Seirbhísí Idirchaidrimh Iascaigh agus Idirchaidrimh Pobail fógartha do DMAP Náisiúnta
- Foilsithe: 21 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 5 Feabhra 2026
- Soláthraíonn an Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) creat beartais pleanála spásúlachta d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta
- Is í an tSeirbhís Idirchaidrimh Pobail an príomhphointe teagmhála idir pobail chósta agus foireann tionscadail DMAP Náisiúnta
- Oibreoidh an tSeirbhís Idirchaidrimh Iascaigh go dlúth leis an earnáil bia mara lena chinntiú go mbeidh ionchur acu i ngach céim de phróiseas DMAP
Tá lúcháir ar an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, agus ar an Aire Stáit ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Timmy Dooley, fógra a thabhairt faoi cheapacháin na Seirbhísí Idirchaidrimh Iascaigh agus Idirchaidrimh Pobail don Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (ORE).
Beidh Seirbhísí Idirchaidrimh Pobail do DMAP faoi stiúir an Chaptaein Brian Fitzgerald, agus beidh Seirbhísí Idirchaidrimh Iascaigh faoi stiúir an Uasail Mark O’Reilly ó Fishery Liaisons Ltd.
Cuirfidh an DMAP Náisiúnta do ORE creat beartais pleanála spásúlachta ar fáil d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, lena n-áirítear ainmniú suíomhanna feirmeacha gaoithe amach ón gcósta i limistéar muirí na hÉireann. Cabhróidh sé freisin le riachtanais slándála fuinnimh an Stáit agus cuspóirí dícharbónaithe gníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach.
Feidhmeoidh an tSeirbhís Idirchaidrimh Pobail mar phríomhphointe teagmhála idir pobail chósta agus foireann tionscadail DMAP Náisiúnta. Oibreoidh an tSeirbhís Idirchaidrimh Iascaigh go dlúth leis an earnáil bia mara (lena n-áirítear dobharshaothrú) lena chinntiú go mbeidh ionchur acu i ngach céim de phróiseas DMAP.
Beidh ceardlanna leis na páirtithe leasmhara mara ábhartha ar siúl i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2026. Beidh comhairliúchán leathan leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara ar siúl maidir leis an DMAP Náisiúnta le linn 2026 agus 2027 mar chuid den "Idirphlé DMAP" agus den phróiseas uileghabhálach Rannpháirtíochta Poiblí.
Tá MacCabe Durney Barnes, i gcomhar le AARC, ceaptha mar Bhainisteoirí Tionscadail ar an DMAP Náisiúnta ORE. Beidh an ghnólacht, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i dteagmháil le foireann tionscadail DMAP chun an plean a chur i gcrích faoi dheireadh 2027. Fuarthas na seirbhísí go léir i ndiaidh próiseas soláthair phoiblí faoi stiúir na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien:
"Cinnteoidh na ceapacháin thábhachtacha seo, mar aon lenár Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí (PPS) atá ar fáil ar líne, go bhfuilimid ag déanamh na mbeart riachtanach chun a chinntiú go gcloistear tuairimí na bpobal cósta agus na hearnála bia mara. Tabharfar an PPS cothrom le dáta go rialta chun faisnéis a sholáthar do gach páirtí leasmhar mara agus do shaoránaigh a bhfuil suim acu ann maidir le conas is féidir leo páirt a ghlacadh i bpróiseas DMAP. Dá bhrí sin, molaimid go láidir do gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sna deiseanna rannpháirtíochta poiblí amach anseo atá sceidealaithe le linn fhorbairt an DMAP."
Dúirt an tAire Stáit Dooley:
"Beidh seirbhísí idirchaidrimh DMAP ríthábhachtach i bpróiseas forbartha DMAP Náisiúnta um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, agus leagtar béim láidir leo ar an tiomantas do phróiseas oscailte trédhearcach cuimsitheach atá leagtha amach sa Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí. Tá taifead cruthaithe ag an gCaptaen Brian Fitzgerald agus Mark O'Reilly maidir le cumarsáid, comhoibriú agus comhar rathúil le páirtithe leasmhara agus pobail, agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leo."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi DMAP Náisiúnta ORE, faoina thogra agus faoin Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.