Ceadaíonn an Rialtas an Scéim Ghinearálta de reachtaíocht chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh
- Foilsithe: 21 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) 2023.Teastaíonn an reachtaíocht chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach agus an chaidhp ar an ioncam margaidh a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh.
Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tá méaduithe suntasacha tagtha ar phraghsanna gáis nádúrtha mórdhíola. Mar thoradh air sin, tá tomhaltóirí ag íoc praghsanna níos airde as gás agus as leictreachas. Chomh maith leis sin, ba as praghsanna arda gáis mórdhíola a tháinig gnóthachain amhantair do roinnt eintiteas san earnáil táirgthe breoslaí iontaise agus san earnáil mínchóireála breoslaí iontaise agus san earnáil leictreachais.
Meastar gur sa raon idir thart ar €280 milliún agus thart ar €600 milliún faoi láthair atá an leibhéal fáltas atá le cruinniú ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach agus ag an gcaidhp ar an ioncam margaidh. Le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, a tháinig in éifeacht i mí Dheireadh Fómhair 2022, féachtar le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na ngnóthachan amhantair trí na fáltais ó na gnóthachain sin a bhailiú agus a athdháileadh trí na nithe seo a leanas:
- ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach atá bunaithe ar an mbrabús inchánach san earnáil táirgthe breoslaí iontaise agus san earnáil mínchóireála breoslaí iontaise (a mbeidh feidhm aici do na blianta 2022 agus 2023) agus
- caidhp ar ioncam margaidh roinnt gineadóirí (amhail fuinneamh gaoithe, fuinneamh gréine agus ola) san earnáil leictreachais (a mbeidh feidhm aici don tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mheithimh 2023, mar atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle)
Maidir leis na fáltais ón gcaidhp ar an ioncam margaidh, táthar ag súil go mbaileofar iad i mí Mheán Fómhair 2023 agus úsáidfear iad chun tacú le custaiméirí leictreachais an tionchar a bheidh ag praghsanna arda leictreachais a mhaolú, faoi mar atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle.
Táthar ag súil go mbaileofar i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí Mheán Fómhair 2024 na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach. Leis an Rialachán ón gComhairle, féadfar na fáltais sin a úsáid i raon níos leithne réimsí, lena n-áirítear chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do thomhaltóirí fuinnimh, chun tomhaltas fuinnimh a laghdú nó chun infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite a chur chun cinn. Beidh sé faoin rialtas a chinneadh conas na fáltais arna mbailiú a leithdháileadh.
An 22 Samhain 2022, cheadaigh an rialtas cur chun feidhme na mbeart atá le fáil sa Rialachán ón gComhairle, mar aon le príomhchinntí ardleibhéil i ndáil lena gcur chun feidhme (féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide). Le Scéim Ghinearálta an Bhille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) 2023 a ceadaíodh inniu, cuirfear an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach agus an chaidhp ar an ioncam margaidh chun feidhme.
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Scéim Ghinearálta tar éis di dul i gcomhairle le Ranna ábhartha, le gníomhaireachtaí ábhartha agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá sé mar aidhm léi a chinntiú go mbaileofar gnóthachain amhantair, agus an tionchar ar mhargaí fuinnimh, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar infheistíochtaí sa todhchaí á íoslaghdú ag an am céanna.
Táthar ag súil go rachfar i mbun tuilleadh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus leis an gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide de réir mar a fhorbraítear an reachtaíocht mhionsonraithe. Beidh an Scéim Ghinearálta ar an mbonn leis an mBille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) 2023, a thabharfar os comhair an Rialtais sula ndéanfar é a fhoilsiú agus a thabhairt isteach san Oireachtas. Tá sé beartaithe go n-achtófaí an reachtaíocht sin roimh shos an tsamhraidh.
Leagtar amach sa Rialachán ón gComhairle go bhféadfar na fáltais a úsáid chun dul chun tairbhe do thomhaltóirí fuinnimh. Cinnfidh an rialtas in am trátha conas is fearr na fáltais sin a dháileadh.
Tá an dréacht-Scéim Ghinearálta le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir an rialtas raon leathan cineálacha tacaíochta i bhfeidhm do gach tomhaltóir fuinnimh. Tá mionsonraí iomlána ar fáil ag [external-link www.gov.ie/ReduceYourUse. | www.gov.ie/ReduceYourUse. ]
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Maidir leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach:
- beidh feidhm aici maidir le breoslaí iontaise a tháirgeadh agus a mhínchóireáil
- beidh feidhm aici do na blianta 2022 agus 2023
- beidh sí bunaithe ar 75% den bhrabús inchánach is mó ná 20% os cionn na bonnlíne brabúis inchánach don tréimhse 2018-2021 *ní áireofar léi caillteanais ó bhlianta roimhe nuair a bheidh sí á ríomh, agus
- riarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim í
Is mar a leanas a bheidh rátaí éifeachtacha na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí, bunaithe ar an sciar den bhrabús breise:
- dá dtiocfadh méadú 20% ar an mbrabús, bhaileofaí 0% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 0%
- dá dtiocfadh méadú 40% ar an mbrabús, bhaileofaí 15% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 37.5%
- dá dtiocfadh méadú 60% ar an mbrabús, bhaileofaí 30% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 50%
- dá dtiocfadh méadú 80% ar an mbrabús, bhaileofaí 45% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 56.3%
- dá dtiocfadh méadú 100% ar an mbrabús, bhaileofaí 60% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 60%
Íocfar na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach leis an státchiste agus caithfear iad ar aon dul leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle.
Maidir leis an gcaidhp ar an ioncam margaidh:
- tabharfar isteach í maidir le gineadóirí sonraithe sa mhargadh leictreachais mórdhíola (lena n-áirítear fuinneamh gaoithe, fuinneamh gréine, ola agus gual)
- beidh feidhm aici maidir leis an ioncam margaidh ar fad de chuid gineadóirí iomchuí
- ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le saoráidí nach mó a dtoilleadh ná 1 MW
- áireofar léi caidhp ar leibhéal €120 in aghaidh an MWh i gcás fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine
- ní bheidh feidhm aici maidir le tionscadail fuinnimh gaoithe nó fuinnimh gréine a dhéanann íocaíochtaí difríochta leis an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí as ioncam barrachais os cionn an phraghais ceangail ceant iomchuí faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite toisc go bhfuil caidhp ar an ioncam sin cheana féin
- áireofar léi caidhp ar leibhéal €180 ar a laghad in aghaidh an MWh i gcás giniúint olabhreoslaithe, ghualbhreoslaithe agus bhithmhais-bhreoslaithe/mhóinbhreoslaithe atá ard go leor chun na gnóthachain amhantair a bhailiú, agus á chinntiú ag an am céanna go leanfaidh an ghiniúint sin ar aghaidh ag oibriú agus ag cinntiú shlándáil an tsoláthair
- áireofar léi caidhp ar leibhéal €180 in aghaidh an MWh i gcás gach teicneolaíochta eile, agus
- riarfaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais í