Ceadaíonn an rialtas ceapachán comhalta nua chuig Coimisiún um Aistriú Cóir na hÉireann
- Foilsithe: 4 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2026
Tá ceapachán Brian Flynn chuig Coimisiún um Aistriú Cóir na hÉireann ar feadh téarma 3 bliana ceadaithe ag an rialtas.
Tá ról lárnach ag an gCoimisiún um Aistriú Cóir, faoi chathaoirleacht Ali Sheridan, maidir le comhairle agus tacaíocht a thabhairt don rialtas chun a chinntiú go bhfuil an t-aistriú chuig geilleagar neodrach ó thaobh na haeráide de cothrom agus go mbaineann gach duine leas as. Tá an rialtas tiomanta d’aistriú cóir chuig neodracht ó thaobh na haeráide de, agus don riachtanas deiseanna fostaíochta a uasmhéadú chun tacú le daoine agus pobail a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith orthu de bharr an aistrithe ó bhreoslaí iontaise, agus rannpháirtíocht agus forbairt inbhuanaithe pobail a chur i gcroílár a chur chuige.
Cuirfidh ceapachán an Uasail Flynn mar shaineolaí neamhspleách fócas ar leith ar an bhforbairt tuaithe agus pobail.
Agus fáilte á cur aige roimh cheadú an rialtais don Uasal Flynn, dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien an méid a leanas:
"Tá áthas orm fáilte a chur roimh Bhrian mar bhall nua de Choimisiún um Aistriú Cóir na hÉireann. Tá taithí dhíreach ag Brian, mar bhí sé ina chónaí agus ag obair i réigiún atá buailte go mór ag dícharbónú earnáil an fhuinnimh, mar sin tabharfar leis sin peirspictíocht shonrach d’obair an Choimisiúin. Cuirfidh a léargas ar thaithí mhaireachtála na n-oibrithe a mhothaigh an tionchar, amhail é féin, agus a thuiscint ar an gcaoi ar sháraigh an réigiún dúshláin chun athchruthú a dhéanamh peirspictíochtaí uathúla ar fáil. Cuirfidh spéis agus tiomantas soiléir Brian i leith forbairt tuaithe agus pobail leis an saineolas agus an taithí atá ag an gCoimisiún agus é ag leanúint lena ról thar a bheith tábhachtach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an gCoimisinéir atá ag imeacht as oifig – an tUasal Seamus Boland – as an obair a rinne sé leis an gCoimisiún."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Brian Flynn – cúlra
Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag an Uasal Flynn san earnáil giniúna fuinnimh agus chaith sé roinnt blianta mar oibrí deonach i Meiriceá Láir. Is stiúrthóir agus Cathaoirleach é ar An Síolán, comhlacht forbartha pobail in iarthar Uíbh Fhailí a dhéanann athúsáid ar fhoirgnimh mhóra chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha agus sóisialta atá ag athrú i gcónaí. Is iarbhall de Chiste Fiontraíochta Uíbh Fhailí Thiar é, a chruthaigh fostaíocht inbhuanaithe i ndiaidh dhúnadh stáisiún cumhachta. Faoi láthair, tá sé mar ionadaí timpeallachta ar PPN (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) ar CFPÁ Uíbh Fhailí (Coiste Forbartha Pobail Áitiúil) agus is tionscnóir tionscadal fuinnimh in-athnuaite pobail é.
Tá céim aige ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad, agus Teastais i mBainistíocht Sócmhainní (IAM, an Ríocht Aontaithe) agus in Acmhainní Daonna (CIPD, an Ríocht Aontaithe) agus i Sláinte agus Sábháilteacht (COBÁC).
An Coimisiún um Aistriú Cóir
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gCoimisiún um Aistriú Cóir agus a bhallraíocht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Aistriú Cóir.