Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Formheasann an rialtas dréachtú an Bhille um Shreanga Príobháideacha

Tacóidh an reachtaíocht le tógáil eangach leictreachais na hÉireann

Tá formheas rialtais faighte ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien chun tús a chur le dréachtú an Bhille um Shreanga Príobháideacha. Leis an mBille leasófar an tAcht um Rialáil Leictreachais 1999 chun forbairt phríobháideach sreanga leictreachais a chumasú i 4 chúinse shonracha.

Cuideoidh reachtaíocht um shreanga príobháideacha le heangach leictreachais na hÉireann a thógáil amach, agus ag an am céanna dlús a chur le feidhmiú céimneach réitigh fuinnimh in-athnuaite agus stórála leictreachais. Ar an mbealach sin, díghlasálfar le forbairt phríobháideach an bhonneagair leictreachais infheistíocht nua agus maolófar srianta eangaí.

De réir an Ráitis Beartais um Shreanga Príobháideacha formheasta i mí Iúil 2025, ceadófar leis an mbille sin sreanga príobháideacha a thógáil i 4 chúinse theoranta:

  • Chun sreang phríobháideach a cheadú a nascann úsáideoir aonair leictreachais le sócmhainn ghiniúna aonair ar leith. D'fhéadfadh teicneolaíochtaí stórála a bheith san áireamh sa nasc sin freisin.
  • Naisc le heangach hibrideach a éascú
  • Réitigh luchtaithe ar an tsráid a cheadú d'Fheithiclí Leictreacha
  • Cead a thabhairt do chustaiméir a fhéinsoláthraíonn leictreachas, leictreachas a sholáthar do chustaiméir ar leith in áitreabh tadhlach

D'fhonn Scéim Ghinearálta a fhorbairt de réir na 4 chás úsáide sin, d'oibrigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil i ndlúthchomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, chomh maith le Líonraí BSL agus EirGrid. Rinneadh measúnú tionchair rialála freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar chostais, ar thairbhí agus ar thionchair na reachtaíochta atá beartaithe. Chun ionadaíocht éagsúil agus chruinn a chinntiú, reáchtáladh comhairliúchán poiblí fairsing chun bonn eolais a chur faoin ráiteas beartais in 2023. Fuarthas aiseolas ó réimse leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear ionadaithe tionscail ón bpobal giniúna in-athnuaite, úsáideoirí éilimh, grúpaí comhshaoil, agus cumainn feirmeoireachta.

De réir mar atá an bille á dhréachtú agus á chur chun feidhme, leanfaidh an roinn ag obair go dlúth leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus le hoibreoirí córais – EirGrid agus Líonraí BSL – lena chinntiú go rialaítear sreanga príobháideacha de réir ardchaighdeán sábháilteachta agus teicniúla agus nach gcuireann siad isteach ar fhorbairt éifeachtúil na heangaí náisiúnta tarchurtha agus dáileacháin.

Is é an bille sin an chéad chéim eile chun an Creat Beartais um Shreanganna Príobháideacha a chur chun feidhme. Gealladh forbairt an chreata mar ghníomh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus sa Chlár Rialtais 2025. Féadtar breathnú anois ar an Measúnú ar Thionchar Rialála agus ar Chinn Billí anois ar shuíomh gréasáin na roinne.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Is céim dhearfach é an formheas chun an bille seo a dhréachtú i gcur chun feidhme Ráiteas Beartais um Shreanga Príobháideacha a cheadaigh an rialtas i mbliana. Nuair a bheidh siad cumasaithe, le sreanga príobháideacha ceadófar infheistíocht phríobháideach i mbonneagar leictreachais, go háirithe chun forbairt níos mó fuinnimh in-athnuaite agus stórála leictreachais a chumasú. Le sreanga príobháideacha beidh deis níos fearr ar fáil do chustaiméirí agus do ghineadóirí leictreachais, agus beidh sé seo mar chuid den réiteach foriomlán le haghaidh tuilleadh leictrithe agus forbartha fuinnimh ghlain, agus ag an am céanna cinnteofar leis gurb é an eangach leictreachais náisiúnta an príomhbhealach le haghaidh naisc leictreachais."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Ráiteas Beartais um Shreanga Príobháideacha

An 15 Iúil 2025, ghlac an rialtas Ráiteas Beartais maidir le Sreanga Príobháideacha. Is athchóiriú suntasach é sin ar na rialacha maidir le bonneagar leictreachais. Éilítear sa Ráiteas Beartais go ndéanfar athchóiriú reachtach ar an Acht um Rialáil Leictreachais chun infheistíocht na hearnála príobháidí i mbonneagar leictreachais a dhíghlasáil, go háirithe giniúint agus stóráil in-athnuaite. Éascófar leis freisin réitigh luchtaithe ar chostas íseal a sholáthar d’fheithiclí leictreacha agus leathnófar leis deiseanna le haghaidh féin-soláthar leictreachais.

Tá roinnt treoirphrionsabal mar bhonn agus thaca ag an Ráiteas Beartais lena n-áirítear luasghéarú réiteach fuinnimh in-athnuaite agus stórála, ailíniú le cuspóirí beartais níos leithne an rialtais, tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do mhaoiniú eangaí náisiúnta, agus dianchaighdeáin sábháilteachta agus theicniúla sreanga príobháideacha a áirithiú. Cuirfear na treoirphrionsabail sin i bhfeidhm sa chóras reachtach agus rialála atá á fhorbairt faoi láthair.

Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta ar Bhonneagar a Luasghéarú

An 3 Nollaig 2025, d’fhoilsigh an rialtas Bonneagar a Luasghéarú – Luathaithe – Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta. Sa Phlean Gníomhaíochta tugtar aghaidh ar an 12 bhacainn ar fhorbairt bonneagair ar leagadh béim orthu sa Tuarascáil maidir le Comhairliúchán le Páirtithe Leasmhara agus Rannpháirtíocht le Téamaí atá ag Teacht Chun Cinn ar Bhonneagar, a foilsíodh i mí Iúil. Ceann de na 30 gníomhaíocht shonracha a liostaítear is ea Gníomh 15 dar teideal "Bonneagar faoi stiúir an Fhorbróra a chumasú". Liostaítear cur chun cinn rialachán chun nasc leictreachais maidir le sreanga príobháideacha a chumasú de réir Ráiteas Beartais um Shreanga Príobháideacha an rialtais lmar phríomh-fhoghníomhaíocht faoi Ghníomh 15.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025

Leagtar amach sa tríú nuashonrú bliantúil de chuid na hÉireann ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide roinnt gníomhaíochtaí chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050. Aithníodh sreanga príobháideacha mar chumasóir amháin d’earnáil leictreachais dícharbónaithe trí ghlacadh méadaithe fuinnimh in-athnuaite a éascú. Leagtar béim ar Chreat Beartais um Shreanga Príobháideacha críochnaitheach a fhoilsiú mar ghníomhaíocht faoi Alt 11 den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 a bhaineann le leictreachas.

Léirítear an tiomantas sin freisin i gClár Rialtais 2025 ina mbaineann sreanga príobháideacha le cuidiú le cuideachtaí Éireannacha méadú ar fud an domhain agus níos mó infheistíochta isteach a mhealladh chomh maith le tacú le fás eacnamaíoch le fuinneamh in-athnuaite.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat