Faomhadh déanta ag an Rialtas ar Bhille Aeráide thar a bheith suntasach a chuireann Éire ar an mbealach chuig glan-astaíochtaí nialasacha faoi 2050
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2021
- Beidh an Sprioc Eatramhach chun laghdú 51% a bhaint amach faoi dheireadh na ndeich mbliana cumhdaithe sa dlí
- D’áitigh an pobal a bheith páirteach sa Chomhrá um an Aeráid agus cabhrú le Plean Gníomhaíochta um an Aeráid nua a chruthú chun tús a chur leis an turas go Glan-Astaíochtaí Nialais
Cheadaigh an Rialtas téacs deiridh na reachtaíochta inniu d’fhonn Éire a chur ar an mbealach chuig glan-astaíochtaí nialasacha tráth nach déanaí ná 2050, agus laghdú 51% ar astaíochtaí faoi dheireadh na ndeich mbliana seo. Cuirfidh an Bille an creat ar fáil freisin d’Éirinn chun a tiomantais idirnáisiúnta agus AE maidir leis an aeráid a chomhlíonadh agus chun a bheith ina ceannaire seachas ina moilleadóir maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.
Rithfear an Bille um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, atá mar phríomhthiomantas sa Chlár Rialtais, ar aghaidh anois trí Thithe an Oireachtais mar reachtaíocht tosaíochta.
Príomh-bhuaicphointí maidir leis an mBille
- Sa leagan deiridh den Bhille um an Aeráid leabaítear an próiseas chun spriocanna maidir le laghduithe astaíochtaí ceangailteacha agus uaillmhianacha a leagan síos sa dlí
- Foráiltear leis an mBille do chuspóir náisiúnta um an aeráid, a thugann gealltanas an t-aistriú go geilleagar atá athléimneach ó thaobh aeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de a shaothrú agus a bhaint amach
- Foráiltear leis an mBille gur cheart go mbeadh an chéad dá bhuiséad carbóin cúig bliana a mhol an Chomhairle Chomhairleach um an Athrú Aeráide cothrom le laghdú iomlán de 51% thar an tréimhse go 2030, i gcoibhneas le bunlíne 2018
- Neartaíodh ról na Comhairle Comhairlí um an Athrú Aeráide, rud a chuireann ar a cumas buiséid charbóin a mholadh don Aire a chomhlíonann ár n-uaillmhian agus ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta
- Caithfidh an rialtas buiséid charbóin a ghlacadh atá ar aon dul le comhaontú Pháras agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile. Áireofar gach cineál astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-áirítear meatán bithghineach sna buiséid charbóin. Is faoin rialtas atá sé, áfach, cinneadh a dhéanamh ar na rianta d’earnálacha éagsúla
- Cinnfidh an Rialtas, tar éis comhairliúcháin, conas an buiséad carbóin a chur i bhfeidhm ar fud na n-earnálacha ábhartha, agus cad a chuirfidh gach earnáil leis i dtréimhse cúig bliana ar leith
- Tabharfar mionsonraí ar ghníomhaíochtaí do gach earnáil sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chaithfear a nuashonrú go bliantúil
- Beidh Airí Rialtais freagrach as na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí dá réimse earnála féin a bhaint amach agus gach Aire ag tabhairt cuntas ar a bhfeidhmíocht i dtreo spriocanna agus gníomhartha earnála os comhair Coiste Oireachtais gach bliain
- Ní mór d’Údaráis Áitiúla Pleananna Gníomhaíochta Aeráide aonair a ullmhú a chuimseoidh bearta maolaithe agus oiriúnaithe agus a thabharfar cothrom le dáta gach cúig bliana. Ní mór Pleananna Forbartha Údarás Áitiúil a chur ar chomhréim lena bPlean Gníomhaíochta Aeráide
- Beidh oibleagáid ar Chomhlachtaí Poiblí Pleananna Gníomhaíochta Aeráide a chur san áireamh agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu
Dúirt an Taoiseach inniu:
“Lá an-suntasach é seo d’Éirinn. Tá a fhios againn go léir go bhfuil an tAthrú Aeráide ag tarlú cheana féin, agus anois an t-am chun gníomhaithe. Dearbhaítear leis an mBille atá á fhoilsiú againn inniu ár n-uaillmhian bheith mar cheannródaí domhanda sa réimse sin. Agus muid ag cur tús lenár dturas i dtreo glan-astaíochtaí nialasacha, tá an rialtas tiomanta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, agus glacadh leis na deiseanna, is féidir leis an aistriú sin a thabhairt ar ár ngeilleagar, ar ár sochaí agus inár dtír. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag gníomhú, ar fud an Rialtais, mar níl aon am le cur amú maidir lenár dtodhchaí a chinntiú“
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar TD:
“Agus muid ag teacht amach ón bpaindéim, ní mór dúinn a chinntiú gur bealach inbhuanaithe é an bealach chun téarnaimh. Táim muiníneach go dtabharfaidh dícharbónú an gheilleagair deiseanna suntasacha do ghnó na hÉireann, do thrádáil agus d’fhostaíocht nua. Bíodh sin i leathnú ollmhór na dtionscal iomlán, amhail iarfheistiú nó gaoth amach ón gcósta, trí bheith ina onnmhaireoir leictreachais, nó poist nua i dteicneolaíocht ghlan, feicfidh na dreamanna a ghníomhaíonn go luath, iad siúd ina bhfuil an uaillmhian is mó is iontu a bheidh na deiseanna is mó.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Tá uaillmhian phráinneach againn sa deireadh atá leagtha síos i reachtaíocht a chuireann Éire ar an mbóthar i leith glan-astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Tá creat againn atá ceangailteach ó thaobh dlí i bhfeidhm freisin lena n-áirítear cuntasacht chun ár sprioc de laghdú 51% a bhaint amach sna deich mbliana amach romhainn. Tá sé in am Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide nua a leagan amach, chun tús a chur leis an aistear go glan-astaíochtaí nialasacha, trínár n-astaíochtaí a laghdú ina leath sna deich mbliana amach romhainn. Agus é sin á dhéanamh againn, is féidir linn todhchaí níos glaine, níos inbhuanaithe agus níos sláine a thógáil dúinn uile.”
