Fógraíonn an tAire Smyth foilsiú thorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2023
- Foilsithe: 10 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Táthar ag súil leis go mbrúfar laghdú sa bhruscar buidéal plaisteach agus cannaí chun cinn sa bhliain 2024 leis an Scéim Aisíoca Éarlaise
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, gur foilsíodh torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2023. Soláthraítear sna torthaí sin sonraí staitistiúla tábhachtacha faoi fhad agus comhdhéanamh an bhruscair in Éirinn agus faoi na cúiseanna leis, agus iad ag cur ar chumas na n-údarás áitiúil chun an truailliú ó bhruscar a bhainistiú ar bhealach córasach struchtúrtha.
Agus foilsiú na dtorthaí don bhliain 2023 á bhfógairt aige, luaigh an tAire Smyth an ról tábhachtach atá á imirt ag údaráis áitiúla agus ag pobail áitiúla araon i ndul i ngleic le dúshláin bhruscair na hÉireann.
Dúirt an tAire Smyth:
"Cé go bhfuil áthas orm laghdú a fheiceáil sa chéatadán de limistéir a bhfuil méid measartha truaillithe iontu, tá imní orm faoin laghdú sa chéatadán de limistéir nach bhfuil aon truailliú iontu agus faoin méadú sa chéatadán de limistéir a bhfuil méid mór truaillithe iontu agus de limistéir a bhfuil méid ollmhór truaillithe iontu. Is treochtaí iad sin ar mhaith liom go dtiocfadh siad chun deiridh agus is meabhrúchán dúinn uile iad gur gá dúinn leanúint d’obair go dícheallach chun a chinntiú go leanaimid den dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo ar thruailliú ó bhruscar a chomhrac.
"Léirítear sna torthaí a foilsíodh le déanaí ar shuirbhéanna Irish Business Against Litter [IBAL] go bhfuil treochtaí dearfacha ann ó thaobh buidéil phlaisteacha agus cannaí de, agus laghdú 30% ann sa líon cannaí dí a caitheadh amach agus laghdú 20% ann sa líon buidéal plaisteach ar ár sráideanna. Ós rud é go raibh an Scéim Aisíoca Éarlaise san idirthréimhse fós le linn shuirbhéanna IBAL, bheinn ag súil le tuilleadh laghduithe suntasacha sa líon míreanna den sórt sin a thagann chun bheith ina mbruscar a fheiceáil i dtorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2024."
Dúirt sé ina dhiaidh sin:
"Tá bruscar a bhaineann le toitíní ar an toisc is mó ar fad taobh thiar den bhruscar foriomlán fós. Tháinig laghdú 6.5% air i gcomparáid le leibhéal na bliana 2022, áfach – agus é cothrom le 45.6% anois. Bunaíodh Grúpa um Scagairí Plaisteacha Táirgí Tobac. Is Scéim Freagrachta Leathnaithe í d’allmhaireoirí agus táirgeoirí a chuireann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu ar an margadh in Éirinn. Cabhróidh sé sin le híoc as an gcostas a bhaineann le glanadh agus le bonneagar gaolmhar. Cabhróidh sé freisin le feasacht a mhéadú.
"Leagtar béim sna torthaí a foilsíodh inniu ar na réimsí éagsúla is dúshlán don bhruscar a chosc in Éirinn. Táim meáite ar dhul i ngleic leis an bhfadhb sin agus tá mo chuid oifigeach i mbun scrúdú a dhéanamh ar an dóigh is fearr ar féidir é sin a bhaint amach."
Bruscar a bhaineann le toitíní
Is é atá sa bhruscar a bhaineann le toitíní fós ná an chatagóir aonair truaillithe bruscair is mó sna láithreacha a ndearnadh suirbhé orthu.
