Fógraíonn an tAire Ryan €60 milliún le haghaidh tionscadail phobail bunaithe ar ghníomhaíocht ar son na haeráide ar fud na hÉireann agus seoladh Dialóg Náisiúnta nua maidir le Gníomhú ar son na hAeráide ó COP26
- Foilsithe: 10 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, €60 milliún ar mhaoiniú ón gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide le haghaidh tionscadail phobail maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide, agus struchtúr nua fadtéarmach chun tacú le rannpháirtíocht an phobail i ngníomhú ar son na haeráide.
Rinne an tAire an fógra ó COP26 i nGlaschú ag imeacht ar líne, ag ar bhailigh daoine ó gach áit in Éirinn a ghlac páirt sna Comhráite Aeráide ní ba luaithe i mbliana.
Déanfar €60 milliún ón gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide a infheistiú i dtionscadail agus i dtionscnaimh phobail maidir le gníomhú ar son na haeráide, chomh maith le hacmhainn an phobail a fhorbairt, as seo go ceann deich mbliana. Déanfar an clár a fheidhmiú go céimneach in dhá chéim. Déanfar €30 milliún a leithdháileadh ar an gcéad chéim.
Is é an cuspóir foriomlán tacú le pobail agus cumhacht a thabhairt dóibh chun pobail ísealcharbóin, inbhuanaithe a chruthú agus a fhorbairt ar bhealach ciallmhar. Is iad seo a leanas samplaí de thionscadail atá le maoiniú: pointí luchtaithe pobail EV; tionscadail bheaga fuinnimh in-athnuaite; EVanna pobail; páirceáil rothair; moil dheisiúcháin; agus gairdíní bithéagsúlachta pobail.
D'fhógair an tAire go seolfaí Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide (NDCA) freisin. Déanfar rannpháirtíocht phoiblí, rannpháirtíocht, gníomhaíocht phobail, gníomhaíochtaí líonraithe agus acmhainní an phobail a fhorbairt a éascú – maidir le gníomhú ar son na haeráide. Tagann sé i ndiaidh sraith an-rathúil de Chomhráite Aeráide, a bhí chun fónamh an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a seoladh an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"Déanfaidh NDCA rannpháirtíocht an phobail a éascú, agus muid ag aistriú chuig tír atá neodrach ó thaobh carbóin de. Leis an gcur chuige seo, tabharfar an deis do gach duine a bheith rannpháirteach ar bhealach dearfach – chun a bheith cinnte nach bhfágtar aon duine ar lár agus chun gníomhú ar son na haeráide a chur i gcrích ar bhealach cothrom, cóir agus comhionann.
"Nuair a rinneamar na Comhráite Aeráide a reáchtáil ní ba luaithe i mbliana chun an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a ullmhú, ba é ceann de phríomhtheachtaireachtaí an phobail ná go raibh sé ag iarraidh go dtacódh an Rialtas leis na cineálacha athruithe is gá dúinn a dhéanamh ag leibhéal an phobail agus go ndreasóidh sé iad. Cé go ndéanfaidh an Rialtas infheistíochtaí móra tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta, molaim do dhaoine iarratas a dhéanamh ar an maoiniú pobail seo chun réitigh chruthaitheacha a aimsiú ag leibhéal áitiúil, más é sin an bhithéagsúlacht a chur chun cinn nó feithicil leictreach a mhaoiniú le haghaidh grúpa pobail le go mbeadh fáil níos leithne ar an iompar glas."
Dúirt Joe O’Brien TD, an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a bhfuil freagracht speisialta aige as Carthanachtaí agus an Forbairt Phobail, an méid seo a leanas:
"Beidh earnáil an phobail agus an earnáil dheonach ina gcomhpháirtithe ríthábhachtacha agus iad ag iarraidh a chinntiú go bhfuil páirt á glacadh ag daoine i bpobail áitiúla in Éirinn, agus ar fud an domhain, agus go mothóidh siad gur chuir siad leis na hathruithe atá ag teastáil. Beidh ról ríthábhachtach ag an earnáil freisin agus iad ag cuidiú linn a chinntiú go gcosnaítear na daoine is leochailí agus go mbainfimid 'Aistriú Cóir' amach. Obair ríthábhachtach a bhí sna Comhráite Aeráide ach caithfimid a chinntiú gur gné lárnach í an t-idirphlé leanúnach den bhealach a rachaimid ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí aeráide atá ag teastáil chun ár saol ar fad a fheabhsú."
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Beidh tuilleadh eolais maidir leis an Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide (NDCA) agus an tuairisc iomlán de Chomhráite Aeráide 2021 ar fáil ar 6.30pm Dé Céadaoin, an 10 Samhain.
Beidh tuilleadh eolais maidir leis an gCiste Aeráide ar fáil ó 6.30pm Dé Céadaoin, 10 Samhain.
Fuarthas tuairimí 3,800 ball an phobail sna Comhráite Aeráide, chomh maith le tuairimí 200 ball ó Líonraí Rannpháirtíochta (PPNs) trí cheardlanna agus chruinnithe. Cuireadh guthanna breis agus 100 duine óg san áireamh, trí líonra Chomhairle na nÓg.
Clár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide
Beidh dhá chéim sa Chlár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus an iad ar siúl thar 18 mí agus arb ionann iad agus €30 milliún an chéim.
Is iad seo a leanas na sonraí maidir le snáithe Chéim 1:
Snáith 1 – Gníomh: Pobail Ísealcharbóin a chruthú:
- Cuirfear €24 milliún ar fáil do na húdaráis áitiúla chun tacú le pobail – ar pobail mhóra agus beaga, iargúlta agus uirbeacha iad – chun pobail ísealcharbóin a chruthú ar bhealach tomhaiste agus struchtúrtha
Snáith 2 – Oideachas: Oideachas Aeráide, Acmhainn an Phobail a fhorbairt agus Foghlaim ó Dhéanamh:
Cuirfear €6 milliún ar fáil chun acmhainn an phobail a fhorbairt i dtaca le gníomhú ar son na haeráide. Tá dhá ghné sa snáith seo:
- Tionscadail/Tionscnaimh maidir le Glao Oscailte le haghaidh Oideachais, Acmhainn an Phobail a fhorbairt agus Foghlaim ó Dhéanamh: Déanfaidh 'Pobal' glao oscailte a rith, a mbeidh luach €5 milliún aige trína bhfuiltear ag lorg tionscadail/tionscnaimh a éascaíonn gníomhú pobail ar son na haeráide trí oideachas, acmhainn an phobail a fhorbairt agus foghlaim ó dhéanamh
- Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Cuireadh €1 milliún ar leataobh as an gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide don Chlár 'Creative Ireland' cheana féin chun Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide a chur ar bun
Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide
Beidh clár imeachtaí bliana ar fud na tíre san áireamh leis seo. Ar na himeachtaí seo beidh Fóram Náisiúnta do na Páirtithe Leasmhara; Tionól Aeráide na nÓg; Comhráite maidir leis an Aeráid Áitiúil; agus líonra agus acmhainn a fhorbairt idir eagraíochtaí.