English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Ryan roimh an gcinneadh ón Rialtas dul isteach i gCóras Comhtháite Breathnóireachta Carbóin an Aontais Eorpaigh – ar mhaithe lenár mbuiséid gás ceaptha teasa a bhainistiú ar shlí níos fearr

  • Téann Éire isteach i gCóras Comhtháite Breathnóireachta Carbóin an Aontais Eorpaigh – Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ICOS-ERIC)
  • Ainmneofar an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar Phointe Comhtheagmhála Náisiúnta ICOS – chun comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hÉireann leis an líonra

D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, roimh an gcinneadh ón rialtas dul isteach i gCóras Comhtháite Breathnóireachta Carbóin an Aontais Eorpaigh – Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ar a dtugtar ICOS-ERIC nó ICOS amháin freisin). Cumasóidh sé sin don Stát tomhais aeráide eolaíocha ar ardchaighdeán a dhaingniú agus a fhorbairt ionas gur féidir linn ár mbuiséid gás ceaptha teasa a bhainistiú ar shlí níos éifeachtaí.

Tagann an beart sin sna sála ar dhlúthchomhairliúchán a dhéanamh leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a n-oibreoidh a roinn agus a ngníomhaireachtaí faoi seach go dlúth leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun ICOS a bhunú agus a chothabháil in Éirinn.

Is é atá in ICOS ná líonra láithreán um gháis ceaptha teasa a thomhas ar fud na hEorpa, agus iad lonnaithe i 14 thír faoi láthair. Beidh Éire ar an gcúigiú tír déag ina mbeidh láithreán den sórt sin lonnaithe. Táirgeann ICOS tomhais an-bheacht eolaíocha fhadtéarmacha gás ceaptha teasa ag gach láithreán. Is é an toradh atá ar na breathnóireachtaí aeráide sin ná go gcabhraítear le feabhas a chur ar an tuiscint atá againn ar fhoinsí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar a mhéid a ionsúnn na linnte carbóin atá ann inár gcuid foraoisí, ithreacha agus farraigí iad. Toradh eile atá ar na breathnóireachtaí sin is ea go dtugtar léargas dúinn ar na cúiseanna daonna agus nádúrtha le hastaíochtaí agus le linnte araon agus go soláthraítear an bonn eolais agus fianaise a theastaíonn chun eolas a dhéanamh don bheartas aeráide ar mhaithe lenár mbuiséid náisiúnta charbóin a bhainistiú ar shlí níos éifeachtaí.

Mar chuid den phróiseas, ainmneofar an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar Phointe Comhtheagmhála Náisiúnta ICOS chun comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hÉireann leis an líonra. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí (agus an taighde gaolmhar) a dhéantar in Éirinn a nascadh leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar fud líonra ICOS agus rannchuideoidh sí le rialachas foriomlán agus forbairt fhoriomlán an líonra.

Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt an tAire Ryan:

"Is gá go mbeadh na breathnóireachtaí aeráide a dhéantar in Éirinn ar ardchaighdeán agus go mbeadh siad inchomparáide leis na sonraí ó na breathnóireachtaí a dhéantar ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Cumasófar dúinn déanamh amhlaidh trína bheith inár mball de ICOS. Cumasófar dúinn freisin tuiscint agus saineolas eolaíoch a chomhroinnt atá ríthábhachtach maidir le cur leis an eolas atá againn ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar aistrithe gás ceaptha teasa agus maidir leis an tuiscint atá againn ar na nithe sin a dhoimhniú. Soláthróidh ICOS rochtain ar chaighdeáin chalabrúcháin, ar mhodhanna anailíse, ar phrótacail oibríochta agus ar fhóraim saineolaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin.

"Fuair mé tacaíocht thrasrannach ó Airí i leith an togra seo, rud lena dtaispeántar cumais eolaíocha láidre na hÉireann sa réimse seo."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An ceanglas le haghaidh Breathnóireachtaí Comhshaoil

Aithnítear gurb é an t-athrú aeráide an mhórbhagairt dhomhanda ar chórais dhaonna agus nádúrtha. Bíonn an domhan á bhunathrú ag na hathruithe breathnaithe in aeráid an phláinéid, agus na treochtaí is airde riamh in Éirinn féin á dtaifeadadh le déanaí.

Tá an fhianaise ar na hathruithe inár gcóras aeráide spleách ar raon leathan breathnóireachtaí comhshaoil ar ardchaighdeán atá bunaithe ar mhionfhaireachán a dhéantar ar an atmaisféar, ar an aigéan agus ar an talamh. Chuir Éire a hainm le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, rud a bhfuil i gceist leis breathnóireachtaí aeráide a dhéanamh, lena n-áirítear tomhais ar thiúchain gás ceaptha teasa a thagann as astaíochtaí agus as aistrithe aigéanacha agus talún.

An dóigh a dtomhaiseann Éire gáis ceaptha teasa

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ag obair le roinnt mhaith blianta anuas chun líonra láithreán a fhorbairt in Éirinn le haghaidh gáis ceaptha teasa a thomhas. Bailíonn na láithreáin bhreathnóireachta sin sonraí faoi na príomhgháis ceaptha teasa ó eochairchórais, lena n-áirítear féarthailte, tailte portaigh, foraoisí, limistéir chósta agus an tAtlantach Thuaidh. Rinne raon comhlachtaí Stáit na láithreáin sin a bhunú agus a oibriú, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Teagasc, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus Met Éireann. Comhlánaítear na tomhais ó na láithreáin sin le sonraí ó bhreathnóireachtaí spásbhunaithe, amhail iad sin a fhaightear ó chóras Copernicus an Aontais Eorpaigh.

An ról atá ag ICOS

Is ionann an Córas Comhtháite Breathnóireachta Carbóin – Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (nó ICOS, mar acrainm) agus líonra Eorpach na láithreán breathnóireachta. Is é an toradh a bheidh ar bhallraíocht na hÉireann de líonra ICOS ná a chinntiú go gcuirfear prótacail faireacháin atá caighdeánaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta i bhfeidhm in Éirinn. Toradh eile a bheidh uirthi is ea go gcumasófar ailíniú leis na breathnóireachtaí a dhéantar i stáit eile den Aontas Eorpach agus i stáit chomharsanacha agus go n-éascófar rannpháirtíocht in anailís sonraí agus foilsiú torthaí. Cabhróidh sí freisin le fianaise eolaíoch láidir a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin mbeartas maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhainistiú.

An ról atá ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an eolaíocht aeráide a chomhordú

Tá an eolaíocht aeráide á comhordú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in Éirinn agus ar an leibhéal idirnáisiúnta le blianta fada anuas trína rannpháirtíocht leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide. Oibríonn an Ghníomhaireacht roinnt stáisiún faireacháin aeráide ar fud na tíre agus comhordaíonn sí gníomhaíochtaí i gcomhar le comhlachtaí eile stáit a oibríonn i réimse na heolaíochta aeráide. Áirítear leo sin Met Éireann, Teagasc, Seirbhís Foraoiseachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Foras na Mara, agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Stiúrann an Ghníomhaireacht iarrachtaí idirnáisiúnta na hÉireann trína rannpháirtíocht leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide freisin. Sholáthair an Ghníomhaireacht cistiú díreach chun tacú le hobair an Phainéil, d’óstáil sí cruinnithe saineolaithe maidir leis an eolaíocht aeráide, agus bhunaigh sí poist taighde ag ollscoileanna in Éirinn chun tacú leis an eolaíocht aeráide a fhorbairt.