Fáiltíonn an tAire Ryan roimh an dlús leantach atá á chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite tráth fhoilsiú thorthaí sealadacha an tríú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS)
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cabhróidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite le teaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann a chosaint ar ardphraghsanna breoslaí iontaise agus le slándáil fuinnimh a mhéadú
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, torthaí sealadacha an tríú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) inniu.
Tógann RESS 3 ar an méid a baineadh amach leis an gcéad dá cheant le haghaidh fuinneamh ar talamh. Is ionann na méideanna a soláthraíodh agus méadú 12% ar na foinsí fuinnimh in-athnuaite reatha, rud a choinníonn Éire ar an mbóthar ceart le haghaidh na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023, a bhaint amach.
Tugtar gealltanas leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide go méadófaí an sciar d’éileamh leictreachais a ghinfear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite in Éirinn go 80% agus go sroichfí 8 GW d’fhuinneamh gréine, 9 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh agus 5 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030. Tá sé sin mar bhonn agus thaca freisin ag rannchuidiú na hÉireann le sprioc fuinnimh inbhuanaithe an Aontais Eorpaigh uile don bhliain 2030, le sprioc na hÉireann í féin go laghdófaí a hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 51% faoin mbliain 2030 agus le buiséid charbóin ghaolmhara.
Is é an toradh a bheidh ar fhuinneamh gréine go háirithe a leathnú go mór ná go soláthrófar tuilleadh tairbhí eacnamaíocha agus fostaíochta go ceann na mblianta. Foinse fuinnimh ar féidir brath uirthi agus atá intuartha is ea fuinneamh gréine agus imreoidh sé ról méadaitheach sa mheascán giniúna go dtí an bhliain 2030 agus ina diaidh.
Faoi mar a bhí amhlaidh i gcás na scéimeanna roimhe, áirítear le RESS 3 cistí éigeantacha tairbhe pobail le haghaidh gach tionscadail. Leis an gciste tairbhe pobail faoi RESS 3, soláthrófar thart ar €2 mhilliún in aghaidh na bliana do thionscnaimh inbhuanaithe laistigh de phobail a chónaíonn i ndlúthghaireacht do na tionscadail.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá áthas orm fáilte a chur roimh thorthaí sealadacha an tríú ceant le haghaidh fuinneamh in-athnuaite ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS). Bhí sé mar aidhm le dearadh an cheant an méid foinsí fuinnimh in-athnuaite atáthar ag nascadh leis an eangach leictreachais a uasmhéadú, agus baineann ríthábhacht le tomhaltóirí a chosaint ar ardphraghsanna de réir mar a bhogaimid i dtreo na bliana 2030.
"Cé gurb ísle na méideanna sin ná babhtaí ceant roimhe seo, spriocdhírigh RESS 3 ar thionscadail aibí atá réidh le tosú, a bhfuil ceadanna pleanála agus tairiscintí naisc eangaí acu agus a meastar go soláthróidh siad torthaí go tapa, agus faoi mhíonna tosaigh na bliana 2027 ar a dhéanaí.
"Tá ceathrú ceant RSS, a bheidh níos mó fós, le cur ar siúl sa bhliain 2024. I bhfianaise na n-arduithe i rátaí úis agus na gcostas tógála méadaithe, tá praghsanna in RESS 3 measartha comhsheasmhach leis an gceant deireanach (RESS 2), rud a d’eascair as athruithe i ndearadh an cheant den chuid is mó, a raibh mar aidhm leo aon mhéadú féideartha i bpraghsanna a íoslaghdú.
"Cabhróidh torthaí an cheant le slándáil fuinnimh agus athléimneacht córas a threisiú, rannchuideoidh siad le laghdú in astaíochtaí thar thréimhse an dara buiséad carbóin, agus leanfaidh siad de chur i bhfeidhm seasmhach tionscadal fuinnimh in-athnuaite chun tacú lenár spriocanna fuinnimh Aontais Eorpaigh sna blianta 2027 agus 2030."
Príomhghnéithe de na torthaí:
- Sainaithníodh 934 GWh de na tairiscintí 1,223 GWh a cuireadh isteach mar bhuaiteoirí sealadacha
- Is ionann é sin agus thart ar 148 MW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh agus 497 MW d’fhuinneamh gréine
- Ba é €100.47 in aghaidh an MWh an meánphraghas tairisceana ualaithe don cheant. I ionann é sin agus méadú beag ar mheánphraghas ualaithe RESS 2, a bhí cothrom le €97.87.
- I bhfíorthéarmaí praghais tairisceana, léirítear in RESS 3 méadú beag sa mheánphraghas ar fhuinneamh gaoithe agus ar fhuinneamh gréine i gcomparáid le RESS 2 (thart ar 1.9% agus 1.2%), rud atá ag teacht le brúnna boilscithe bhunúsaigh agus le harduithe i rátaí úis.
- Ceanglaítear le RESS 3 go soláthródh forbróirí an toilleadh ar bhealach luathaithe; ba lú ná mar a bhíothas ag súil leis a bhí an líon tionscadal a bhí in ann é sin a dhéanamh, ar an drochuair. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh an lucht tionscail agus oibritheoirí córais le chéile chun na moilleanna ar réadú tionscadail a laghdú. Den toilleadh os cionn 3 GW de thionscadail a bhfuil tairiscintí naisc eangaí acu agus atá i dteideal dul in iomaíocht in RESS 3, ní dhearna ach pas beag níos lú ná 1 GW iarratas chun dul in iomaíocht sa cheant.
- Tá méideanna an cheant mar bhonn agus thaca ag an ngá le líon níos mó tionscadal fuinnimh gaoithe ar talamh agus tionscadal fuinnimh gréine a bheith ag teacht tríd an bpróiseas nasctha eangaí agus tríd an bpróiseas ceadúcháin. Leagtar béim leis freisin ar an ngá criticiúil le hailíniú méadaithe idir pleananna áitiúla agus spriocanna fuinnimh in-athnuaite chun tacú le hinfheistíocht i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite agus leis na tionscadail sin a sholáthar.
- Faoi mar a bhí amhlaidh i gcás ceantanna RESS roimhe seo, beidh gineadóirí in-athnuaite ag teastáil chun airgead a aisíoc le custaiméirí leictreachais nuair a bheidh na praghsanna margaidh ard.
- Toisc a rinne difear do phraghsanna tairisceana ba ea arduithe i rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus iad ag méadú ó na leibhéil ab ísle riamh tráth RESS 1 agus RESS 2 go breis agus 4% tráth RESS 3. Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh gur as méaduithe i gcostas an chaipitil le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha agus le haghaidh fuinneamh gaoithe a tháinig méadú de thart ar 20% sna Meánchostais Iomlána Táirgthe Fuinnimh deiridh. Táthar ag súil go mbeidh an éifeacht sin níos mó fós don earnáil fuinnimh gréine, a bhí ar an earnáil is mó i gceant RESS 3.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Ryan:
“Ní mór dúinn leanúint dár ndícheall a dhéanamh ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus tairbhí a sholáthar do phobail ar fud na tíre. Tógann RESS 3 ar an méid a baineadh amach i gceantanna roimhe seo agus is é an toradh a bheidh air ná go n-éagsúlófar ár soláthar fuinnimh tuilleadh trí mhéaduithe i bhfuinneamh gréine ar scála eangaí. Rannchuidíonn RESS 3 go mór le spriocanna fuinnimh in-athnuaite na hÉireann agus tá ag éirí leis na hathruithe dearaidh a cuireadh chun feidhme maidir lena chinntiú go bhfuil tomhaltóirí ag leanúint de thairbhiú de chostas íseal na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite.”
Is féidir amharc ar thorthaí sealadacha cheant RESS 3 ar shuíomh gréasáin Ghrúpa EirGrid.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ceantanna RESS
Tá minicíocht cheantanna RESS sa todhchaí ag brath ar an líon tionscadal leictreachais in-athnuaite atá ar na bacáin agus ar thosca margaidh, geografacha agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú.
Tá RESS 3 ar an tríú ceann de chúig cheant bheartaithe ar a laghad le haghaidh fuinneamh ar talamh a chuirfear ar siúl idir na blianta 2020 agus 2025 chun na spriocanna don bhliain 2030 a chomhlíonadh. Is é a bheidh sna ceantanna sin na conairí trína bhféadfaidh forbróirí leictreachais in-athnuaite a dtionscadail a phleanáil agus a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail fuinnimh gréine agus tionscadail fuinnimh gaoithe ar talamh trí cheantanna tiomnaithe amach ón gcósta. Chomh maith leis sin, cuirfear ar chumas na hÉireann leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.
Foilsíodh treochlár athraithe chun dáta i mí na Nollag 2022 le haghaidh ceantanna atá le teacht ina leagtar amach na hamlínte táscacha agus na méideanna táscacha le haghaidh ceantanna sna deich mbliana atá romhainn (rud lena dtugtar soiléire d’fhorbróirí maidir le cén uair is gá dóibh na tionscadail uathu a dhéanamh réidh le haghaidh ceant), agus táthar ag súil go bhfoilseofar leagan athraithe chun dáta eile amach sa bhliain.