Beidh mórchomhairliúchán poiblí i gceist le hullmhúchán an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a sheolfar inniu. Tá an rialtas ag tabhairt cuireadh do gach duine a bheith páirteach sa Chomhrá um an Aeráid agus cabhrú le haistear na hÉireann chuig glan-astaíochtaí nialais a thaifeadadh, mar is ionann glan-astaíochtaí nialais agus todhchaí níos fearr dúinn uile.
Táimid ag iarraidh ar eolaithe um an Aeráid, saineolaithe agus an tionscal a gcuid tograí teicniúla bunaithe ar shonraí a roinnt chun tacú le forbairt an Phlean. Ba mhaith linn cloisteáil ó theaghlaigh agus ó phobail faoi cad is féidir leis an Rialtas a dhéanamh chun tacú leo a thuilleadh mar chuid d’aistear na hÉireann go glan-astaíochtaí nialasacha.
Le dhá bhliain anuas tá astaíochtaí laghdaithe faoi 4% agus 6%, ach caithfimid dul níos faide ná sin. Ní mór dúinn astaíochtaí a laghdú 7% ar a laghad in aghaidh na bliana chun laghdú 51% a chinntiú faoi 2030 agus aeráidneodracht a áirithiú faoi 2050.
Níl aon amhras ach gur tugadh dúshlán i rith na paindéime maidir lenár gcumas chun raon gníomhaíochtaí a sheachadadh. Leanamar orainn ag cur Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 chun feidhme ar fud Ranna an Rialtais agus thar shaolré an Phlean, d’éirigh linn 78% de na gníomhartha a sheachadadh.
Ach anois caithfimid ár n-iarrachtaí a dhúbailt agus níl aon am le cur amú. Sin é an fáth, agus Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 á fhorbairt, táimid tiomanta in athuair inniu chuig sraith Gníomhaíochtaí Eatramhacha ar son na hAeráide. Cinnteofar le Gníomhaíochtaí Eatramhacha ar son na hAeráide 2021 seachadadh leanúnach gníomhaíochtaí ar son na haeráide ar fud na Ranna agus a nGníomhaireachtaí. Is féidir Gníomhaíochtaí Eatramhacha ar son na hAeráide 2021 a úsáid freisin mar bhunús le haghaidh athbhreithnithe – is féidir le daoine cur leis an gcomhairliúchán trí aird a tharraingt ar an áit a bhfuil tiomantas níos mó ag teastáil agus gníomhaíocht mhéadaithe riachtanach do Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021.
Le chéile is féidir linn smaointe a chur i ngníomh ar mhaithe le todhchaí níos glaine, níos gile agus níos sláintiúla do chách. Bí páirteach sa chomhrá ag gov.ie/climateconversation agus cabhraigh lenár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a mhúnlú.
Fanfaidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí 17.30 an 18 Bealtaine 2021
Nótaí don Eagarthóir
Leasófar leis an mBille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 chun an creat do rialachas gníomhaithe aeráide ag an Stát a neartú go suntasach d’fhonn ár gcuspóirí agus oibleagáidí aeráide náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta a bhaint amach.
I measc na míreanna breise a tugadh isteach leis an mBille tá:
- ceanglas dlíthiúil a thabhairt isteach don Rialtas sraith de bhuiséid charbóin 5 bliana ar fud an gheilleagair a ghlacadh, ar bhonn céimnithe 15 bliana, lena gceanglófar ar an Rialtas, Airí agus comhlachtaí poiblí pleanáil ar bhealach éifeachtach chun spriocanna aeráide a bhaint amach
- ceanglas a thabhairt isteach don Rialtas uasteorainneacha astaíochtaí earnála a ghlacadh do gach earnáil ábhartha laistigh de theorainneacha gach buiséid charbóin
- an Chomhairle Chomhairleach um an Athrú Aeráide a leathnú ó aon chomhalta déag go ceathrar comhalta déag, agus foráil a dhéanamh go bhforáiltear le ceapacháin don Chomhairle sa todhchaí do raon níos mó saineolais ábhartha
- ceanglas a thabhairt isteach chun an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a athbhreithniú go bliantúil agus Straitéis Náisiúnta Fhadtéarmach um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú, uair amháin gach cúig bliana ar a laghad.
- foráil a dhéanamh go n-iarrfaidh an tAire, laistigh de 18 mí ó achtaíodh an Bille, ar gach Údarás Áitiúil Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a ullmhú chun bearta maolaithe agus oiriúnaithe a chur san áireamh, agus go gcaithfear na pleananna sin a nuashonrú uair amháin gach cúig bliana ar a laghad.
Tá an Bille curtha ar an eolas ag, agus léirítear go láidir ann na moltaí mar atá leagtha amach i dTuarascáil Tionól na Saoránach maidir le ‘Conas is Féidir leis an Stát Éire a threorú le bheith ina Ceannródaí chun aghaidh a thabhairt ar an Athrú Aeráide’ agus Tuarascáil Chomhchoiste an Oireachtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2019; na forálacha atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019; an Clár don Rialtas – Ár dTodhchaí Chomhroinnte agus Tuarascáil an Chomhchoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar an mBreithniú Réamh-Reachtach ar an mBille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) a foilsíodh an 18 Nollaig 2020. Ghlac an Rialtas le formhór na 78 moladh a rinne an Comhchoiste.
Tugadh cead ón Rialtas ar an 2 Feabhra 2021 chun Ceannteideal an Bhille a dhréachtú a thabharfadh éifeacht reachtúil chun deireadh a chur le heisiúint ceadúnas nua chun gás a iniúchadh agus a eastóscadh ar an mbonn céanna leis an gcinneadh a rinne an Rialtas roimhe seo in 2019 maidir le hola. Chuir an tAire Ryan an clár sin maidir le tiomantas an Rialtais i bhfeidhm láithreach bonn nuair a chuaigh sé i mbun oifige - níl RCAC ag glacadh le hiarratais nua ar cheadúnais taiscéalaíochta do ghás nádúrtha nó ola a thuilleadh, ná ní bheidh aon bhabhta ceadúnaithe ann amach anseo. Forálfar don tiomantas sin sa reachtaíocht ag Céim an Choiste den Bhille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú). Táimid ag foilsiú na ndréachtleasuithe riachtanacha ar An Acht um Fhorbairt Pheitriliam agus Mianraí eile inniu.
Comhpháirt an Chomhairliúcháin Phoiblí atá Dírithe ar Shaoránaigh
Is í aidhm na comhpháirte seo den chomhairliúchán chun deis a thabhairt don phobal dul i dteagmháil go dearfach le forbairt an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021. Rithfidh sé i gcomhthreo leis an nglao ar fhianaise shaineolach, a thosóidh an 23 Márta agus a bheidh ar oscailt ar feadh tréimhse 8 seachtaine. Beidh sraith idirphlé agus comhráite idirnasctha i gceist leis, a bheidh ar siúl faoin Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Tabharfar cuireadh do shaoránaigh agus do phobail a dtuairimí a roinnt ar bheartais agus ar bhearta chun tacú le gníomhú ar son na haeráide atá níos uaillmhianaí. Tionólfar an comhairliúchán seo go hiomlán ar líne agus beidh trí chéim ann:
- Comhrá Leathan Ar Líne: Is éard a bheidh anseo tairseach ar líne bunaithe ar chúig phríomhthéama maidir leis an aeráid ((i) Baile (ii) Taisteal (iii) Bia agus Dramhaíl (iv) Siopadóireacht agus Athchúrsáil agus (v) Gníomhú Áitiúil ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil) le 4 go 6 cheist oscailte chun an smaointeoireacht reatha a ghabháil; tráth na gceist ar líne chun cabhrú le teacht ar thuiscint maidir le toilteanas daoine chun a n-iompar a athrú; agus tacú le hábhar chun saoránaigh a mhealladh i dtreo cur chuige beartaithe sa todhchaí.
- Comhráite Áitiúla trí Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (LRPanna): Pléifear agus tabharfar freagra ar shraith ábhar comhaontaithe trí imeachtaí modhnaithe LRPanna. Déanfar achoimre ar na tuairimí agus ar an aiseolas le haghaidh anailíse. Iarrfar ar dhaoine óga freisin rannchuidiú trí líonra Chomhairle Na nÓg, áit ar féidir leo a gcuid breathnuithe agus moltaí a sholáthar maidir le gníomhaíocht áitiúil.
- Comhráite Doimhne do Shaoránaigh: Bunófar pobal coicíse ar líne do rannpháirtithe chun sraith fócasghrúpaí a óstáil ar ábhair éagsúla; tascanna a reáchtáil chun aiseolas níos doimhne a fháil; agus ionchur cruthaitheach ar shaincheisteanna éagsúla a spreagadh. Mar chuid den phobal saoránach ar líne seo, beidh snáithe don óige san áireamh sa chomhrá sin.