Thacaigh an rialtas le beagnach 54,000 uasghrádú fuinnimh tí trí SEAI sa bhliain 2024
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
- Bhain 186,000 teach tairbhe as tacaíochtaí rialtaschistithe uasghrádaithe fuinnimh tí is fiú níos mó ná €1.2 billiún ó bhí an bhliain 2019 ann
- Tá an méadú 13% ar an líon uasghráduithe fuinnimh tí sa bhliain 2024 i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2023 ina léiriú ar an móiminteam leantach i réimse an iarfheistithe tí
Thacaigh an rialtas le 53,984 uasghrádú fuinnimh tí trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) sa bhliain 2024. Is mó an líon sin ná an sprioc don bhliain 2024 – ba é sin, 52,200 uasghrádú. Is ionann é freisin agus méadú 13% ar an líon uasghráduithe a rinneadh sa tréimhse chéanna an bhliain roimhe.
Agus é ag labhairt leis an gcomh-aireacht inniu faoin dul chun cinn náisiúnta a rinneadh ó thaobh iarfheistithe de, chomhroinn an tAire O’Brien an Tuarascáil Iarfheistithe Lánbhliana ó SEAI don bhliain 2024, ina léirítear móiminteam leantach i réimse na n-uasghráduithe fuinnimh tí.
Bhí €1.2 billiún infheistithe ag an rialtas in uasghráduithe fuinnimh ar fud 186,000 teach agus ar fud 156 thionscadal fuinnimh pobail amhail deireadh na bliana 2024, agus aon trian den fhigiúr sin á chaitheamh sa bhliain 2024. Ba le huasghráduithe do theaghlaigh fhuinneamhbhochta a bhain leath an chaiteachais sin ar fad, €600 milliún. Giaráladh leis na hoibreacha uasghrádaithe sin €1.1 billiún eile in infheistíocht phríobháideach, agus ba é an toradh a bhí orthu ná laghdú bliantúil nua dé-ocsaíde carbóin ar mó é ná 310 gcileathona de CO2 in aghaidh na bliana.
Bhain caiteachas rialtais ar fud na scéimeanna uile €416.7 milliún amach sa bhliain 2024, cothrom le méadú 30% bliain ar bhliain. De na huasghráduithe uile, rinneadh 7,700 ceann i dteaghlaigh fhuinneamhbhochta, a fuair uasghráduithe fuinnimh saor in aisce.
Dúirt Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil:
"Léirítear sa tuarascáil seo an dul chun cinn agus an soláthar seasta leantach ar fud scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh tí SEAI. Rud an-dearfach ar leith is ea an méadú 31% ar an líon uasghráduithe a soláthraíodh do theaghlaigh fhuinneamhbhochta, agus níos mó ná 7,700 ceann á ndéanamh sa bhliain 2024. Tá sé sin cothrom le 150 uasghrádú ar an meán gach seachtain an bhliain seo caite. Is féidir le huasghráduithe fuinnimh tí saol daoine a bhunathrú trí chónaí a bheith orthu i dtithe níos teo agus níos sláintiúla. Tairbhe eile a ghabhann leo is ea go laghdaítear lorg carbóin agus costais reatha an tí an tráth céanna. Tá an tuarascáil seo á foilsiú i gcomhthráth le cloch mhíle eile – an fíoras gur soláthraíodh uasghráduithe rialtaschistithe fuinnimh tí is fiú níos mó ná €1.2 billiún do theaghlaigh na hÉireann ó bhí an bhliain 2019 ann. Cé go ndearnadh cuid mhór dul chun cinn i réimse na n-iarfheistithe, is eol dúinn gur gá dúinn cur leis an líon uasghráduithe atá ar siúl agus dlús a chur leo. Tá sé sin mar phríomhaidhm againn mar rialtas nua maidir lena chinntiú go n-éireoidh linn ár ngealltanais aeráide a chomhlíonadh agus go leanfaidh saoránaigh le tairbhe a bhaint as cónaí i dtithe atá níos éifeachtúla, níos compordaí agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid."
