rialtas tabharfar i bhfad níos mó tuisceana dúinn ar phoitéinseal an smaoinimh seo agus sin é an fáth ar thoiligh an roinn comhurraíocht a dhéanamh air."

Dúirt an tAire Comhshaoil Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD:

“Agus muid ag téarnamh ó phaindéim COVID-19, tá seans againn ár saol oibre a fheabhsú agus a athshamhailt ar bhealach a ndéantar sochar do dhaoine agus don timpeallacht. Chonaiceamar chomh solúbtha agus is féidir le daoine a bheith fiú i gcúinsí deacra, agus ba mhaith linn a fháil amach faoin dóigh a dtig linn cuid den dul chun cinn a choinneáil atá déanta maidir le níos lú comaitéireachta agus níos mó ama teaghlaigh. D’fhéadfadh seachtain ceithre lá cabhrú linn astaíochtaí carbóin agus truailliú aeir a ghearradh, an chothromaíocht idir obair agus saol daoine a fheabhsú agus tacú le comhionannas inscne. Ní mór dúinn breathnú ar an bpoitéinseal agus na tionchair atá le hathrú dá leithéid a mheas, agus cabhróidh an taighde seo linn sin a oibriú amach."

Cuirfear suas le €150,000 ar fáil le tacú leis an taighde seo.

Osclóidh an dá roinn an glaoch go foirmiúil ar 1 Iúil agus ag an am sin soláthrófar na critéir luachála uile, Téarmaí agus Coinníollacha.

Meastar go bhfanfaidh an glaoch oscailte do Thograí go dtí 15 Iúil 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat