Creat á fhoilsiú ag an Rialtas le haghaidh Chóras Tarchurtha Leictreachais Eischósta na hÉireann d’fhonn borradh mór faoin bhfuinneamh in-athnuaite a éascú
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) tar éis creat a fhoilsiú le haghaidh córas todhchaí eischósta tarchurtha leictreachais na hÉireann, rud a éascóidh leitheadú an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta le cuidiú leis an tír a cuid spriocanna i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh.
Ag labhairt dó inniu, arsa an tAire Eamon Ryan TD:
“Chun an sprioc uaillmhianach de 70% leictreachas in-athnuaite faoi 2030 a chomhlíonadh beidh gá le líonra suntasach d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sna deich mbliana atá romhainn. An rud is tábhachtaí ná gurb ionann an polasaí seo agus céim eile i dtreo acmhainn in-athnuaite inbhuanaithe a thógáil ar leac an dorais againn féin anseo in Éirinn. Tabharfaidh sé cinnteacht fuinnimh dúinn agus cuideoidh linn ár gcuid astaíochtaí carbóin a laghdú. Sna deich mbliana atá romhainn, beimid ag iarraidh ár gcóras iompair agus córais eile dár gcuid a leictriú agus beidh cumhacht leictreach ag teastáil uainn ó acmhainní inbhuanaithe chun é sin a dhéanamh. Rachaidh an fuinneamh gaoithe amach ón gcósta chun sochair do phobail áitiúla agus d’Éirinn trí chéile.”
Le go mbeimid in ann an sprioc de 5 GW de ghiniúint gaoithe amach ón gcósta a shuiteáil faoi 2030, beidh orainn sruthanna oibre éagsúla beartais, reachtaíochta agus rialála a fhorbairt i gcomhthráth lena chéile. Cuimsíonn sé seo réimeas úr toilithe rialála don earnáil fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn, bealach chun margaidh do thionscadail gaoithe todhchaí amach ón gcósta trí cheantanna a bheidh saindírithe ar an teicneolaíocht laistigh den Scéim Tacaíochta um Fhuinneamh In-Athnuaite (RESS), scéim fhaofa státchabhrach de chuid an AE, agus forbairt creata úir le haghaidh chóras todhchaí eischósta tarchurtha leictreachais na hÉireann.
Beidh forálacha sa chreat, mar aon leis an mbeartas úr bainteach, a d’fhaomh an rialtas i mí Aibreáin tar éis comhairliúchán poiblí i samhradh na bliana 2020, a bhaineann le forbairt, feidhmiú agus úinéireacht chóras eischósta tarchurtha leictreachais na hÉireann. De bhreis air sin, soláthróidh sé soiléireacht, a bhfuil gá leis, don Choimisiún um Rialáil Fóntas (CRF), EirGrid, Gréasáin BSL, pobail áitiúla tionscal an fhuinnimh in-athnuaite, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara eile sula reáchtálfar an chéad cheann de na trí cheant sceidealaithe de chuid na Scéime Tacaíochta um Fhuinneamh In-athnuaite a bhaineann go sainiúil le gaoth eischósta a chuirfidh ar chumas na hÉireann an sprioc 5GW a bhaint amach faoin mbliain 2030.
Cuimsíonn beartas úr an chórais tarchurtha eischósta atá faofa ag an Rialtas:
- Aistriú céimnithe ó mhúnla reatha an chórais díláraithe tarchurtha eischósta go dtí múnla láraithe i gcaitheamh na ndeich mbliana atá romhainn, a thitfidh amach i gcomhréir le trí cheant eischósta sceidealaithe de chuid RESS. Sainaithníodh gur leis an múnla marthanach, arb é EirGrid a dhéanfaidh sócmhainní a chórais tarchurtha a phleanáil, a fhorbairt, a fheidhmiú agus ar le hEirGrid é, a thiocfaidh uastairbhe don tsochaí.
- Sa Chéad Chéim, a thiocfaidh i gcomhthráth leis an gcéad cheant eischósta RESS, samhlaítear gurb iad na tionscadail in-athnuaite eischósta a n-éireoidh leo sa chéad cheant eischósta de chuid RESS a fhorbróidh riachtanas bainteach an chórais tarchurtha eischósta.
- Sa Dara Céim, a thiocfaidh i gcomhthráth leis an dara ceant eischósta RESS, d’fhéadfadh sé gurb iad tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus/nó EirGrid a thabharfadh faoi fhorbairt an chórais tarchurtha eischósta.
- Sa Tríú Céim, a thiocfaidh i gcomhthráth leis an tríú ceant eischósta RESS, is é EirGrid, go heisiach, a bheidh ag gabháil d’fhorbairt an chórais tarchurtha eischósta agus beidh foráil sa dara Plean Forbartha um Fhuinneamh In-Athnuaite Amach ón gCósta a phléifidh leis na limistéir mhuirí inar ceadmhach forbairt an fhuinnimh in-athnuaite a dhéanamh.
- Ainmniú EirGrid ina oibreoir córais agus úinéir sócmhainní i gcóras eischósta tarchurtha leictreachais na hÉireann mar ar le hEirGrid an úinéireacht ag gach céim den aistriú céimnithe beag beann ar pé acu a d’fhorbair tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar leith an eangach nó a d’fhorbair EirGrid í. Ar na sócmhainní de chuid an chórais tarchurtha a bheidh faoi úinéireacht EirGrid, beidh na ciorcaid ardvoltais tarchurtha agus an bonneagar tarchurtha bainteach ar talamh agus amach ón gcósta a cheanglaíonn suíomhanna ginte eischósta leis an gcóras tarchurtha atá ann cheana ar talamh, mar aon le haon atreisiúcháin amach ón gcósta chun freastal ar shruthanna leictreachais.
Tá an ráiteas polasaí ar fáil ar gov.ie
CRÍOCH