Dúirt an tUas. William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Is cúis áthais dúinn gur tháinig méadú mór ar an líon uasghráduithe fuinnimh tí a críochnaíodh sa bhliain 2024. Imríonn iarfheistiú tithe ról lárnach maidir le cabhrú linn ár spriocanna i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach, agus is dearfach an rud é go mbíonn an móiminteam agus an t-éileamh i measc úinéirí tí ag méadú gach bliain.
"Má táimid chun an sprioc atá sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn a bhaint amach, is é sin, 500,000 teach a uasghrádú go rátáil fuinnimh B2, is gá dúinn 75,000 uasghrádú tí atá coibhéiseach le rátáil B2 a dhéanamh ar fud an chórais gach bliain idir 2026 agus 2030. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimis le hobair go pras agus le caidreamh a dhéanamh chun tacú le haistriú fuinnimh na hÉireann a chur i gcrích. Sa bhliain 2025, leanfaimid le díriú ar oideachas a chur ar úinéirí tí faoi na tairbhí a bhaineann le huasghráduithe fuinnimh tí, amhail billí fuinnimh níos ísle agus rátálacha fuinnimh foirgnimh níos fearr, agus faoin raon leathan deontas agus tacaíochtaí atá ar fáil d’úinéirí tí ionas gur féidir leo an t-aistriú a dhéanamh chuig teaschaidéil, agus leanfaimid le spreagadh a thabhairt dóibh leas a bhaint as na nithe sin. Áirítear leo sin na hiasachtaí íseal-úis atá ar fáil anois trí institiúidí airgeadais éagsúla."
Seo a leanas na héachtaí ceannlíne ar fud na scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh tí uile ar riar SEAI iad sa bhliain 2024:
- uasghrádaíodh beagnach 54,000 réadmhaoin (méadú 13% bliain ar bhliain)
- críochnaíodh 21,800 uasghrádú chuig rátáil B2 den Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (méadú 24% bliain ar bhliain)
- soláthraíodh 7,700 uasghrádú do theaghlaigh fhuinneamhbhochta cháilitheacha (méadú 31% bliain ar bhliain)
- suiteáladh 3,600 teaschaidéal, a fhágann gur suiteáladh 14,194 cinn san iomlán sa tréimhse 2019-2024
- tacaíodh le 545 uasghrádú ar thithe Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe faoin Scéim Náisiúnta um Fhuinneamh Tí a Uasghrádú (ionad ilfhreastail) agus le 224 cinn faoin Scéim Deontas Fuinnimh Pobail
Mar thoradh ar na huasghráduithe cónaithe a rinneadh sa bhliain 2024, baineadh coigilt fuinnimh 146 GWh agus coigilt 68 gcileathona d’astaíochtaí CO2 amach. Bhí an bhliain seo caite ina bliain láidir eile don Scéim Grianphainéal Fótavoltach freisin, agus méadú 28% ann ar an líon córas suiteáilte grianphainéal fótavoltach (toilleadh suiteáilte grianphainéal fótavoltach 160 MW).
Is féidir leat an Tuarascáil Iarfheistithe Lánbhliana ó SEAI don bhliain 2024 a íoslódáil ó shuíomh gréasáin SEAI.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Maidir le SEAI
Is é SEAI an t-údarás saineolach maidir le córas fuinnimh na hÉireann a dhícharbónú, agus é ag baint úsáid as sonraí láidre oibiachtúla agus as cur chuige fianaisebhunaithe chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais agus faoi iompraíochtaí úsáideoirí fuinnimh. Trí chomhairle phraiticiúil agus tacaíochtaí airgeadais a thabhairt dóibh, tugann SEAI de chumhacht do theaghlaigh, do ghnólachtaí, do thiománaithe agus don earnáil phoiblí bogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise a úsáid. Spreagaimid athruithe dearfacha sa dóigh a n-úsáideann Éire fuinneamh ar mhaithe le timpeallacht níos rathúla, níos fuinneamhéifeachtúla agus níos glaine a sholáthar.
Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh go suíomh gréasáin SEAI.