Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Ryan ar Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

  • Tá clár gnóthach ócáidí labhartha agus cruinnithe beartaithe don Aire
  • Tá Seachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ina háit stoptha thábhachtach roimh COP 28

Freastalóidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ar Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, rud a thosóidh inniu agus a chríochnóidh Dé Sathairn.

I measc na gcroí-shaincheisteanna atá le plé le linn na Seachtaine Ardleibhéil 2023 tá spriocanna forbartha inbhuanaithe, aeráid agus fuinneamh, agus caillteanas agus damáiste. Tá an tSeachtain Ardleibhéil ina háit stoptha thábhachtach roimh COP 28 freisin, rud a bheidh ar siúl in Dubai i mí na Samhna agus i mí na Nollag agus ar lena linn a imreoidh Rialtas na hÉireann agus an tAire Ryan ról lárnach an athuair maidir le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar son gníomhú luathaithe i leith na haeráide agus ar son an aistrithe i dtreo fuinneamh in-athnuaite.

Le linn dó freastal ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, buailfidh an tAire Ryan le roinnt Airí Eorpacha. Tá sé mar aidhm aige seasamh láidir ón Aontas Eorpach a áirithiú do COP 28, ar seasamh é a bheidh i bhfabhar fadhb an mhaoiniúcháin don aeráid a réiteach do thíortha atá i mbéal forbartha. Gné lárnach de sin a bheidh sa díospóireacht a dhéanfar chun cabhrú le haistriú i dtreo inrochtaineacht agus infheistíocht mhéadaithe ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de a chinntiú sna codanna sin den domhan ina bhfuil cumhacht shlán in easnamh ar na milliúin daoine go fóill nó ina bhfuil siad spleách ar bhreoslaí iontaise. Mar shampla, cé go bhfuil 40% de ghrianradaíocht an domhain ag an Afraic, is suiteáilte inti atá an líon céanna painéal fótavoltach agus atá suiteáilte san Ísiltír.

Áirítear iad seo a leanas leis na nithe a dhéanfar le linn seachtain ghnóthach cruinnithe agus ócáidí labhartha:

  • Dé Luain, freastalóidh an tAire Ryan ar chruinniú den Chomhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine chun plé a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leis an gComhghuaillíocht tionchar dearfach a imirt ar na torthaí uaillmhianacha ag COP 28 maidir leis an Athbhreithniú Domhanda, Maolú, Oiriúnú, agus Caillteanas agus Damáiste
  • Dé Máirt, freastalóidh an tAire ar an gCruinniú Mullaigh maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a athbhreithniú agus chun treoir pholaitiúil ardleibhéil a sholáthar maidir le dlús a chur leis na gníomhartha a dhéanfar suas go dtí an spriocbhliain 2030 ar mhaithe leis na Spriocanna a bhaint amach
  • Dé Céadaoin, freastalóidh an tAire ar an gCruinniú Mullaigh maidir leis an Uaillmhian Aeráide, rud a chomórfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe chun a léiriú gurb ann do thoil chomhchoiteann dhomhanda chun dlús a chur le luas agus scála an aistrithe chóir i dtreo geilleagar domhanda níos cothromasaí atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus atá athléimneach ó thaobh na haeráide de
  • Déardaoin, freastalóidh an tAire ar an gCruinniú Ullmhúcháin Aireachta do Chruinniú Mullaigh na Todhchaí, áit a labhróidh sé faoina thiomanta atá Éire do leanúint ar aghaidh lena dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach

Le linn dó bheith i Nua-Eabhrac, seolfaidh an tAire Ryan clár déthaobhach lena n-áireofar bualadh le Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe ó Éirinn, leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain agus le hAirí eile maidir le Caillteanas agus Damáiste. Ag COP 27 anuraidh, ceapadh é mar phríomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le caillteanas agus damáiste, rud ar saincheist lárnach é. Mar thoradh air sin, comhroinneann Éire suíochán ar Choiste Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe um Chaillteanas agus Damáiste anois, atá freagrach as socruithe nua cistiúcháin a oibríochtú agus as an gciste a thabhairt lena bhreithniú agus lena ghlacadh ag COP 28 in Dubai i mbliana.

