Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Ryan agus an tAire O’Gorman roimh thionól an dara Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid

Fáiltíonn Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, agus Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, roimh thionól an Tionóil Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023 an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath.

Is é is an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ann ná fóram mar a dtugtar deis do dhaoine óga idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ó áiteanna ar fud na tíre moltaí a dhéanamh go díreach don Rialtas chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gnímh don Aeráid.

Rannchuidigh thart ar 60 toscaire óg ó Chomhairle na nÓg, ó eagraíochtaí éagsúla óige agus ó eagraíochtaí aeráide leis.

Roimh an Tionól, tugadh an deis do gach toscaire vótáil ar na príomhthéamaí a d’eascair as an Tionól Óige deireanach um an Aeráid (Márta 2022). Dírítear sa Tionól seo ar na trí théama ba mhó vóta. Is iad sin:

  • an t-iompar inbhuanaithe
  • an geilleagar ciorclach agus
  • cumarsáid, caidreamh agus litearthacht aeráide

Ag labhairt dó faoin Tionól, dúirt an tAire O’Gorman:

"Tá toscairí óga an Tionóil Óige Náisiúnta um an Aeráid ag imirt ról tábhachtach ina chinntiú gur féidir le daoine óga ionchur a thabhairt i bhfreagairt an Rialtais don athrú aeráide.

"Is é atá sa Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ná deis ollmhór do dhaoine óga a n-ionchur a thabhairt go díreach isteach i mbeartas Rialtais agus a chinntiú go ndéanfaidh a dtuairimí difear don dóigh a bhfreagraímid do roinnt de mhórdhúshláin ár linne."

Dúirt an tAire Ryan:

"Sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, gheallamar go mbunófaí Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid mar fhreagairt don ghlao ó dhaoine óga atá gafa go gníomhach cheana féin le gníomh a dhéanamh ar son na haeráide.

"Bhí sé de phribhléid agam anuraidh bualadh leis na toscairí ag an gcéad Tionól, áit ar chuala mé a n-ábhair imní agus ar éist mé leis na moltaí atá acu faoi conas a dhéanaimis gníomh láithreach ar son na haeráide thar roinnt príomhréimsí amhail an t-iompar agus an talmhaíocht; an tábhacht a bhaineann le caidreamh leanúnach gníomhach leis an bpobal; agus a chinntiú gur cóir agus cothrom atá gníomhú ar son na haeráide.

"Léirítear na moltaí sin anois sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 agus tá siad ina gcuid lárnach de thascfhórsaí soláthair tras-rialtais speisialta atá bunaithe agam féin."

Tugtar le fios sna seisiúin ullmhúcháin le haghaidh Thionól na bliana seo go bhfuil imní ar na toscairí fós faoin iompar inbhuanaithe, faoin gcaidreamh le saoránaigh agus faoin ngeilleagar ciorclach.

Dúirt an tAire Ryan freisin:

"Leanfaimid le réitigh a fhorbairt trí chaidreamh a dhéanamh le daoine óga i mbliana mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus bainfimid úsáid as na smaointe a bheidh gafa againn chun beartais amhail an Plean Gnímh don Aeráid agus an Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe a threorú agus chun soláthar an Achta um an nGeilleagar Ciorclach a threorú tríd an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach".

"Is é obair le chéile trí idirphlé fiúntach leanúnach an t-aon bhealach amháin ar féidir linn réitigh a chomhchruthú agus na deiseanna a thairgeann an t-aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de do gach duine dínn a réadú."

Dúirt Anna, ball den Ghrúpa Comhairleach Óige a chabhraigh leis an Tionól a phleanáil:

"Timpeallacht chumhachtaithe úr is ea an timpeallacht a cruthaíodh ag an Tionól Óige Náisiúnta. Is mór ag na Ranna agus na hAirí Rialtais ár dtuairimí dáiríre agus déanann siad gníomh leantach dá mbun, fiú, trí chuireadh a thabhairt do thoscairí chun freastal ar imeachtaí eile tar éis an Tionóil.

"Nuair atá an Tionól ag díriú ar an aeráid, tá an plé cosúil lenár n-aimsir shíorathraitheach: tá idir dea-ghníomhartha agus dhrochghníomhartha á ndéanamh. Uaireanta, ní chuimhnímid, nó ní dhéanaimid plé, ach amháin ar na drochnithe uile. Tugann an Tionól deis dúinn freisin, áfach, cloisteáil faoi na gníomhartha tábhachtacha dearfacha a chuirtear ar siúl timpeall na tíre."

Dúirt Emily, ball eile den Ghrúpa Comhairleach Óige:

"Le haghaidh an Tionóil seo, tá súil agam go dtabharfaidh gach duine dúspéis i gcúram a thabhairt don aeráid agus don ghéarchéim leanúnach aeráide abhaile leo. Ina dhiaidh sin is uile, is í ár dtodhchaí í."

Foilseofar sna seachtainí atá le teacht tuarascáil ina mionsonrófar na nithe a pléadh agus a moladh thar an deireadh seachtaine.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid

Is é seo an dara Tionól Óige Náisiúnta bliantúil um an Aeráid. Ba ar líne i mí an Mhárta 2022 a tionóladh an Tionól den chéad uair. Tar éis lá a chaitheamh i mbun plé agus i mbun breithniúcháin, rinne na toscairí na moltaí don Aire Ryan. Is féidir na príomh-mholtaí ó Thionól 2022 a aimsiú ar gov.ie.

Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann

Mar chuid de Chláir an Rialtais, bhunaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 2022 agus comhoibríonn sí go dlúth le Ranna eile Rialtais maidir le tionóil óige a thionól ar thopaicí éagsúla.

Gheall an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sna Gníomhartha Eatramhacha ar son na hAeráide 2021 go mbunófaí Comhairle Óige um an Aeráid mar chuid de shamhail caidrimh nua an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus de chomhairliúcháin ar an bPlean Gnímh bliantúil don Aeráid chun tacú le hidirphlé amach anseo le daoine óga. Comhoibríonn an dá Roinn go dlúth ar an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid a thionól chun na gealltanais sin a chomhlíonadh.

Tugadh na gealltanais sin tar éis comhairliúcháin le daoine óga mar chuid de na 'Comhráite faoin Aeráid.', nuair a d’iarr na daoine óga a ndeachthas i gcomhairle leo go ngabhfadh an Rialtas air féin páirt leanúnach a thabhairt do dhaoine óga san obair a dhéanann Éire chun an Plean Gnímh bliantúil don Aeráid a athrú chun dáta.

Ballraíocht an Tionóil Óige um an Aeráid

Tá 42 thoscaire ag an Tionól Óige um an Aeráid 2023. Tá 19 nduine díobh ina dtoscairí reatha a d’fhreastail ar Thionóil Óige Náisiúnta roimhe seo agus tá 23 dhuine díobh ina n-aoithoscairí.

Bíonn toscairí an Tionóil Óige Náisiúnta idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois agus is as áiteanna ar fud na hÉireann dóibh. Roghnaíodh 50 duine óg chun fónamh ar Thionól Óige Náisiúnta na hÉireann ar feadh téarma 18 mí. Is iad Comhairle na nÓg agus eagraíochtaí bunaithe óige agus aeráide a ainmníonn na toscairí reatha.

An Grúpa Comhairleach Óige

Tá an Grúpa Comhairleach Óige comhdhéanta de thart ar ochtar toscairí Tionóil a imríonn ról tábhachtach sa Tionól a phleanáil. Cabhraíonn siad leis an bhformáid le haghaidh lá an Tionóil a dhearadh i gcomhpháirt, triaileann siad na gníomhaíochtaí idirghníomhacha, tástálann siad modhanna comhairliúcháin, molann siad cainteoirí saineolaíocha agus déanann siad cinntí i dteannta oifigigh ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus ón Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta. Chomh maith leis sin, óstálann baill an Ghrúpa Chomhairligh Óige an seisiún ullmhúcháin le haghaidh na dtoscairí agus éascaíonn siad imeacht an Tionóil i gcomhpháirt.

An tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide

Chun ár n-uaillmhian aeráide a chomhlíonadh, is gá don Rialtas agus do mhuintir na hÉireann teacht le chéile i gconradh sóisialta neartaithe le haghaidh gníomhú ar son na haeráide agus is gá dóibh fíor-réitigh ar na dúshláin sin a chomhchruthú. Tá an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus soláthraíonn sé clár bliantúil, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí leathan, gníomhaíochtaí caidrimh agus taighde sóisialta agus iompraíochta láidir chun an t-idirphlé dhá threo sin a sholáthar agus chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gnímh bliantúil don Aeráid agus faoin mórbheartas earnála. Tá sé comhdhéanta de Ranna Rialtais, de ghníomhaireachtaí Rialtais amhail an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), agus den earnáil Údaráis Áitiúil. Áirítear leis freisin ionchur ó raon leathan saineolaithe agus léargas ón gcaidreamh gníomhach leanúnach le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne. Garsprioc thábhachtach i gclár bliantúil an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide a sholáthar is ea an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid.

An Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta

Bunaíodh an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta sa bhliain 2021 laistigh den Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun bainistiú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Thionól Óige Náisiúnta na hÉireann, Chomhairle na nÓg, Dháil na nÓg agus aon tionscnamh agus struchtúr gaolmhar eile a bhaineann le rannpháirtíocht óige.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat