Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá iarratais ar oscailt anois do Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach 2025

Tá maoiniú €650,000 ar fáil chun tacú le grúpaí pobail, le fiontair shóisialta, agus le FBManna atá ag tiomáint nuálaíochta an gheilleagair chiorclaigh ar fud na hÉireann

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, atá freagrach as an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon, inniu, an 10 Meán Fómhair 2025, go bhfuiltear ag glacadh le hiarratas ar bhabhta maoinithe 2025 de Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).

Tá an SDNGC deartha chun tacú le tionscadail nuálacha geilleagair chiorclaigh atá faoi stiúir fiontair shóisialta, eagraíochtaí deonacha agus pobail, agus gnólachtaí beaga a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu. Ó seoladh í i mí Aibreáin 2021, tá €1.8 milliún bronnta ag an scéim ar 36 tionscadal, a chuimsíonn príomhthéamaí geilleagair chiorclaigh amhail dramhaíl bia, plaistigh, pacáistiú aonúsáide, tógáil, teicstílí, agus dramhaíl ghinearálta.

Tar éis glao rathúil in 2024, déanfar an scéim a riaradh arís i gcomhpháirtíocht le Fondúireacht Phobail na hÉireann, mol daonchairdiúil a cheanglaíonn deontóirí, deontaithe, agus pobail atá tiomanta d’athrú sóisialta dearfach, le chéile. Déanfaidh an Fhondúireacht na próisis iarratais, meastóireachta agus riaracháin a bhainistiú, agus tabharfaidh sí tacaíocht leanúnach d’iarratasóirí rathúla.

I mbabhta 2025, tá maoiniú iomlán €650,000 ar fáil, agus meastar go mbeidh deontais aonair idir €40,000 agus €50,000.

Ba cheart do thionscadail díriú ar réimsí tosaíochta do gheilleagar ciorclach na hÉireann, lena n-áirítear:

  • Plaisteach: Athdhearadh a dhéanamh ar tháirgí nó ar phacáistíocht chun plaisteach do-athchúrsáilte nó ógphlaisteach a athsholáthar le roghanna in-athchúrsáilte
  • Dramhaíl Tógála agus Scartála: Táirgí tógála in-athúsáidte a chruthú nó scartáil roghnaitheach a chumasú le haghaidh aisghabhála ábhar
  • Dramhaíl Bia: Idirghabhálacha teicniúla nó iompraíochta a chur i bhfeidhm chun dramhaíl a laghdú i suíomhanna táirgthe agus tráchtála
  • Acmhainní agus Amhábhair: Feabhas a chur ar aisghabháil amhábhar criticiúil agus substaintí guaiseacha i dtáirgí a laghdú

Dúirt an tAire Dillon:

"Tá tacaíocht tugtha ag an SDNGC do go leor tionscadal nuálach ó bunaíodh é, agus gach ceann acu ag cur le hiarrachtaí na hÉireann geilleagar níos ciorclaí a sholáthar. Cuirfidh an glao seo ar ár gcumas an tacaíocht sin a leathnú chuig réimse leathan eagraíochtaí, grúpaí pobail agus FBManna ar fud na hÉireann, ag luasghéarú gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, agus ag tabhairt aird ar thionscadail fhíor-nuálacha a bhfuil sé d’acmhainn a macasamhail a chur ar fáil ar fud na tíre agus an tionchar ciorclach is mó a chruthú."

Dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Phobail na hÉireann:

"Tá sé ina thosaíocht dúinn ár bpláinéad a chosaint agus muid ag obair i dtreo ár misean maidir le Comhionannas do Chách i bPobail Rathúla a bhaint amach. Anseo ag Fondúireacht Phobail na hÉireann, tá áthas orainn tacaíocht a thabhairt arís dóibh siúd atá ar thús cadhnaíochta ar an gcaoi a n-athraíonn muid ár bpróiseas smaointeoireachta maidir le dramhaíl, le hacmhainní agus le hinbhuanaitheacht. An rud atá i gceist leis an gcomhpháirtíocht seo leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ná tacú le smaointe nuálacha a thacaíonn le cultúr na hathúsáide, an deisiúcháin agus an athchuspóirithe. Táimid bródúil as a bheith ag obair leis an Aire Dillon agus leis na deontaithe go léir chun an geilleagar ciorclach a thabhairt chun críche i bpobail ar fud na hÉireann."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach

Tá na sonraí uilig faoin bpróiseas iarratais don SDNGC ar fáil ar shuíomh gréasáin Community Foundation Ireland agus tá iarratais oscailte go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat