English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Ryan roimh an gcéad chruinniú den Tascfhórsa nua um Aistriú Cóir

  • Tá obair le déanamh ag an Tascfhórsa ar thograí a fhorbairt le haghaidh Coimisiún um Aistriú Cóir a bhunú

D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh thionól an chéad chruinnithe den Tascfhórsa um Aistriú Cóir.

Dúirt an tAire Ryan:

"Fáiltím roimh an gcéad chruinniú den Tascfhórsa um Aistriú Cóir, a tionóladh inniu. Is é an chéad chúram a bheidh air ná tograí mionsonraithe a fhorbairt le haghaidh Coimisiún buan um Aistriú Cóir, agus d’iarr mé ar an Tascfhórsa a chuid moltaí a sholáthar dom laistigh de shé mhí. Ar aon dul leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, is é cuspóir an rialtais seo ná gur bonn eolais iomlán faoi bheartas aeráide na hÉireann a bheadh i mbreithniúcháin aistrithe chóir, ionas go dtacófaí leis na daoine sin a mbeadh an tionchar is mó orthu, agus ár dtír á cumasú chun leas a bhaint as na deiseanna ollmhóra atá ar fáil tríd an aistriú sin.

"Gabhaim buíochas le Kieran Mulvey as aontú le cathaoirleacht a dhéanamh ar an Tascfhórsa seo agus gabhaim buíochas leis na comhlachtaí ionadaíocha ábhartha as a dtiomantas do pháirt a ghlacadh san obair thábhachtach seo."

Moladh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 go mbunófaí Coimisiún um Aistriú Cóir chun comhairle a chur ar an rialtas. Leagadh amach sa Phlean gur cheart na cúraimí seo a leanas a chur ar an gCoimisiún:

  • monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal aistrithe chóir agus tuarascálacha agus moltaí a chur ar fáil don rialtas agus don Oireachtas ar an dul chun cinn
  • taighde a choimisiúnú chun scrúdú a dhéanamh ar na hearnálacha den gheilleagar is dóichí a gcuirfear isteach orthu mar thoradh ar an aistriú, chomh maith le réitigh a fhiosrú chun na dúshláin sin a mhaolú
  • comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Aire agus don Rialtas maidir le hidirphlé sóisialta, lena n-áirítear an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide, ar bhealach a gcomhtháthaíonn breithniúcháin aistrithe chóir go héifeachtach agus
  • dúshláin ar leith um aistriú cóir a scrúdú mar a d’iarr an tAire agus moltaí a sholáthar don Rialtas ar réitigh fhéideartha chun na dúshláin sin a mhaolú

Is é a bheidh sa chéad chúram ar an Tascfhórsa ná moltaí mionsonraithe a thabhairt don Aire faoi na míonna tosaigh den bhliain 2024 maidir le ról agus struchtúr an Choimisiúin um Aistriú Cóir. Déanfaidh an Tascfhórsa idirchaidreamh le hionadaithe d’eagraíochtaí gnólachtaí agus fostóirí, do cheardchumainn, d’eagraíochtaí talmhaíochta agus feirmeoireachta, d’eagraíochtaí pobail agus deonacha agus d’eagraíochtaí comhshaoil chun na moltaí sin a fhorbairt don Aire.

Ar na comhaltaí den Tascfhórsa um Aistriú Cóir tá Damian Mc Donald (Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann), Gerard Brady (Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC)), Oisín Coghlan (atá ag déanamh ionadaíocht don Cholún Comhshaoil), Michelle Murphy (atá ag déanamh ionadaíocht don Cholún Pobail agus Deonach), Macdara Doyle (Comhdháil na gCeardchumann (ICTU)), Larry O’Connell (an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta) agus Brian Carroll (an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide). Is é an Cathaoirleach ná Kieran Mulvey, a ghníomhaigh roimhe seo mar Choimisinéir um Aistriú Cóir sa Lár Tíre.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi théarmaí tagartha an Tascfhórsa, féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021

Leagtar amach sanAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, cuspóir náisiúnta aeráide arb é atá ann Éire a aistriú chuig geilleagar a bheidh aeráid-díonach, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus neodrach ó thaobh na haeráide de tráth nach déanaí ná an bhliain 2050. Leis an Acht, suitear aistriú cóir chuig geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de mar phróiseas atá laistigh den mhórchreat iomlán um ghníomhú ar son na haeráide agus lena ndéantar dianiarracht, a mhéid is indéanta, deiseanna fostaíochta a uasmhéadú agus tacú le daoine agus le pobail a bhféadfadh go mbeadh éifeacht dhiúltach ag an aistriú orthu.

An Creat um Aistriú Cóir

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 ceithre phrionsabal le haghaidh aistriú cóir a chinntiú:

1. Cur chuige comhtháite, struchtúrtha agus fianaisebhunaithe chun ár bhfreagairt do riachtanais aistrithe chóir a shainaithint agus a phleanáil

2. Tá na scileanna cearta ag daoine chun bheith in ann páirt a ghlacadh sa gheilleagar astaíochtaí nialasacha amach anseo agus leas a bhaint as.

3. Roinntear na costais sa chaoi is go mbeidh an tionchar cothrom agus nach ngéarófar ar an éagothroime reatha

4. Idirphlé sóisialta chun a chinntiú go gcumhachtófar saoránaigh agus pobail a mbeidh tionchar orthu agus go mbeidh siad lárnach don phróiseas aistrithe

Ar aon dul leis an uaillmhian de chuid an rialtais go ndéanfaí na prionsabail sin a phríomhshruthú go seasta isteach sa bheartas aeráide, tá príomhearnálacha i mbun na prionsabail sin a chomhtháthú isteach i ndearadh a mbeartas agus a mbeart faoi seach.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na hAirí ábhartha uile a gcuid beartas um ghníomhú ar son na haeráide a cheapadh agus a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar an gcreat um aistriú cóir agus trí phrionsabail aistrithe chóir ionas gur bonn eolais faoi bheartais a bheidh sa ghá le haistriú cóir a chinntiú. Áirítear leis sin deiseanna fostaíochta inbhuanaithe a chruthú, deiseanna athoiliúna a sholáthar, agus tacaíochtaí cuí a sholáthar do na daoine is leochailí mar chuid d’aistriú na hÉireann chuig geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de.