Cuireann an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide fáilte roimh athruithe ar rialacha pleanála lena gceadófar líon neamhtheoranta grianphainéal ar thithe agus ar fhoirgnimh eile
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte roimh na díolúintí athbhreithnithe pleanála le haghaidh grianphainéil dín a shuiteáil ar thithe agus ar fhoirgnimh eile, ar díolúintí iad ar chuir Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, a lámh leo an tseachtain seo caite.
Mar thoradh ar na rialacháin nua, cuirfear deireadh leis an gceanglas á rá go bhfaighfí cead pleanála chun grianphainéil fhótavoltacha dín a shuiteáil ar fhormhór na bhfoirgneamh sa tír. Is é an toradh a bheidh air sin ná go mbrúfar giniúint mhicreascála agus mhionscála fuinnimh grianphainéal fótavoltach chun cinn go mór, rud a mhéadóidh an méid grianfhuinnimh a ghintear in Éirinn agus a neartóidh ár slándáil fuinnimh.
Leathnaítear leis na hathbhreithnithe freisin na díolúintí chuig aicmí nua foirgneamh, amhail árasáin agus foirgnimh phobail, reiligiúnacha agus oideachais. Beidh tionchar dearfach ag na hathruithe sin agus cumasófar leo do thuilleadh daoine agus eagraíochtaí a leictreachas féin a ghiniúint trí ghrianfhuinneamh agus, ar an tslí sin, a gcostais fuinnimh agus a lorg carbóin a laghdú.
Trí bhacainní riaracháin a laghdú, éascófar leis na rialacháin seo na spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide agus na spriocanna leictreachais inathnuaite atá againn a bhaint amach, go háirithe an toilleadh suiteáilte 380 MW atá mar sprioc faoin Scéim Tacaíochta Micrighiniúna.
Dúirt an tAire Ryan:
"Agus na rialacháin seo á síniú, baintear amach ceann amháin de na mór-uaillmhianta atá sa Phlean Gnímh don Aeráid uainn. Is sárshampla de chomhar idir-rannach agus trasrialtais iad freisin. Leis na rialacháin, cuirfear deireadh le mórbhacainn amháin atá roimh dhaoine atá ag iarraidh grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil agus éascófar líon níos airde fós de theaghlaigh, de scoileanna, de phobail, d’fheirmeoirí agus de ghnólachtaí, i measc daoine eile, a leictreachas glan inathnuaite féin a tháirgeadh agus ról gníomhach a imirt san aistriú fuinnimh.
"Tá na rialacháin á dtabhairt isteach tráth a leanaimid le tacaí a chur i bhfeidhm do shuiteálacha baile agus neamhbhaile grianphainéal fótavoltach tríd an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna agus tráth atá an dearadh ar scéim tacaíochta do ghiniúint mhionscála á chur ar aghaidh againn. Leis na díolúintí nua, réiteofar an bealach don scóip ollmhór ghréine a ghabhann leis na scéimeanna sin."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Díolúintí pleanála le haghaidh grianphainéal
Tá tuilleadh faisnéise faoi na díolúintí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
An Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan (CEG)
Is ionann taraif na Ráthaíochta um Onnmhairiú Glan (agus an chéad chéim de chreat cumasúcháin cuimsitheach do ghineadóirí micreascála agus mionscála in Éirinn, áit a bhfaighidh siad luach saothair óna soláthraí leictreachais as an leictreachas inathnuaite barrachais ar fad a onnmhairítear chuig an eangach.
Tar éis comhairliúchán poiblí, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) cinneadh maidir le creat cumasúcháin eatramhach don Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan an 1 Nollaig 2021. Tá an páipéar ar fáil ar shuíomh gréasáin an CRF. Leagtar amach sa chinneadh sin na socruithe eatramhacha le haghaidh an Ráthaíocht Onnmhairí Glana a chur chun feidhme, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus an mhodheolaíocht luach saothair. Chinn an CRF cur chuige iomaíoch margadhbhunaithe a ghlacadh i leith an taraif a shocrú. Tá roinnt socruithe i bhfeidhm aige freisin chun a chinntiú go mbeidh cur chun feidhme na taraife ag teacht leis an gClár Náisiúnta um Méadrú Cliste.
Tá a dtaraifí don Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan foilsithe ag na soláthraithe uile anois, agus iad sa raon idir €13.5c/kWh agus €20c/kWh. Fágann sé sin gur féidir le custaiméirí breathnú thart agus soláthraithe a athrú ar mhaithe leis na rátaí is fearr a fháil i leith leictreachas a dhíol agus a cheannach.
An 15 Feabhra 2022, shínigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na rialacháin lena dtugtar an bunús dlí don Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan a thabhairt isteach.
Is féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite a bheidh i gcuid mhór gineadóirí mionscála freisin. Mar sin, beidh siad incháilithe chun an Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan a fháil.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan a fháil ar shuíomh gréasáin an CRF.
An Scéim Tacaíochta Micrighiniúna
An 21 Nollaig 2021, d’fhógair an tAire Ryan gur cheadaigh an rialtas an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna.
Leis an Scéim, tairgtear do chustaiméirí nua baile agus neamhbhaile anois tacaí i bhfoirm deontas caipitil is fiú suas le €2,400 do shuiteálacha micrighiniúna ag a bhfuil aschur 6 kW ar a mhéad.
Tá an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna á tabhairt isteach ar bhonn céimnithe ar fud na bliana 2022, agus tacaí á soláthar do theicneolaíochtaí micrighiniúna ag a bhfuil aschur 50 kW ar a mhéad.
Táthar ag súil leis go seolfar an chéim dheireanach den Scéim faoi dheireadh na bliana 2022, tráth a rachaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) i mbun comhairliúcháin ar phlean cur chun feidhme le haghaidh tharaif na Préimhe Glaine Onnmhairiúcháin). Is é atá sa Phréimh Ghlan Onnmhairiúcháin)tacaíocht ráthaithe taraifí onnmhairí do shuiteálacha nua. Beidh sí socraithe ar feadh 15 bliana agus beidh sí ar fáil d’iarratasóirí neamhbhaile a bhfuil a n-aschur sa raon idir 6 kW agus 50 kW.
Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin Scéim Tacaíochta Micrighiniúna a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Giniúint Mhionscála (GMS)
Gealladh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 scéim tacaíochta a fhorbairt do ghineadóirí mionscála leictreachais inathnuaite neamhbhaile. Tá siad sin sainmhínithe mar ghineadóirí ar mó a n-aschur ná 50 kW ach ar lú a n-aschur ná aschur na ngineadóirí sin a dtacaítear leo faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite.
Tá dearadh na scéime á chur ar aghaidh faoi láthair agus táthar ag súil leis go mbeidh an scéim ar fáil sa bhliain 2023. Cumasófar leis an scéim do ghnólachtaí móra, d’fheirmeoirí, do thionscadail phobail agus do dhaoine eile an ról is mó is féidir a imirt san aistriú fuinnimh.
Foilsíodh comhairliúchán ar na gnéithe beartaithe deartha ardleibhéil den scéim agus tá sé ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Rinneadh an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí i nGaeilge a fháil a fhadú go dtí an Déardaoin an 27 Deireadh Fómhair 2022.
An Plean Gnímh don Aeráid 2021
Is é atá sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 ná plean mionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun laghdú 51% a bhaint amach in astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 agus chun sinn a chur ar an mbealach ceart i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050.
Liostaítear sa phlean sraith gníomhartha a dhéanfar chun na spriocanna aeráide atá againn a chomhlíonadh. Leagtar amach ann freisin spriocanna táscacha le haghaidh toilleadh leictreachais inathnuaite, is iad sin go dtiocfaidh 8 GW ó ghaoth ar talamh agus go mbeidh ár dtoilleadh grianphainéal fótavoltach sa raon idir 1.5 GW agus 2.5 GW faoin mbliain 2030. Is trí thionscadail phobalbhunaithe, faoi réir iomaíochta, de réir mar is cuí, a thiocfaidh 500 MW ar a laghad den toilleadh leictreachais inathnuaite sin.
Leis an gcomhaontú rialtais ar Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála, a fógraíodh an 28 Iúil, rinneadh an sprioc le haghaidh toilleadh grianphainéal fótavoltach faoin bPlean Gnímh don Aeráid a mhéadú ó suas le 2.5 GW, an sprioc thosaigh, go suas le 5.5 GW. Leagadh spriocanna méadaithe síos do ghaoth ón talamh (ó 5 GW go 7 GW), do hidrigin ghlas (2 GW sa bhreis), don agrafhoraoiseacht agus don díleá anaeróbach (suas le 5.7 TWh de bhithmheatán) chun dlús eile a chur leis an laghdú in astaíochtaí foriomlána ar fud an gheilleagair.