Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Ryan dlús leis na huaillmhianta d’earnáil na bpobal fuinnimh

  • Cinntítear leis an gceanglas nua go mbeidh tionscadail phobail faoi úinéireacht an phobail 100% chun tacaíocht 15 bliana a fháil i scéim tacaíochta leictreachais in-athnuaite an Rialtais (RESS)

D’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, go gcaithfidh gach tionscadal a bhaineann leis an gcatagóir pobail i gceantanna RESS sa todhchaí a bheith faoi úinéireacht an phobail 100%.

Dúirt an tAire:

“Léirítear leis an aistriú seo daonlathú breise ar ár gcóras fuinnimh. Molaim do phobail ar spéis leo fuinneamh in-athnuaite an deis seo a thapú. Anois beidh pobail in ann na buntáistí uile a bhaineann le do leictreachas féin a ghiniúint a choinneáil. Féadann na tairbhí sin borradh airgeadais fadtéarmach a sholáthar don phobal i gcoitinne agus ceadaítear leis d’infheistíocht a dhéanamh chun todhchaí fhadtéarmach an phobail a chinntiú.”

Aithnítear gur tasc casta é giniúint leictreachais agus go háirithe do phobail. Maidir leis sin tá creat cumasúcháin tacaíochta á fhorbairt ag an Roinn agus ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus fógrófar na sonraí an mhí seo chugainn. Féadfaidh pobail a d’oibrigh i gcomhar le forbróirí tráchtála cheana féin chun tionscadal a thionscnamh roghnú fós an comhoibriú sin a choinneáil ar bhonn conartha le haghaidh seirbhísí.

Mar chonclúid dúirt an tAire Ryan:

“Is deis iontach é seo do phobail a bheith mar chuid d’aistriú na hÉireann i dtreo gheilleagar níos glaise ar an leibhéal áitiúil.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat