Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dréacht-Phrionsabail Dea-Chleachtais le haghaidh Cistí Leasa Pobail ón Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite arna bhfoilsiú

  • Tugtar cuireadh do dhaoine aonair agus do phobail a mbarúlacha a léiriú

Aithnítear sa Chlár Rialtais a thábhachtaí atá an rannpháirtíocht phobail sna tionscadail fuinnimh. Mar chuid den chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite a reáchtáladh anuraidh, bhí foráil ann le go mbunódh gach tionscadal rathúil Ciste Leasa Pobail éigeantach. Socraítear na cistí seo ag €2/MWh le haghaidh gach tionscadail ginte agus tá siad ceaptha lena n-úsáid ar mhaithe le leas comhshaoil, sóisialta agus cultúrtha níos leithne an phobail áitiúil. I gcás an chéad cheanta amháin, b’ionann seo agus chóir a bheith €4 mhilliún sa bhliain do Chistí Leasa Pobail.

Tá tacar de Phrionsabail Dea-Chleachtais á bhfoilsiú le go mbeidh a fhios ag gach tionscadal agus saoránach cad leis a mbítear ag súil ó na Cistí Leasa Pobail seo agus lena chinntiú go gcuirtear an ceanglas ciste a chur ar fáil i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Is é is aidhm leis an chomhairliúchán seo ná níos mó aiseolais ó pháirtithe leasmhara a thiomsú i dtaca leis na Prionsabail Dea-Chleachtais atá beartaithe, rud ar féidir é a bheith ina chuidiú leis an doiciméad deiridh a threorú.

Mar chuid de phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí, iarrtar ar shaoránaigh clárú le bheith rannpháirteach i gceann de na seimineáir ghréasáin a bheidh á reáchtáil d’fhonn aiseolas i dtaca leis an dréacht-lámhleabhar a thiomsú. Reáchtálfar na seimineáir ghréasáin ar an 21 Aibreán agus ar an 27 Aibreán

Beidh an comhairliúchán oscailte go dtí 17:30 ar an 24ú Bealtaine 2021. Ba cheart gach freagairt a chur chuig CommunityRESS@decc.gov.ie nó i scríbhinn chuig CBF Consultation, Rannóg Polasaí Leictreachais, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29-31 Bóthar Adelaide, BÁC 2, Éire. D02X285

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Agus tacar de Phrionsabail Dea-Chleachtais á gcur le chéile le haghaidh Cistí Leasa Pobail, tá an Rialtas meabhrach ar an gcuspóir uileghabhálach a bhaineann lena chinntiú go mbíonn na pobail áitiúla a óstálann na tionscadail iontacha leictreachais in-athnuaite seo ag croí an phróisis cinnteoireachta i dtaca leis na réimsí a leithdháiltear an maoiniú orthu. Tá curtha san áireamh sna prionsabail an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i bpobail, agus atá le rialachán agus srianta iomarcacha ar chumas pobal a gcuid tosaíochtaí agus cuspóirí féin a shainiú a sheachaint.

Tar éis breithniú ar aighneachtaí don chomhairliúchán seo, foilseoidh an tAire doiciméad deiridh roimh an 1ú Iúil 2021.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go mbeadh gach aighneacht agus barúil a chuirfí faoi bhráid na RCAC chun críche an chomhairliúcháin seo faoi réir a nochta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997-2003 agus a foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne. Ba cheart aon fhaisnéis a mbeadh íogaireacht thráchtála ag baint léi a léiriú go soiléir san aighneacht.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat