Fógraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann cistiú le haghaidh sé thionscadal geo-oidhreachta pobail
- Foilsithe: 29 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, deontais gheo-oidhreachta a bhronnadh ar shé thionscadal phobalbhunaithe ar fud na tíre. Is fiú suas le €10,000 an ceann iad na deontais. Tá na cistí ar fáil faoin Scéim Deontas Geo-oidhreachta atá á riar faoin gClár Geo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Leis na cistí, tacaítear le grúpaí áitiúla, le láithreáin sheanbhunaithe gheothurasóireachta, le geopháirceanna ionchasacha agus le Geopháirceanna Domhanda UNESCO ábhair oideachais agus for-rochtana a fhorbairt agus a fhoilsiú. Tá sé mar aidhm leis an gciste insint scéal geolaíoch na hÉireann a spreagadh, feabhas a chur ar an tuiscint ar an ngeo-eolaíocht agus dul i dteagmháil le grúpaí áitiúla ar fud na tíre.
Cuid d’oidhreacht na hÉireann is ea an gheolaíocht, agus ceiliúrtar mar chuid dár bhféiniúlacht í. Imríonn an tírdhreach agus na carraigeacha faoina bhun tionchar ar ár dtionscal turasóireachta, agus is ar na gnéithe geolaíocha agus geografacha a bhíonn ár dtalmhaíocht agus ár mbia agus, ina lán cásanna, ár logainmneacha agus ár dtraidisiúin bunaithe. Mar gheall ar éagsúlacht leathan na geolaíochta in Éirinn agus ar mhúnlú an tírdhreacha le déanaí, tá acmhainneacht ag gach baile fearainn scéal spéisiúil geo-oidhreachta a insint. Tá an ciste ar fáil do gach grúpa pobail agus áitiúil ón mbliain 2019 i leith, agus é mar aidhm leis oideachas geo-éagsúlachta, geo-oidhreachta agus geo-eolaíochta a chur chun cinn trí rannpháirtíocht an mhórphobail.
Leanann na hiarratais rathúla sa bhliain 2022 le héagsúlacht gheolaíocht agus gheo-oidhreacht na hÉireann, agus an luach ar an ngeolaíocht agus ar an ngeo-oidhreacht sin do thionscnaimh agus pobail áitiúla, a léiriú. I roinnt de na tionscadail, tarraingítear aird ar rannpháirtíocht an phobail leis an ngeolaíocht áitiúil agus leis an ngeo-oidhreacht áitiúil:
- forbróidh tionscadal digiteach Shaotharlann Bhithréigiúnach Fíodóireachta, Port Láirge, léarscáil dhigiteach lena ngabhfar croí oidhreacht thírdhreach Chósta an Chopair i bPort Láirge agus a phobal áitiúil
- taispeánfaidh tionscadal de chuid Ghrúpa Athchóirithe Sheanreilig Naomh Eoin ar an Obair, Co. na Mí, geolaíocht na Mí thuaidh i dtaispeántas traidisiúnta agus i bhformáid chlosamhairc in Ionad Oidhreachta na hOibre
- forbróidh Páirc Fionnachtana Chaisleán an Chomair léarscáil gheolaíoch de limistéar Chaisleán an Chomair, rud a chuirfear i láthair freisin ar threoracha páipéir conaire lena gcuirfear beocht i stair gheolaíoch an limistéir do spriocphobal áitiúil agus do chuairteoirí araon.
Leanann Geopháirceanna Domhanda UNESCO lena ngeolaíocht áitiúil a cheiliúradh. I mbliana:
- beartaíonn Geopháirc Dhomhanda UNESCO Bhoirne agus Aillte an Mhothair sraith de bheochaintí gearra a dhearadh agus a léiriú go grafach, ina n-inseofar scéal stair gheolaíoch na Geopháirce
- féachann Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair le glúin nua conairí agus cártaí conaire atá dírithe ar an ngeo-oidhreacht a sholáthar lena n-úsáid ag siúlóirí nó rothaithe agus iad ag dul trí bhóithre ciúine agus stráicí easbhóthair chun láithreáin ar ábhair spéise geolaíche iad a aimsiú
- féachann geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair le haird a tharraingt ar thírdhreach carstach réigiún na geopháirce i gContae Mhaigh Eo agus i gContae na Gaillimhe trí fhíseán beoite a léiriú ina n-inseofar scéal an tírdhreacha charstaigh
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Tá an tSuirbhéireacht Gheolaíochta ag obair ar fud na tíre ón mbliain 1845 i leith, agus tá sé seo ar cheann amháin de na bealaí inar féidir rannchuidiú le pobail, dea-chaidreamh a chothú agus daoine a spreagadh obair i gcomhar linn chun sonraí, léarscáileanna agus saineolas a úsáid ar mhaithe le hacmhainní áitiúla turasóireachta agus oideachais a fhorbairt. Tá na tionscadail a sheolfar i mbliana mar fhianaise ar an raon leathan bealaí inar féidir an gheolaíocht agus an gheo-oidhreacht a úsáid chun an turasóireacht agus an t-oideachas a fhorbairt agus chun bród áitiúil a chothú as an obair a rinne na tionscadail phobail áitiúil a fuair cistiú den chineál céanna sa bhliain 2021-2022. Is cúis áthais dom go bhfuair an Scéim Deontas Geo-oidhreachta an oiread sin iarratas i mbliana, agus táim ag tnúth le torthaí na gcomhthionscadal pobail a fheiceáil."
Nótaí don Eagarthóir
Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann
Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í.
Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann seirbhís Geolaí ar Dualgas don phobal chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus ábhair imní a bhaineann leis an ngeo-eolaíocht. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
An Clár Geo-oidhreachta
Is ar an gClár Geo-oidhreachta i Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann atá an fhreagracht as láithreáin a bhfuil tábhacht gheolaíoch leo a chosaint agus a chur chun cinn. Sainaithníonn sé láithreáin mar Láithreáin Gheolaíocha Chontae lena gcur ar áireamh i bPleananna Forbartha agus Oidhreachta Contae. Cuirtear Iniúchtaí Contae i gcrích i gcomhpháirt leis an gComhairle Oidhreachta agus le húdaráis áitiúla, agus moltar na Láithreáin Gheolaíocha Chontae is mó suntas don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra lena n-ainmniú féideartha amach anseo mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha. Oibríonn an Clár i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le grúpaí pobail chun táirgí geothurasóireachta a fhorbairt agus, go háirithe, chun Geopháirceanna Domhanda UNESCO a bhunú agus a chothú.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Geo-oidhreachta agus faoi na tionscadail gheo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
Liosta iomlán faighteoirí deontais
| Ainm | Láthair | Mionsonraí |
| Páirc Fionnachtana Chaisleán an Chomair | Co. Chill Chainnigh | |
| Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair | Co. Phort Láirge | |
| Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe | ||
| Co. Phort Láirge | ||
| Grúpa Athchóirithe Sheanreilig Naomh Eoin | Co. na Mí | |
| Co. an Chláir |