Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faomhann an Rialtas Pleananna Earnála chun cosaint a thabhairt i gcoinne thionchair an athraithe aeráide

Díríonn pleananna oiriúnaithe nua ar thuilte, stoirmeacha agus rioscaí bonneagair i measc pobal agus tionscail

Cheadaigh an rialtas 13 Phlean Oiriúnaithe Earnála (POEnna) chun tacú le hathléimneacht, iomaíochas agus fás eacnamaíoch i bhfianaise drochthionchair an athraithe aeráide.

Geallann Clár an Rialtais tacú le pobail, éiceachórais agus gnólachtaí de réir mar a leanann rioscaí aeráide ag méadú. Léiríonn na bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a leagtar amach sna pleananna seo an chaoi a bhfuil príomhearnálacha ag ullmhú, ní hamháin do na tionchair atá romhainn cheana féin ach freisin dóibh siúd a rachaidh in olcas amach anseo mar gheall ar an athrú aeráide.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

"Tá Éire ag déanamh a páirte i ndul i ngleic leis an athrú aeráide, agus leanfaidh sí de bheith ag déanamh amhlaidh. Tá an eolaíocht soiléir agus is riosca ró-mhór é mainneachtain gníomhú dár ndaoine, dár sochaí agus dár ngeilleagar. Ciallaíonn sé seo ár gcuid oibre a chur chun cinn chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sna blianta amach romhainn, agus ag an am céanna, oiriúnú do thionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide inár bpobail. Tá rioscaí ón athrú aeráide os ár gcomhair go léir, ag gach cuid den tsochaí agus ag gach cuid den gheilleagar. Tá damáiste níos déine stoirme, tuilte, triomach agus creimeadh cósta ag bagairt ar ár dtithe, ár ngnólachtaí agus ár mbonneagar. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur le hathléimneacht aeráide. Is príomhfhócas dúinn uile oiriúnú do thionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide."

Dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, a thug na pleananna faoi bhráid an rialtais thar ceann Airí earnálacha:

"Le blianta beaga anuas, tá an méadú ar mhinicíocht agus déine na stoirmeacha feicthe againn go léir lena n-áirítear Stoirm Babet, Stoirm Darragh agus Stoirm Éowyn. Chuaigh éifeachtaí na stoirmeacha seo i bhfeidhm go mór ar go leor againn trí thuilte, ciorruithe cumhachta agus cliseadh i gcórais chumarsáide. Leagtar amach sna pleananna a cheadaigh an rialtas inniu na gníomhartha agus na bearta a dhéanfar sna blianta beaga amach romhainn agus na cuspóirí oiriúnaithe san fhadtéarma chun a chinntiú go mbeidh sochaí, bonneagar, geilleagar agus iomaíochas na hÉireann athléimneach i leith thionchair an athraithe aeráide.''

Forbraíodh gach POE i gcomhar le hearnálacha eile a úsáideann sonraí aeráide Met Éireann. Aithníonn na POEnna, atá bunaithe ar an Measúnú Riosca Náisiúnta um Athrú Aeráide, na príomhrioscaí atá roimh na hearnálacha agus an cur chuige atá á ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí seo agus athléimneacht aeráide a thógáil don todhchaí.

Is ar gach Aire earnála atá an fhreagracht na gníomhartha sna POEnna a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, chun grinnscrúdú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar ghníomhartha oiriúnaithe ag an leibhéal rialtais is airde, tá Tascfhórsa Oiriúnaithe á bhunú ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC).

Beidh an Tascfhórsa ina chathaoirleach ag leibhéal an Rúnaí Cúnta agus déanfaidh sé foráil maidir le breithniú níos rialta agus níos foirmiúla ar an leibhéal sinsearach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasghearrtha agus rioscaí trasteorann agus iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos iomlánaíoch. Éascóidh sé méadú i gcás ina n-aithnítear bacainní nó moilleanna.

Is féidir na POEnna a fheiceáil ar shuíomh gréasáin RAFC.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

The 13 key sectors are: Agriculture, Forestry, Seafood, Biodiversity, Built and Archaeological Heritage, Transport Infrastructure, Electricity and Gas Networks, Communications Networks, Flood Risk Management, Water Quality, Water Services Infrastructure, Health, and for the first time: Tourism.

Each plan will be published by the relevant Minister over the coming weeks and queries on individual sectoral plans should be directed to:

Tionchair shoiléire an athraithe aeráide

Tá tionchair an athraithe aeráide ag éirí níos soiléire agus damáiste mór breathnaíodh le linn Stoirmeacha Bert agus Darragh ag deireadh 2024, Stoirm Éowyn i mí Eanáir 2025, agus Stoirm Amy i mí Dheireadh Fómhair. Léiríonn staidéir ar chur i leith an athraithe aeráide go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur go mór le láidreacht na n-imeachtaí foircneacha atá againn in Éirinn.

