Fógraítear Cistiú Tacaíochta Pobail is fiú €6 mhilliún do thionscadail sa Lár Tíre
- Foilsithe: 25 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tabharfar an cistiú do thionscadail atá faoi stiúir ag an bpobal sa Lár Tíre – faoi Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
D’fhógair an tAire Darragh O'Brien gur dámhadh Cistiú Tacaíochta Pobail is fiú €6 mhilliún, beagnach, do 10 dtionscadal atá faoi stiúir ag an bpobal sa Lár Tíre faoi Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
Dámhadh na tionscadail tríd an tríú glao iomaíoch le haghaidh tograí sa Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. Tá an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha á comhchistiú ag an rialtas agus ag an Aontas Eorpach trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
Ba é aidhm an ghlao seo ná Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail a chistiú chun deiseanna nua fostaíochta a sholáthar d’oibrithe agus do phobail a bhíodh ríspleách ar bhaint móna. Leis an nglao, soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe do thionscadail a chuirfidh borradh faoi athléimneacht na bpobal agus faoi chreatlach eacnamaíoch mhór-réigiún an Láir Tíre.
Soláthróidh na tionscadail a ceadaíodh le haghaidh cistiú a fháil tairbhí suntasacha don réigiún, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- infheistíochtaí sa gheilleagar ciorclach a fheabhsú, amhail trí dhramhaíl a chosc agus a laghdú, trí éifeachtúlacht acmhainní, trí athúsáid, trí dheisiú agus trí athchúrsáil
- sócmhainní áitiúla bonneagair agus oidhreachta a chaomhnú, a athchuspórú agus a athchóiriú lena n-úsáid mar spásanna fiontraíochta
- tacaíocht do theicneolaíochtaí glasa, lena n-áirítear cleachtais fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh inbhuanaithe
Tagann an fógra seo chun cinn dornán laethanta tar éis an fhógra faoi ghrúpa eile de 17 dtionscadal ar éirigh leo cistiú a fháil ó chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, laistigh den Scéim Cúnaimh Deontais Infheistíochta d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide Phríobháideacha agus Phobail atá á reáchtáil ag Fáilte Éireann. Fágann an fógra a tugadh inniu go bhfuil cistiú faighte ag breis agus 80 tionscadal ó na scéimeanna éagsúla atá ar bun faoi chlár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
Forbraíodh an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha trí dhlúth-chomhoibriú idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, arb é an tÚdarás Bainistíochta do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir é. Tá sí á riar trí Pobal. Tá sé mar aidhm léi tacú le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha ó bhun aníos a chur chun feidhme.
Ag labhairt dó faoi na tionscadail a ceadaíodh lena gcistiú, dúirt an tAire O'Brien:
"Spriocdhíríodh an glao seo ar na daoine agus na pobail a ndearna an scor de bhaint móna sa Lár Tíre an difear is mó dóibh. Is é atá sna tionscadail roghnaithe ná cuid thábhachtach den aistear i dtreo todhchaí ísealcharbóin a bheidh cóir do gach duine. Táim ag súil le hamharc ar na tairbhí don chreatlach shóisialta, don gheilleagar agus don chomhshaol a thiocfaidh as na tionscnaimh seo."
Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Tá ríméad ar Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre a fheiceáil go bhfuil an ciste ag tacú leis na tionscadail seo faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. I gcomhar le tionscadail eile a dtacaíonn clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir leo, imríonn na tionscadail seo ról ríthábhachtach i bhforbairt réigiúnach atá faoi stiúir ag an bpobal áitiúil a bhrú chun cinn agus i dtodhchaí níos láidre agus níos inbhuanaithe do na pobail sa Lár Tíre a bhrú chun cinn. Tá bród orainn as a bheith ábalta tacú leis na smaointe uathúla tionscadail seo a léiríonn an chlisteacht atá le fáil sna pobail sa Lár Tíre."
Is deis nua í seo chun tionscadail a chistiú trí úsáid a bhaint as acmhainní faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. Bhí an glao dírithe ar fhothacar contaetha a thagann faoi Chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, ag teacht sna sála ar anailís fhianaisebhunaithe ar thionchair agus ar dháileadh cistiúcháin. Ba ghá do na tionscadail rathúla ailíniú dlúth a léiriú le Pleananna Fiontraíochta Réigiúnacha agus le Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail atá sainithe ag an leibhéal áitiúil.
Bhí tionscadail a oibríonn sna limistéir seo a leanas incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh faoin nglao seo: Laois, Uíbh Fhailí, an Longfort, Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Ceantar Bardasach Bhaile Átha Í agus Ceantar Bardasach Chlaonta-Mhaigh Nuad (Contae Chill Dara).
Tionscadail Roghnaithe
- faoi réir comhaontú deontais
** Tá Generation: You Employed lonnaithe sa Mhí ach tá an tionscadal á sholáthar i gCríoch Ainmnithe an Láir Tíre
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Críoch incháilithe
Tá clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn spriocdhírithe ar mhór-réigiún an Láir Tíre, de réir mar a aistríonn sé ar shiúl ó bhaint móna le haghaidh úsáid fuinnimh. Tá críoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Eagraíochtaí incháilithe faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha
Áiríodh iad seo a leanas leis na heagraíochtaí a bhí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin nglao seo den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha:
- Údaráis áitiúla laistigh de Chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
- Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
- Boird Oideachais agus Oiliúna
- institiúidí oideachais
- comhlachtaí poiblí eile
- eagraíochtaí pobail agus deonacha
- fiontair shóisialta
- carthanais
- eagraíochtaí neamhbhrabúis
Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Agus é á chomhchistiú ag an rialtas agus ag an Aontas Eorpach, is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cúnamh a thabhairt do na críocha sin a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach an difear is mó dóibh. Is í an chríoch sin in Éirinn ná mór-réigiún an Láir Tíre, ar imir an t-aistriú ar shiúl ó tháirgeadh móna agus ó ghiniúint leictreachais ó mhóin tionchair dhíreacha air. Beidh méid nach mó ná €169 milliún ar fáil sa Chiste, trí acmhainní Státchiste agus Aontais Eorpaigh a úsáid, chun aistriú cóir a éascú i dtreo geilleagar ísealcharbóin sa Lár Tíre.
Trí dheiseanna a sholáthar don fhostaíocht sa Chríoch, is féidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a chruthú.
Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:
- Fostaíocht a ghiniúint do phobail a bhíodh ag brath roimhe sin ar tháirgeadh móna trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
- Tacú le tailte móna agus talamh gaolmhar a athchóiriú, a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile
- Roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas
Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.