Aontaíonn an Rialtas rialacháin nua maidir le breoslaí soladacha
- Foilsithe: 14 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Tá príomhfhócas na ndréacht-rialachán ar dhíolachán tráchtála ar mhórscála breoslaí toitithe, lena n-áirítear gual toiteach, móin agus adhmad fliuch. Tá sé cruthaithe go gcuireann na breoslaí seo go mór le truailliú aeir in Éirinn.
Faoi na rialacháin beidh feidhm ag na caighdeáin sláinte nua seo a leanas maidir le breoslaí soladacha ón 31 Deireadh Fómhair i mbliana.
- Ní mór go mbeadh ráta astaithe deataigh níos lú ná 10g/uair an chloig ag táirgí guail agus breoslaí soladacha monaraithe
- Ní mór go mbeadh ráta astaithe deataigh níos lú ná 5g/uair ag táirgí monaraithe páirt-bhithmhaise
- Ní mór go mbeadh cion sulfair níos lú ná 2% de réir meáchain ar bhonn tirim saor ó luaith ag táirgí guail agus breoslaí soladacha monaraithe, lena n-áirítear táirgí monaraithe páirt-bhithmhaise. Faoi réir measúnú margaidh, laghdófar an teorainn seo go 1% le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2025
- Ceanglófar ar tháirgí bithmhaise 100%, táirgí adhmaid agus lomáin adhmaid, soláthairtí in aonaid faoi 2m³, cion taise 25% nó níos lú a bheith acu (ag bogadh go 20% le héifeacht ó 1 Meán Fómhair 2025). Beidh ar lomáin adhmaid a dhíoltar i méideanna níos mó teacht le treoracha don cheannaitheoir ar conas an t-adhmad seo a thriomú
(Féach an mhír Nótaí don Eagarthóir chun míniú a fháil ar na cineálacha breosla dá dtagraítear thuas).
I gcás daoine atá ag lorg rogha eile atá níos glaine agus níos cost-éifeachtaí seachas gual toiteach, tá gual ísealtoiteach ar fáil go forleathan cheana féin.
Móinchearta
Ní dhéanfaidh na dréacht-rialacháin seo difear do dhaoine a bhfuil móincheart acu ná do gach gnáthchleachtas eile maidir le móin. Leanfaidh siad de bheith in ann móin a bhaint dá n-úsáid féin agus coimeádfaidh siad an acmhainn le móin a bhronnadh nó a dhíol. Mar sin féin, ní féidir móin a dhíol ar an idirlíon nó trí mheáin eile (i.e. fógraíocht sna nuachtáin áitiúla), nó ó áitribh mhiondíola.
Tionchair sláinte de bharr droch-chaighdeán an aeir
Tá droch-chaighdeán an aeir ina phríomhchúis le básanna roimh am. Faigheann thart ar 1,300 duine bás gach bliain mar gheall ar ábhar cáithníneach mín, a bhaineann go príomha le breosla soladach baile a dhó. Bealach aitheanta chun aghaidh a thabhairt ar seo is ea an rialáil ar bhreosla soladach. Léiríonn taighde go raibh thart ar 350 níos lú bás in aghaidh na bliana mar thoradh ar an "cosc ar ghual toiteach" a tugadh isteach i mBaile Átha Cliath i 1990, rud a laghdaigh básmhaireacht chardashoithíoch, cheirbreach-soithíoch agus riospráide sa daonra i gcoitinne.
I measc na bpríomh-iarmhairtí sláinte a bhaineann le truailliú aeir tá stróc, galar croí, ailse scamhóg, agus galair riospráide ainsealacha agus ghéarmhíochaine, lena n-áirítear asma. Féadfaidh breoiteacht agus drochshláinte a bheith mar thoradh ar na riochtaí seo, chomh maith le básmhaireacht roimh am. Tá ábhar cáithníneach mín (PM 2.5) – an truailleán is mó imní ó bhreosla soladach baile a dhó in Éirinn – nasctha le galar riospráide, galar cardashoithíoch, néaltrú agus tionchair ar an néarchóras lárnach agus ar an gcóras atáirgthe.
Forbraíodh na rialacháin seo tar éis dianobair a dhéanamh le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí a mheall níos mó ná 3,500 freagra, agus leibhéil shuntasacha caidrimh le geallsealbhóirí. Is freagairt chomhréireach iad ar na tionchair sláinte a bhaineann leis na breoslaí soladacha is mó truaillithe a dhó.
Is é glanéifeacht na n-athruithe seo ná go mbeidh an "cosc ar ghual toiteach" a tugadh isteach den chéad uair i mBaile Átha Cliath 30 bliain ó shin, i bhfeidhm anois ar fud na tíre, agus go mbeidh aer i bhfad níos glaine ann do chách dá bharr. Cé gur athrú a bheidh ann dóibh siúd a d’úsáid gual toiteach go dtí seo, tá éagsúlacht de tháirgí nach bhfuil chomh díobhálach céanna – mar ghual ar dheatach íseal (ubhchruthóidigh) – ar fáil atá níos glaine agus níos cost-éifeachtaí
Iarmhairt shuntasach eile is ea nach mbeidh rochtain ar mhóin trí ionaid miondíola agus tríd an idirlíon indéanta a thuilleadh, agus beidh adhmad a cheannaíonn siad chun críocha téimh baile níos tirime agus níos glaine le dó dá bharr.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Amlínte
Anois go bhfuil rialacháin comhaontaithe ag an Rialtas cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh iad faoi nós imeachta fógartha na Treorach um Chaighdeáin Theicniúla (2015/1535). Is é cuspóir an nós imeachta seo deis a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla nua a scrúdú ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de. Is próiseas 3 mhí é seo, agus ina dhiaidh sin tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair. Le linn na tréimhse seo beimid ag plé go forleathan leis an tionscal agus le miondíoltóirí chun an treoir agus an t-eolas atá riachtanach a sholáthar dóibh chun a chinntiú go gcomhlíonann an breosla soladach uile a chuirtear ar mhargadh na hÉireann na caighdeáin a éilíonn na rialacháin nua ón 31 Deireadh Fómhair.
Tionchair Shláinte na mBreoslaí Soladacha
Is ábhar mór imní é cáilíocht an aeir ar leibhéal domhanda agus meastar gurb é an riosca comhshaoil is suntasaí do shláinte an duine. Ó na 1990idí, léirigh taighde leighis naisc idir truailliú aeir agus tionchair ghearrthéarmacha agus fadtéarmacha ar an tsláinte, lena n-áirítear tinneas cinn, deacracht análaithe, greannú súl, agus géarú riochtaí riospráide agus leibhéil mhéadaithe strócanna, ailse, agus galair riospráide agus cardashoithíoch.
Léiríonn tuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Cáilíocht Aeir san Eoraip 2020 go raibh 1,410 bás roimh am in 2018 mar gheall ar thruailliú aeir in Éirinn. Bhí formhór mór díobh seo (1,300) ag baint le hábhar cáithníneach mín (PM2.5). Léiríonn an tuarascáil chéanna 16,200 Bliain den Saol Caillte, rud a léiríonn básmhaireacht i bhfad níos luaithe do na básanna sin.
Cad é PM2.5 agus cad as a dtagann sé
Tagraíonn ábhar cáithníneach do cháithníní soladacha agus leachtacha, orgánacha agus neamhorgánacha, atá ar crochadh san aer. Is éard atá i gceist leis ná meascán casta de cháithníní a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó thaobh méide de agus is féidir a bheith comhdhéanta de chomhábhair éagsúla mar phailin, miotail, aigéid, salann mara, súiche, deatach, ithir agus deannach. Is í an phríomhfhoinse de PM2.5 ná breosla soladach cónaithe a dhó, arb ionann é agus sciar 55.27% den iomlán náisiúnta astaíochtaí PM2.5 in 2019.
Conas atá a fhios againn cad é leibhéal an truaillithe aeir
Tá an EPA freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus tá an líonra stáisiún méadaithe ó 29 in 2017 go 102 inniu, agus an líonra ag dul i dtreo 116 stáisiún. Leis an leathnú seo atá maoinithe ag an Roinn déantar soláthar do mhonatóireacht fíor-ama ar cháilíocht an aeir ar fud na tíre ar féidir teacht air go héasca trí airquality.ie.
Cuirfear leis an bhfaisnéis a ghinfear trí mhonatóireacht le hacmhainn samhaltaithe agus réamhaisnéise nua, chun réamhaisnéis a sholáthar don phobal ar chóras náisiúnta réamhaisnéise 3 lá agus léarscáileanna Nowcast a sholáthróidh meastacháin ar cháilíocht an aeir ar fud na tíre idir pointí monatóireachta.
Cineálacha Breoslaí Soladacha
Costais Breoslaí Soladacha
Bíonn ar dhaoine a dtithe a théamh agus cuirtear imní in iúl uaireanta faoin tionchar costais a bheadh ag tuilleadh rialála ar bhreosla soladach ar theaghlaigh ar ioncam íseal nach bhfuil sé d’acmhainn acu a gcórais téimh a uasghrádú. Ní bhíonn gá le hathrú costasach fearais chun bogadh ó bhreoslaí soladacha toiteacha go breoslaí ísealtoiteacha.
Foilsíonn an SEAI tuarascáil Comparáid ar Chostais Fuinnimh ar Bhreoslaí Intíre gach 3 mhí agus taispeánann an ceann is déanaí, ón 22 Aibreán, gurb é gual ísealtoiteach (ubhchruthóidigh) an rogha guail is costéifeachtaí – i dtéarmaí teasa seachadta faoin gcéad, agus an dara ceann is costéifeachtaí ar an iomlán.
Níl praghsanna móna ar fáil chun comparáid a dhéanamh, toisc go bhfuil socruithe níos neamhfhoirmiúla ann maidir lena ndáileadh. Mar sin féin, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil an éifeachtacht teasa in aghaidh an kg atá ag móin i bhfad níos ísle ná adhmad, ola nó gual.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, beag beann ar thabhairt isteach na rialachán nua, go dtugann fianaise starógach le déanaí le fios go bhfuil méadú tagtha ar chostas guail toitigh mar thoradh ar fhadhbanna slabhra soláthair a bhaineann le géarchéim na hÚcráine.
Is féidir freisin go mbeadh difríocht costais idir gual a fhaightear lasmuigh den stát agus gual a dhíoltar anseo mar gheall ar dhifríochtaí i réimeanna cánach.