Ag labhairt dó agus é i Nua-Eabhrac, dúirt an tAire Ryan:

"Agus sinn ag dul isteach sa tríú tréimhse Deich mBliana Gníomhaíochta ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, aithníonn Éire a phráinní atá sé bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de chur chun feidhme agus tabharfaidh an Cruinniú Mullaigh seo deis thábhachtach don domhan a thiomantas do Chlár Oibre 2030 a léiriú an athuair agus seasamh leis na prionsabail uile atá cumhdaithe ann. Táim i Nua-Eabhrac chun ár dtiomantas do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a athdhearbhú, ag aithint dom go dtairgeann siad conair agus deis dúinn chun domhan níos fearr, níos glaise agus níos sábháilte a chruthú, gan aon duine a fhágáil ar leataobh.

"Fáiltím roimh an tionscnamh a léirigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus é ag comóradh Cruinniú Mullaigh maidir leis an Uaillmhian Aeráide an tseachtain seo freisin. Tar éis an tAthbhreithniú Domhanda a eisiúint, tabharfaidh sé sin deis thábhachtach don domhan, roimh an gComhdháil de na Páirtithe, tús a chur le gníomhaíocht i leith gealltanais uaillmhianacha nua, beart a dhéanamh de réir briathair, Comhaontú Pháras a choinneáil beo trí bhogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise agus i dtreo fuinneamh glan, astaíochtaí a laghdú go mear, agus tiomantas a léiriú do ghníomhaíocht eolaíochtbhunaithe."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Seachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

Tá an 78ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ina chloch mhíle ríthábhachtach san aistear i dtreo Clár Oibre 2030 a chomhlíonadh agus chun sinn a chur ar an mbóthar ceart an athuair i dtreo na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Tiocfaidh Cinn Stáit agus Cinn Rialtais le chéile ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 18-19 Meán Fómhair 2023 chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis agus chun treoir pholaitiúil ardleibhéil a sholáthar maidir leis na gníomhartha bunathraitheacha agus luathaithe a dhéanfar suas go dtí an spriocbhliain 2030 ar mhaithe leis na Spriocanna a bhaint amach. Tiocfar ar dhearbhú polaitiúil idirbheartaithe mar thoradh air sin.

An Chomhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine

Chruthaigh Poblacht Oileáin Marshall an Chomhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine san idirbheartaíocht roimh Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide sa bhliain 2015, agus í ag cabhrú leis na príomhghnéithe den chomhaontú a áirithiú, lenar áiríodh an sprioc theochta 1.5 céim Celsius, an chonair astaíochtaí glan-nialasacha domhanda faoin dara leath den chéad, agus timthriall cúig bliana le haghaidh rannchuidithe maolaithe a nuashonrú.

Tá an Chomhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine ag obair ó shin i leith chun gealltanais Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, mar a bhí beartaithe aici ón tús. Cuireadh dlús leis an obair sin agus leathnaíodh a raon feidhme, agus gníomhú uaillmhianach domhanda ar son na haeráide á bhrú chun cinn. D’éirigh an bunús eolaíochta níos soiléire fós ó Chomhaontú Pháras, agus léirítear ann gur gá dúinn an méadú domhanda teochta a choinneáil faoi bhun 1.5 céim Celsius má táimid chun tionchair is déine an athraithe aeráide a sheachaint.

Caillteanas agus Damáiste

Ag deireadh COP 27, thángthas ar chomhaontú ceannródaíoch chun cistiú "caillteanais agus damáiste" a sholáthar do thíortha soghonta a mbuaileann tubaistí aeráide go trom iad.

Gné thábhachtach den dul chun cinn ba ea ciste sonrach a chruthú do chaillteanas agus damáiste. Rinne Rialtais an cinneadh suntasach chun socruithe nua cistiúcháin a bhunú agus ciste tiomnaithe a chruthú chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha freagairt do chaillteanas agus damáiste. Chomhaontaigh siad ‘coiste idirthréimhseach’ a bhunú freisin chun moltaí a dhéanamh ar conas na socruithe nua cistiúcháin agus an ciste araon a oibríochtú ag COP 28 an bhliain seo chugainn.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat