Ceadaíonn an Rialtas reachtaíocht chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, agus ár sláinte agus ár gcomhshaol á gcosaint
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
- cuirfear feabhas ar fhorfheidhmiú leis na leasuithe ar an Acht um Thruailliú Aeir
- leagtar feabhsuithe suntasacha ar cháilíocht aeir na hÉireann amach sa dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an Straitéis um Aer Glan
Cheadaigh an rialtas inniu leasuithe ar an Acht um Thruailliú Aeir lena soláthrófar reachtaíocht láidir chun daoine ar fud na hÉireann a chosaint ar thionchair dhochracha an truaillithe aeir agus lena neartófar an tsraith uirlisí forfheidhmiúcháin atá ar fáil d’Údaráis Áitiúla chun dul i ngleic le díol agus soláthar breoslaí soladacha neamhchomhlíontacha. Ba ghníomh lárnach de chuid na Straitéise um Aer Glan é an Bille um Thruailliú Aeir (Leasú), 2025, chun na forálacha dlíthiúla riachtanacha a chur i bhfeidhm chun na buntáistí comhshaoil agus sláinte iomlána a bhaineann le haer níos glaine a bhaint amach. Cuireadh an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ar an Straitéis um Aer Glan faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo caite.
Leag Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, amach forbairtí suntasacha eile faoin straitéis:
- bunaíodh treoirthionscadal le húdaráis áitiúla roghnaithe, ar treoirthionscadal é a dhíríonn ar ábhair imní a bhaineann le hiompar agus le dó breoslaí soladacha agus ar leithdháileadh tacaíocht ab fhiú €500,000 air
- d’fhorbair Foras Croí na hÉireann acmhainní feasachta nua, le tacaíocht ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
- Ag gníomhú di le tacaíocht ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, sheol Comhairle Cathrach Chorcaí www.cleanair.ie, ar suíomh Gréasáin é ar a dtugtar faisnéis faoi fhoinsí truaillithe, faoi thionchair shláinte, agus faoi ghníomhartha praiticiúla le haghaidh athruithe dearfacha a dhéanamh
- is é an toradh a bhí ar úsáid níos lú a bhaint as leasacháin nítrigine agus ar an nglacadh méadaithe le leathadh sciodair astaíochtaí ísle ná gur tháinig Éire i gcomhréir le spriocanna laghdaithe astaíochtaí amóinia faoin Treoir maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta sa bhliain 2023
Ag labhairt dó faoin mBille um Thruailliú Aeir agus faoin Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn, dúirt an tAire O’Brien:
"Cuireadh 1,700 bás roimh am síos do thruailliú aeir in Éirinn sa bhliain 2022. Tá sé mar aidhm againn an líon sin a laghdú go mór de réir mar a leanaimid den Straitéis um Aer Glan a chur chun feidhme. Is céim ríthábhachtach eile i gcur i gcrích na Straitéise iad na leasuithe ar an acht reatha, mar atá siad beartaithe sa bhille seo. Cuideoidh sé go mór lena chinntiú go mbeidh an reachtaíocht i bhfeidhm againn chun tacú leis na bearta is gá chun leanúint de thruailliú aeir a laghdú. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar fud an rialtais chun an reachtaíocht nua seo a thabhairt isteach."
Tá na leasuithe atá beartaithe ar an Acht dírithe go príomha ar threisiú leis an tsraith uirlisí forfheidhmiúcháin atá ar fáil d’údaráis áitiúla chun dul i ngleic le ceann amháin de na príomh-shaincheisteanna a dhéanann difear do cháilíocht ár n-aeir, mar atá díol agus soláthar tráchtála breoslaí soladacha neamhchomhlíontacha. Leis an reachtaíocht, cabhrófar le forfheidhmiú níos tapa, níos simplí agus níos comhréirí a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil ina leith sin.
Ní dhéantar aon difear leis an mbille ann féin do na socruithe reatha atá i bhfeidhm do shealbhóirí tí agus ní dhéantar aon athruithe leis ach oiread ar na rialacha atá ann cheana a bhaineann le móin.
CRÍOCH