Táthar ag dul i ngleic leis sin faoi cheann amháin de cheanglais na Treorach maidir le Plaistigh Aonúsáide, rud a glacadh sa bhliain 2019 agus a trasuíodh sa dlí náisiúnta faoi na Rialacháin um Plaistigh Aonúsáide, 2021. Is é aidhm na Treorach ná an tionchar atá ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú, rud atá le baint amach trí chreat beart lena n-áirítear srianta margaidh, ceanglais maidir le táirgí agus le lipéadú, méadú feasachta, agus scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach.
Bunaíodh an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh táirgí scagaire toitíní a bhfuil plaisteach iontu (féach suíomh gréasáin an Ghrúpa um Scagairí Plaisteacha Táirgí Tobac. Ceanglaítear léi ar allmhaireoirí agus ar tháirgeoirí a chuireann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu ar mhargadh na hÉireann chun teacht ina mbaill agus chun ranníoc leis na costais a bhaineann le bruscar a ghlanadh agus le feasacht a mhéadú. Déanfar an t-ioncam a bhaileofar a chur i leataobh chun rannchuidiú le bearta um bruscar a chosc agus le glanadh.
Bogadh i dtreo 'geilleagar ciorclach' a bhaint amach – agus an bruscar a chomhrac
Tá an beartas Rialtais ag bogadh i dtreo 'geilleagar ciorclach' a bhaint amach. Ní féidir linn leanúint d’ábhair a dhéanamh, a úsáid agus a chaitheamh amach. Trí bhogadh chuig geilleagar ciorclach, is féidir linn úsáid ábhar agus dramhaíl ábhar a laghdú.
Is cuid thábhachtach den obair sin í an Scéim Aisíoca Éarlaise le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra. Tá sí ag laghdú an bhruscair agus ag comhrac an tionchair a bhíonn ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol. Meastar go n-úsáidtear thart ar 5 mhilliún ceann de bhuidéil agus cannaí aonúsáide dí gach lá in Éirinn. Ó tugadh an Scéim Aisíoca Éarlaise isteach i dtús mhí Feabhra i leith, tugadh 270 milliún coimeádán, beagnach, agus aisíocadh éarlaisí is fiú €47 milliún le tomhaltóirí. Is mó na meánrátaí tugtha ar ais in aghaidh an lae agus trí mhilliún ceann de bhuidéil agus de channaí ar bhonn tráthrialta anois; leanfaidh an figiúr sin ar aghaidh ag méadú, ós rud é go bhfuil an 'idirthréimhse' tagtha chun deiridh. Is eol dúinn anois gur beart éifeachtach um bruscar a chosc í an Scéim Aisíoca Éarlaise. Soláthraítear léi dreasacht airgid, eadhon éarlais in-aisíoctha, do thomhaltóirí chun buidéil fholmha nó cannaí folmha a thabhairt ar ais. Bíonn dreasacht ag daoine atá ag dul an bealach, fiú, buidéil nó cannaí a chaitear amach mar bhruscar a thógáil suas, is é sin an éarlais a éileamh.
Bunófar scéimeanna eile Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh míreanna aonúsáide – amhail ceirtíní taise, balúin agus fearas iascaireachta a bhfuil plaisteach ann, agus iad de bhreis ar na scéimeanna atá ann cheana le haghaidh scagairí tobac agus le haghaidh míreanna pacáistíochta.
Leanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide de roinnt cláir ardtionchair lena méadaítear an fheasacht ar an gcomhshaol a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh. Áirítear leo sin: Clár na Scoileanna Glasa, atá dírithe ar oideachas a chur ar dhaoine óga; an clár PURE (Ardtailte agus Timpeallachtaí Tuaithe a Chosaint) a reáchtálann Comhairle Contae Chill Mhantáin é; agus na scéimeanna deontais frithbhruscair agus frithghraifítí do phobail áitiúla, ar scéimeanna iad a n-oibríonn údaráis áitiúla iad. De bhreis air sin, leanann an roinn de thacú le hobair grúpaí áitiúla tríd an nGlantachán Náisiúnta Earraigh a reáchtálann An Taisce é.