Torthaí le déanaí ó Met Éireann

Tá méadú tagtha ar mhinicíocht agus ar dhéine imeachtaí drochaimsire mar gheall ar an athrú aeráide, agus uiscí níos teo amach ón gcósta agus leibhéil mhéadaithe taise san atmaisféar ag déanamh stoirmeacha níos measa. Meastar go n-athróidh patrúin báistí na hÉireann tuilleadh, le méadú ar thréimhsí tirime agus ar imeachtaí báistí troma araon. Tá ardmhuinín ann go dtiocfaidh méadú ar uasrátaí báistí mar gheall ar an atmaisféar níos teo a iompraíonn níos mó taise. Tríd is tríd, meastar go leanfaidh Éire ag éirí níos teo agus níos fliche amach anseo. Déantar iniúchadh breise ar na tionchair ar dhaonra, bonneagar, geilleagar agus talmhaíocht na hÉireann ag céimeanna éagsúla den téamh domhanda mar chuid de Chlár TRANSLATE Met Éireann. Tá sé ríthábhachtach oiriúnú don réaltacht nua seo agus athléimneacht a thógáil i leith thionchair an athraithe aeráide.

Freagairt an rialtais

Tá an rialtas tiomanta do ghlúin reatha na hÉireann agus na glúine atá le teacht a chosaint trí infheistíocht a dhéanamh i mbearta oiriúnaithe don aeráid chun tionchar imeachtaí drochaimsire a bhainistiú. Tá gá le tacú le pobail, éiceachórais agus gnólachtaí de réir mar a leanann rioscaí aeráide ag méadú. Baineann bearta oiriúnaithe neamhleor don athrú aeráide agus easpa athléimneachta maidir le hathrú aeráide an bonn d’iomaíochas agus d’fhás eacnamaíoch. Tacóidh oiriúnú rathúil le hiomaíochas agus le fás eacnamaíoch.

Ceanglas maidir le POEnna faoi CNO

Éilítear sna hAchtanna um Fhorbairt Aeráide agus Ísealcharbóin 2015-2021 (an tAcht Aeráide) go n-ullmhóidh Éire Creat Náisiúnta Oiriúnaithe (CNO) chun impleachtaí féideartha an athraithe aeráide d’Éirinn a leagan amach agus breac-chuntas a thabhairt ar an straitéis náisiúnta chun bearta oiriúnaithe a fhorbairt.

Anuraidh, cheadaigh an rialtas an dara CNO d’Éirinn. Bunaíonn an CNO sraith príomhphrionsabal atá le húsáid agus gníomhartha oiriúnaithe á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm acu atá dírithe ar leochaileachtaí a laghdú, athléimneacht a fheabhsú, agus pobail, earnálacha, réigiúin, éiceachórais agus geilleagair a chosaint i gcoinne drochthionchair an athraithe aeráide. Aithníonn an CNO an tábhacht a bhaineann leis an bhfreagairt oiriúnaithe náisiúnta a neartú go leanúnach i gcomhréir le forbairtí a rinneadh maidir le measúnú riosca, taighde nua, agus tionchair a laghdú le himeacht ama ar fud na bpríomhearnálacha.

I mí an Mheithimh 2025, d’fhoilsigh an GCC an chéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide (NCCRA) in Éirinn, rud atá ina bpríomh insoláthartha faoin CNO. Is píosa oibre suntasach é an NCCRA a thacóidh lenár dtuiscint ar na rioscaí a bhaineann le hathrú aeráide agus a chabhróidh leis an rialtas tosaíocht a thabhairt do ghníomhartha agus acmhainní a threorú chun dul i ngleic leis na rioscaí is práinní anois agus amach anseo. Thacaigh an NCCRA le forbairt na POEnna. Bhí RAFC i gceannas ar chomhordú náisiúnta gníomhartha oiriúnaithe earnála ionas go n-aithneofar agus go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna trasghearrtha.

Cad iad na POEnna agus cad a dhéanfaidh siad

Leagtar amach sna POEnna cad iad na gníomhartha agus na bearta oiriúnaithe éifeachtacha a dhéanfar sna blianta beaga atá romhainn, agus leagtar amach iontu cuspóirí oiriúnaithe san fhadtéarma lena chinntiú go mbeidh sochaí, bonneagar, geilleagar agus iomaíochas na hÉireann athléimneach i leith thionchair an athraithe aeráide.

Bhain gach plean oiriúnaithe earnála úsáid as torthaí an NCCRA agus lean siad treoirlínte pleanála oiriúnaithe earnála a foilsíodh i mí Lúnasa 2024 chun cur chuige comhsheasmhach a chinntiú. Thug earnálacha faoi mheasúnú riosca earnála, gníomhaíochtaí tosaíochta, agus mheas siad tionchair thrasghearrtha.

Cur chun feidhme

Leis na POEnna a foilsíodh le déanaí, tá earnálacha anois i gcéim chur chun feidhme na timthrialla pleanála oiriúnaithe earnála.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat