Comhairliúchán maidir le Scála na dTáillí faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 oscailte
- Foilsithe: 10 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025
Tá sé mar aidhm ag an togra níos mó intuarthachta agus comhréireachta maidir le costais dlí an Stáit a chuir i bhfeidhm le haghaidh athbhreithnithe breithiúnacha comhshaoil
D'fhógair an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh Darragh O'Brien inniu seoladh an chomhairliúcháin phoiblí maidir le togra scála na dtáillí a chur i bhfeidhm in athbhreithnithe breithiúnacha comhshaoil áirithe.
Tá sé mar aidhm ag an togra níos mó intuarthachta agus comhréireachta maidir le costais dlí an Stáit a chuir i bhfeidhm le haghaidh athbhreithnithe breithiúnacha comhshaoil. Ní hé is aidhm dó rochtain ar cheartas a theorannú ná cearta an duine aonair ná cearta an phobail chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a shrianadh.
Tá an tAire, i gcomhar leis an rialtas, tiomanta feabhas a chur ar sholáthar bonneagair fíor-riachtanach agus tá sé ag scrúdú conas is féidir le hÉirinn feabhas a chur ar a feidhmíocht sa réimse sin. Is gné amháin de réimse leathan gníomhaíochtaí athchóirithe atá dírithe ar bhacainní ar sheachadadh bonneagair a shárú é an togra seo. Is é an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin a bheidh i gceannas air seo. Meastar go laghdóidh na tionscnaimh uile le chéile an gá le hathbhreithnithe breithiúnacha ar an gcéad dul síos.
Agus an comhairliúchán poiblí seo á reáchtáil, tá an rialtas ag tabhairt cuireadh do gach ball den tsochaí a dtuairimí a nochtadh. Cé go soláthraíonn an doiciméad comhairliúcháin roinnt ceisteanna treoracha maidir leis na tograí atá sa tuarascáil le breithniú ag na freagróirí, níl freagraí teoranta dóibh sin amháin.
Dúirt an tAire O'Brien agus é ag foilsiú seoladh an chomhairliúcháin:
"Táimid ag súil go mór go dtiocfaidh tuairimí láidre agus éagsúla ón gcomhairliúchán poiblí agus cuirimid fáilte roimh ionchur ó pháirtithe leasmhara, ó ghnólachtaí agus ón bpobal araon. Is plé tábhachtach é seo agus tá sé ceart go dtarlóidh sé i mbealach trédhearcach agus cuimsitheach."
Is féidir rochtain a fháil ar an doiciméad comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Beidh an comhairliúchán oscailte don phobal Dé Céadaoin 3 Nollaig 2025 agus dúnfar é ag 5:30pm Déardaoin 15 Eanáir 2026.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Seo a leanas na príomhghnéithe den doiciméad comhairliúcháin:
- Moltar scálaí ar leithligh de tháillí dlí le haghaidh cásanna caighdeánacha, cásanna casta agus cásanna an-chasta
- Moltar go ndéanfar leibhéal na castachta a mheas de réir na castachta dlíthiúla amháin
- Moltar gurb an breitheamh ceannais a shocróidh an leibhéal castachta a ghabhann leis an gcás cúirte
- Tá struchtúr táillí molta bunaithe ar roinnt pointí spreagtha a tharlódh le linn na héisteachta
- Tá liosta de phointí spreagtha molta cuimsithe sa tuarascáil
- Moltar go n-aontódh na páirtithe ar bhaint amach na bpointí spreagtha agus an táille chuí le híoc; in éagmais comhaontaithe idir na páirtithe is é/í an breitheamh a bheidh ina (h)eadránaí deiridh
- Aithníodh táillí ar leithligh le haghaidh aturnaetha, abhcóidí sóisearacha agus abhcóidí sinsearacha
Tá tábla thíos – a leagann amach scála na dtáillí molta le haghaidh comhairliúcháin:
| Sruth Oibre | Caighdeánach | Casta |
An-Chasta |
|---|---|---|---|
Ba cheart an tábla sin a léamh i gcomhthéacs níos leithne na ndoiciméad comhairliúcháin.