English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an Roinn comhairliúchán poiblí ar an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite

Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán poiblí inniu (Dé Céadaoin, an 14 Bealtaine) i ndáil le deireadh a chur le srian féideartha ar an gcabhair oibríochtúil do bhithmhais agus do dhíleá anaeróbach (is é sin, bithghás) faoin Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite a leathnú chuig úsáideoirí móra fuinnimh, lena n-áirítear iad sin in earnáil trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

An 1 Eanáir 2024, tugadh isteach treoirlínte nua ón Aontas Eorpach lena rialaítear conas a fhéadfar cabhair oibríochtúil a leithdháileadh faoin Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite. Glacann na Treoirlínte nua Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh ionad na dTreoirlínte Fuinnimh agus Comhshaoil.

Is é an príomhdhúshlán ná go gceanglaítear leis na Treoirlínte Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh go socrófaí cabhair oibríochtúil fuinnimh in-athnuaite trí phróiseas iomaíoch agus go dtairgfí trí chonarthaí difríochta í, nuair is féidir. Ní cheanglaítear an próiseas sin a sheoladh i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar lú a dtoilleadh ná 1 MW (ná i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide ar lú a dtoilleadh ná 6 MW). Féadfar tacaíocht os cionn na tairsí sin a thairiscint faoin scéim reatha, agus tugann an leathnú beartaithe ar earnáil trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh in Éirinn le tuiscint go bhféadfar tacaíocht a thairiscint sa todhchaí do thionscadail mhórscála ar mó i bhfad a dtoilleadh ná 1 MW. Cé go bhfuil ceantanna iomaíocha agus conarthaí difríochta ina ngnéithe coitianta den mhargadh leictreachais in-athnuaite anois, is beag cás ina bhfuil conarthaí difríochta á n-úsáid chun cabhair oibríochtúil a thabhairt do thionscadail teasa. Sainaithníodh an tsaincheist sin mar bhacainn fhéideartha ar bhorradh a chur faoin nglacadh le tacaíocht oibríochtúil faoin Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite.

Tá an roinn ag déanamh idirchaidreamh leis an gCoimisiún Eorpach ar mhaithe le díolúine a fháil ón srian faoi na Treoirlínte Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh. Is é an chéad chéim eile san obair sin ná comhairliúchán poiblí a reáchtáil ar na tacaíochtaí taraife.

Sa chomhairliúchán seo, cuirtear roinnt ceisteanna a bhaineann leis an leathnú beartaithe ar thacaíochtaí, agus tugtar deis dóibh sin a úsáideann bithmhais nó díleá anaeróbach chun críocha teasa, agus do gheallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara eile, a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an tacaíocht oibríochtúil faoin Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite a leathnú ar an modh atá leagtha amach agus maidir leis na tacaíochtaí taraife i gcoitinne.

Is féidir téacs iomlán na dTreoirlínte Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh a léamh ar shuíomh gréasáin EUR-Lex.

Is féidir an comhairliúchán poiblí, a osclaíodh inniu, a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh go 5.30pm an 11 Meitheamh 2025.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí iad a sheoladh le ríomhphost chuig SSRHConsultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig Athbhreithniú Comhairliúcháin ar an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite, An tAonad um Theas In-athnuaite, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Teach Tom Johnson, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath, D04 K7X4.

CRÍOCH