Forbhreathnú ar thorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2023
- Tugtar le fios i dtorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar gur tháinig laghdú ar an gcéatadán de limistéir nach bhfuil aon truailliú iontu (LPI 1) ó 22.1% sa bhliain 2022 go 21.5% sa bhliain 2023. Tugtar le fios i gcomparáid idir na torthaí ón mbliain 2022 go dtí an bhliain 2023 gur tháinig laghdú ar an gcéatadán de limistéir nach bhfuil ach beagán truaillithe iontu (LPI 2) ó 58.0% sa bhliain 2022 go 56.8% sa bhliain 2023
- Tháinig laghdú ar an gcéatadán de limistéir a bhfuil méid measartha truaillithe iontu (LPI 3) ó 17.0% sa bhliain 2022 go 15.5% sa bhliain 2023. Tháinig méadú ar an gcéatadán de limistéir a bhfuil méid mór truaillithe iontu (LPI 4) ó 2.5% sa bhliain 2022 go 5.8% sa bhliain 2023. Tháinig méadú 0.2% ar an gcéatadán de limistéir a bhfuil méid ollmhór truaillithe iontu (LPI 5) ó 0.3% sa bhliain 2022 go 0.5% sa bhliain 2023
- Tháinig laghdú 1.8% ar an gcéatadán de limistéir nach bhfuil aon truailliú iontu (LPI 1) agus de limistéir nach bhfuil ach beagán truaillithe iontu (LPI 2) le chéile idir an bhliain 2022 agus an bhliain 2023, á thaispeáint, mar sin de, go raibh méadú ann sa truailliú ó bhruscar idir an bhliain 2022 agus an bhliain 2023
- Tháinig laghdú ar an gcéatadán de bhruscar ó scoileanna/leanaí scoile ó 4.6% sa bhliain 2021 go 3.6% sa bhliain 2022
- Leanann coisithe a bhíonn ag dul thart de bheith ar an toisc chúiseach aonair is mó taobh thiar den truailliú ó bhruscar, agus iad freagrach as 42.3% den truailliú ó bhruscar ar fud gach údaráis áitiúil sa bhliain 2023
- Maidir leis na comhpháirteanna den truailliú ó bhruscar agus leis na tosca cúiseacha taobh thiar de, tá siad measartha seasmhach ar fud gach cineáil údaráis áitiúil fós idir an bhliain 2022 agus an bhliain 2023. Tá bruscar a bhaineann le toitíní agus bruscar a bhaineann le guma coganta ar an gcomhpháirt is mó agus ar an dara comhpháirt is mó faoi seach den truailliú ó bhruscar sa tír fós
- Sa bhliain 2023, cuireadh roinnt catagóirí leis. Áirítear leo sin táirgí vápála agus míreanna aonúsáide amhail ceirtíní, maisc aghaidhe, baitíní cadáis agus lámhainní indiúscartha
- Tá torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2023 ar fáil ina n-iomláine ar shuíomh gréasáin na roinne
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Cheap an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Tobin Consulting Engineers chun feidhmiú mar Chomhlacht Monatóireachta Bruscair don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 1 Aibreán 2025 tar éis comórtas tairisceana – chun leanúint le forbairt a dhéanamh ar an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar a bunaíodh sa bhliain 1999 agus chun cur chun feidhme an chórais sin ag údaráis áitiúla a chomhordú. Trí bhíthin suirbhéanna ó na húdaráis áitiúla (dá raibh breis agus 5,000 ceann ann sa bhliain 2023), gintear sonraí iontaofa leis an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar chun cur ar chumas gach údaráis áitiúil athruithe i méid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme a thomhas go cruinn le himeacht ama, rud a chabhraíonn leo bainistíocht bruscair a phleanáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Leis an gcóras, ceanglaítear ar údaráis áitiúla:
- na foinsí féideartha bruscair ina limistéar feidhme a shainaithint/a léarscáiliú
- na sonraí sin a úsáid chun láithreacha suirbhé a shainaithint ar mhaithe le comhdhéanamh agus méid an truaillithe ó bhruscar ina limistéar a dhéanamh amach
- sraith suirbhéanna a dhéanamh gach bliain, ar féidir na torthaí orthu a chur i gcomparáid leis an 'tagarmharc' nó le torthaí suirbhé na mblianta roimhe chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar dhul i ngleic le bruscar, agus na foirmeacha suirbhé cuí a chomhlánú lena seoladh ar ais chuig an gComhlacht Monatóireachta Bruscair lena n-anailísiú/lena measúnú
Ar na sonraí suirbhé a fháil ó údaráis áitiúla, déanann an Comhlacht Monatóireachta Bruscair:
- tuairisciú ar ais do gach údarás áitiúil lena mheasúnú ar na sonraí suirbhé uathu
- na torthaí suirbhé a thiomsú i bhforbhreathnú náisiúnta agus é a chur faoi bhráid na roinne
Is ann do dhá chineál suirbhé a dhéanann údaráis áitiúla:
- Suirbhéanna ar Thruailliú ó Bhruscar chun méid agus déine an truaillithe ó bhruscar a dhéanamh amach
- Suirbhéanna ar Chainníocht Bruscair chun comhdhéanamh (is é sin, cineál agus bunús) an truaillithe ó bhruscar atá i réim i limistéar ar leith a shainaithint
Sainaithnítear cúig cinn déag de chatagóirí bruscair sna suirbhéanna ar chainníocht bruscair:
- Bruscar a bhaineann le toitíní
- Bruscar a bhaineann le bia
- Bruscar a bhaineann le milseáin
- Pacáistíocht ó bhéilí le tabhairt leat
- Pacáistíocht ghloine
- Pacáistíocht mhiotail
- Pacáistíocht pháipéir
- Pacáistíocht phlaisteach
- Bruscar dochrach (is é sin, salú madraí, clúidíní, snáthaidí, steallairí agus mar sin de)
- Mórmhíreanna bruscair (is iad sin, fearais tí, troscán agus mar sin de)
- Bruscar páipéir nach bruscar pacáistíochta é (amhail duillíní bainc agus irisí)
- Bruscar plaisteach nach bruscar pacáistíochta é (is é sin, sceanra plaisteach, bréagáin agus mar sin de)
- Míreanna ilghnéitheacha (míreanna nach gcumhdaítear ar shlí eile, amhail sreangán agus éadaí)
- Rubar (boinn agus balúin)
- Táirgí vápála (is iad sin, galtoitíní, pacáistíocht, athlíontaí agus ceallraí)
Ba é an toradh a bhí ar an gcéad sraith de shuirbhéanna a rinneadh sa bhliain 2000/2001 ná gur cuireadh ar chumas na n-údarás áitiúil measúnuithe ‘tagarmhairc’ a bhunú ar mhéid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme, agus táthar in ann comparáidí idir na torthaí suirbhé bhliantúil agus na suirbhéanna tagarmhairc sin a úsáid chun an dul chun cinn a thomhas ón uair sin i leith. Leis an anailís ar shonraí suirbhé, cuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil éifeachtacht a straitéisí bainistíochta bruscair a mheasúnú ar bhonn leanúnach.
Is é an toradh atá ar na sonraí a tháirgtear trí shuirbhéanna an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar ná go gcuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil na nithe seo a leanas a shainaithint:
- méid agus déine an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme
- na cineálacha bruscair, na foinsí bruscair is dóchúla agus na cúiseanna is dóchúla le bruscar
- na hathruithe i leibhéil bhruscair ó láthair go láthair agus le himeacht ama
- láthair na ndubhphointí bruscair, agus
- tionchar na mbeart nua frithbhruscair
Is é is an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar ann ná uirlis bainistíochta comhshaoil lena gcuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil dul i ngleic leis an mbruscar ar bhealach níos éifeachtaí trí chreat a sholáthar le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach cruinn.