BEI chun cabhrú le billí téimh a laghdú trí thodhchaí théamh ceantair na hÉireann a bhaint amach
- Foilsithe: 13 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2025
- An fáth go bhfuil an téamh ceantair tábhachtach anois
- Ailíniú le straitéis rialtais agus SEAI
- Nótaí don Eagarthóir
- cuirfidh tionscnamh nua ar chumas chathracha na hÉireann téamh ceantair a mhéadú ar bhonn an dea-chleachtais Eorpaigh
- féadfar costais fuinnimh tí agus astaíochtaí carbóin a laghdú le hinfheistíocht i dtéamh ceantair
- tá Baile Átha Cliath agus Corcaigh ina gceannródaithe do thionscnamh na gCathracha Aeráidneodracha Cliste in Éirinn
Preaseisiúint thar ceann na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
Inniu d'fhógair an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) tacaíocht chomhairleach theicniúil agus airgeadais chun cabhrú le hÉirinn córais téimh ceantair a fhorbairt lena laghdófar costais fuinnimh agus astaíochtaí agus lena neartófar geilleagair áitiúla.
Le líonraí téimh ceantair, scaiptear teas ó shaoráidí láraithe, agus úsáid á baint as foinsí teasa in-athnuaite nó dramhaíola, chuig foirgnimh iomadúla trí phíblínte inslithe. Meascann líonraí téimh ceantair foinsí teasa difriúla — ó theas tionscail breise go teas in-athnuaite geoiteirmeach, gréine nó bithmhaise — chun costais oibriúcháin níos cobhsaí agus intuartha a chur ar fáil. Trí chothromaíocht a bhaint amach idir ionchuir ísealghráid agus in-athnuaite, fanann córais solúbtha ó thaobh fuinneamh níos saoire nó fuinneamh iomarcach a fhoinsiú, agus féadann siad teaghlaigh nasctha a chosaint ar luaineacht mhargaidh.
Le córais téimh ceantair an lae inniu, féadfar costais fuinnimh a laghdú go suntasach do theaghlaigh agus don phobal, i gcomparáid le córais téimh aonair.
Rinne Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Leas-Uachtarán BEI Ioannais Tsakiris, i dteannta le William Walsh, Príomhfheidhmeannach Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) an fógra i Mullach Íde.
Le rannpháirtíocht chomhairleach nua BEI, cabhrófar le bailte ar fud na hÉireann bheith aeráidneodrach trí infheistíochtaí inmharthana i dtéamh ceantair a ullmhú. Mar chuid de straitéis náisiúnta na hÉireann chun téamh a dhícharbónú, is í aidhm an tionscnaimh sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha trí chur i bhfeidhm éifeachtach an bheartais ar théamh ceantair a éascú, samhlacha seachadta oiriúnacha téimh ceantair a shainaithint, acmhainn institiúidí a neartú agus tacú le tionscadal píolótach i gCathair Aeráidneodrach.
Is iad Baile Átha Cliath agus Corcaigh na cathracha Éireannacha a bheidh ina gcuid den Mhisean maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste ar fud na hEorpa.
Dúirt an tAire Darragh O'Brien:
"Tá acmhainn mhór ag baint leis an téamh ceantair ó thaobh aistriú na hÉireann go fuinneamh glan. Tríd an gcomhar sin le BEI agus le Lárionad Feabhais SEAI, ullmhóimid píblíne láidir de thionscadail phobalbhunaithe lena laghdófar ár lorg charbóin agus lena ndéanfar coigiltis chostais inbhraite a sheachadadh do theaghlaigh agus d’fhostóirí na hÉireann. Leis an tionscnamh seo, tacófar freisin le cruthú post áitiúil agus forbairt scileanna san earnáil fuinnimh in-athnuaite, rud a neartóidh pobail ar fud na tíre. Trí infheistiú i mbonneagar téimh inbhuanaithe inniu, táimid ag réiteach an bhealaigh d'Éirinn le bheith níos athléimní agus níos sláine ó thaobh an fhuinnimh de le haghaidh na nglúnta atá le teacht."
