Cathaoirleach nua ceaptha agus triúr comhaltaí reatha athcheaptha ag an rialtas ar an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAA)
- Foilsithe: 24 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2026
Tá Cathaoirleach nua ceaptha agus triúr comhaltaí reatha athcheaptha ag an rialtas ar an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAA). Tabharfaidh na comhaltaí cúnamh don Chomhairle lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear comhairle a thabhairt d'Airí agus don rialtas faoi bheartas aeráide, athbhreithnithe bliantúla agus tréimhsiúla a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach, mar aon le buiséid charbóin a mholadh don Aire.
Ceapadh an Cathaoirleach nua – an tUasal Alex White – mar Chathaoirleach nua na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide ar feadh téarma 5 bliana, le héifeacht ón 24 Márta 2026.
Is iad na triúr Gnáthchomhaltaí a athcheapadh:
- An tOllamh Peter Thorne, a bhfuil saineolas aige san eolaíocht aeráide, a athcheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana le héifeacht ón 24 Márta 2026
- An Dr Cara Augustenborg, a bhfuil saineolas aici sa bheartas talmhaíochta, a athcheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana le héifeacht ón 12 Deireadh Fómhair 2026
- Jillian Mahon, a bhfuil saineolas aici san Airgeadas, a athcheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana le héifeacht ón 12 Deireadh Fómhair 2026
Ag labhairt dó faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien:
"Ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Iar-Chathaoirleach, Bean Uasal Marie Donnelly, as a cúnamh agus tiomantas don Chomhairle.
"Ba mhian liom fáilte a chur roimh Chathaoirleach nua na Comhairle, an tUasal Alex White. Tabharfaidh an tUasal White neart saineolais agus taithí ábhartha do ról an Chathaoirligh thar na réimsí dlí, fuinnimh, cumarsáide, polaitíochta agus páirtithe leasmhara.
"Bhí sé tábhachtach freisin leanúnachas gnó a chinntiú agus aghaidh a thabhairt ar ráta athraithe na Comhairle. Mar sin, tá mé fíorbhuíoch freisin den triúr comhaltaí reatha as a bheith athcheaptha le haghaidh an dara téarma. Chuir gach duine den triúr Gnáthchomhaltaí sin go mór le hobair na Comhairle le linn a dtéarma reatha agus thug siad leo a dtaithí agus a saineolas uathúil, rud a leanfaidh de thacar scileanna na Comhairle a shaibhriú agus a rachaidh i bhfeidhm ar ár gcumas an geilleagar a dhícharbónú gan dabht."
Dúirt an tAire O'Brien freisin:
"Tá 4 fholúntas ar an gComhairle atá fós le líonadh, agus tá sé beartaithe agam Meamram eile a chur faoi bhráid an Rialtais ar ball beag lena molfar na folúntais uile atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo a líonadh in 2026."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
Le hAlt 8 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ar bhonn reachtúil an 18 Eanáir 2016.
Cuirtear san áireamh leis na ceapacháin:
- Ceanglais reachtúla an Achta ábhartha (go mbeidh réimse leathan saineolais agus inniúlachtaí ag ceapaithe chun feidhmeanna na comhairle a dhéanamh)
- Forálacha san Acht ábhartha chun cothromaíocht inscne agus leanúnachas chomhaltas na Comhairle a chinntiú (téarmaí agaithe ó 3 go 5 bliana)
Alex White
Is Abhcóide Sinsearach agus Idirghabhálaí Creidiúnaithe é Alex White. Is Ard-Stiúrthóir na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha é. Is comhalta Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh agus Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é.
Ba é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é ó 2014 go 2016 agus an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte ó 2012 go 2014. Bhí sé ina TD (Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais, 2011-2012), ina Sheanadóir (ceannaire grúpa), agus ina chomhalta de dhá údarás áitiúla.
Sular thosaigh sé leis an gcleachtas dlí in 1994, ba léiritheoir raidió é ar RTÉ. Is céimí é de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Staidéar Eacnamaíoch agus Sóisialta) agus d'Óstaí an Rí.