Dúirt Leas-Uachtarán BEI Ioannis Tsakiris freisin:
"Ábhar bróid do BEI é a thaithí Eorpach ar chórais fhuinnimh inbhuanaithe a thabhairt go hÉirinn. Le téamh ceantair, féadfar astaíochtaí agus tearcrochtain fuinnimh a laghdú agus pobail áitiúla a dhéanamh níos athléimní. Leis an gcomhaontú seo, a bhuí leis na hacmhainní a sholáthraíonn Misean an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, cabhróidh BEI trínár dtacaíocht chomhairleach leis na Cathracha Misin mar cheannródaithe a chuid mianta a réadú, trí infheistíochtaí iarbhír a ullmhú a thacóidh le teaghlaigh agus gnólachtaí agus a chuirfidh le spriocanna aeráide náisiúnta ag an am céanna. Leis an bpleanáil agus na comhpháirtíochtaí cearta, féadfaidh Éire teacht suas leis na ceannairí Eorpacha i réimse an téimh ceantair. Cuirfidh an rannpháirtíocht chomhairleach sin an treochlár ar fáil don infheistíocht lena ndéanfar an fuinneamh a choinneáil inacmhainne, tacaíocht a thabhairt do gheilleagair áitiúla agus gníomhú buan ar son na haeráide a bhaint amach."
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Gineann an téamh ceantair teas ó fhoinsí láraithe fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear dramhtheas ó úsáideoirí móra fuinnimh, agus tugann sé trí phíobáin é isteach i dtithe agus i bhfoirgnimh daoine. Éiríonn go han-mhaith leis i dtíortha eile, ach ní rud é a bhfuil cur amach maith againn air in Éirinn. Is gá é sin a athrú. Tá dul chun cinn maith déanta againn ó thaobh ár leictreachas a dhícharbónú, ach tá dúshlán mór i gceist leis an téamh fós, agus tá an téamh ceantair ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Tá deis mhór ar fáil anseo in Éirinn, agus tá tionscal an téimh ceantair réidh le haghaidh a thabhairt air. Tá SEAI ag súil go mór le bheith ag obair leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leas a bhaint as saineolas agus eolas fairsing BEI ar an dea-chleachtas i dtíortha Eorpacha eile."
Cuirfear an tacaíocht ar fáil trí shaoráidí Comhairleacha BEI i gcomhar le Misean an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, faoi Mhol Comhairleach InvestEU. Cuireann sé le róil chomhairleacha a bhí ann le déanaí a chabhraigh le hinfheistíocht mhór a fhuascailt i dtithíocht na hÉireann, in iarfheistiú, agus i ndícharbónú na hearnála poiblí, agus bunóidh an rannpháirtíocht nua sin bealach i dtreo imscaradh téimh ceantair ar scála mór.
Tá BEI ag obair le Misean an Coimisiúin Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste chun tacú le cathracha atá Lipéadaithe don Mhisean chun a gcuid pleananna uaillmhianacha infheistíochta a thiontú go píblíne tionscadal. Tá an Misean ar aon dul le tosaíochtaí AE, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip agus ról BEI mar bhanc aeráide an Aontais.
An fáth go bhfuil an téamh ceantair tábhachtach anois
Is ionann téamh agus breis is aon trian d'astaíochtaí na hÉireann atá bainteach le fuinneamh, agus braitheann breis is 80% de theaghlaigh ar bhreoslaí iontaise fós. Le téamh ceantair — a úsáidtear go coitianta i dtíortha Nordacha agus i dtíortha na hEorpa Láir — cuirtear bealach cruthaithe ar fáil chun an téamh a dhícharbónú trí úsáid a bhaint as foinsí teasa in-athnuaite, dramhaíola agus ísealcharbóin. Faoi láthair, soláthraíonn líonraí na hÉireann níos lú ná 1% den éileamh teasa náisiúnta, fíric a tharraingíonn aird ar dheis mhór don fhás.
Le téamh ceantair, féadfar billí fuinnimh tí a laghdú, poist áitiúla a chruthú, dramhtheas ó thionscal agus ó ionaid sonraí a athúsáid, agus pobail a dhéanamh níos athléimní in aghaidh suaitheadh praghsanna fuinnimh domhanda. Léirítear le taighde atá tacaithe ag SEAI agus Comhairle Aeráide na hÉireann go bhfuil tairbhí móra ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil le baint as scéimeanna téimh ceantair atá pleanáilte go maith nuair a chuirtear le chéile le cláir athghiniúna uirbí agus iarfheistithe iad.
Tagann an tionscnamh nua seo i ndiaidh chaidreamh comhairleach fada BEI le hÉirinn, lena náirítear tacaíocht faoi ELENA do chlár aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, comhpháirtíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh Bhaile Átha Cliath, agus tionscadail iarfheistithe údarás áitiúil. Cuireann an obair freisin le Treochlár Bainc Aeráide BEI, lena dtugtar tosaíocht don éifeachtúlacht fuinnimh, don téamh in-athnuaite, agus do réitigh fuinnimh áitiúla atá inacmhainne do shaoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa.
Ailíniú le straitéis rialtais agus SEAI
Leis an bhfógra comhlánaítear Buiséad 2026, ina leithdháiltear €1.1 milliún chun aistriú fuinnimh na hÉireann a luathú, lena náirítear €558 milliún le haghaidh cláir SEAI atá dírithe ar dhícharbónú teasa. Tacaíonn sé freisin le cur i bhfeidhm an Bhille Teasa atá le teacht, mar aon le hobair Lárionad Feabhais SEAI ar Théamh Ceantair, a dhéanfaidh iarrachtaí náisiúnta sa réimse sin a chomhordú. Cinntítear leis an rannpháirtíocht chomhairleach go bhfuil pleananna na hÉireann ag teacht le critéir agus dea-chleachtas na hEorpa san fhorbairt teasa inbhuanaithe.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
BEI
Is éard atá sa Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) institiúid iasachta fadtéarmaí an Aontais Eorpaigh, faoi úinéireacht na mBallstát. Maoiníonn sé infheistíochtaí a chuireann le cuspóirí beartais AE. Le tionscadail BEI déantar iomaíochas a chothú, nuálaíocht a stiúradh, forbairt inbhuanaithe a chur chun chinn, comhtháthú sóisialta agus críche a fheabhsú, agus tacaítear le haistriú cóir tapa chuig aeráidneodracht. Shínigh Grúpa BEI, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI), €88 billiún san iomlán lena maoinítear breis is 900 tionscadal in 2023. Meastar go slógfar infheistíocht €320 billiún leis na gealltanais sin, chun tacú le 400,000 cuideachta agus 5.4 milliún post. Tá na tionscadail go léir atá maoinithe ag Grúpa BEI i gcomhréir le Comhaontú Aeráide Pháras. Ní mhaoiníonn Grúpa BEI infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise. Táimid ar an mbóthar ceart chun ár ngealltanas a chomhlíonadh chun tacú le infheistíocht €1 trilliún in inbhuanaitheacht aeráide agus comhshaoil sna deich mbliana go dtí 2030 mar a ghealltar inár dTreochlár Bainc Aeráide. Tacaíonn breis is leath den mhaoiniú bliantúil ó Ghrúpa BEI le tionscadail a chuireann go díreach le hathrú aeráide a mhaolú, le hoiriúnú dó, agus le comhshaol níos sláintiúla.
Tá thart ar leath de mhaoiniú BEI san Aontas Eorpach dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, ina bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle. Tarraingíonn sé sin aird ar ghealltanas an Bhainc chun fás cuimsitheach a chothú agus caighdeáin mhaireachtála a thabhairt le chéile.
InvestEU
Tríd an gclár InvestEU cuirtear maoiniú fadtéarmach ríthábhachtach ar fáil don Aontas Eorpach trí chistí substaintiúla príobháideacha agus poiblí a ghiaráil chun tacú le téarnamh inbhuanaithe. Tugann sé le chéile an iliomad ionstraimí airgeadais AE atá ar fáil faoi láthair chun tacú le hinfheistíocht san Aontas Eorpach, rud a dhéanann maoiniú le haghaidh tionscadail infheistíochta san Eoraip níos simplí, níos éifeachtúla agus níos solúbtha. Cuimsítear thrí ghné sa chlár: Ciste InvestEU, Mol Comhairleach InvestEU agus Tairseach InvestEU. Trí thacaíocht chomhairleach a thairiscint d’fhorbróirí tionscadal, feabhsaíonn Mol Comhairleach InvestEU cáilíocht tionscadal infheistíochta agus a n-ailíniú le spriocanna fadtéarmacha beartais AE.
Misean maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste
Le Misean AE maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, faoi Fhís Eorpach, cuirtear le haistriú glan agus digiteach na hEorpa, ar aon dul leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an gClár Oibre Beartais le haghaidh na gCathracha, agus leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan.
Beidh údaráis áitiúla, saoránaigh, gnólachtaí agus infheisteoirí, mar aon le húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta, rannpháirteach i Misean na gCathracha chun:
- cathracha aeráidneodracha cliste a bhaint amach faoi 2030 agus cloch mhíle an lipéid mhisin bainte amach ag 100 díobh
- a chinntiú go bhfeidhmeoidh na cathracha sin mar mhoil turgnaimh agus nuálaíochta ionas go mbeidh cathracha uile na hEorpa in ann an rud céanna a dhéanamh faoi 2050