Gríosaíonn an rialtas daoine leas a bhaint as raon tacaí, agus geimhreadh deacair romhainn
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) – a imríonn ról tábhachtach maidir le tomhaltóirí a chosaint san earnáil fuinnimh
- SEAI – comhairle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí maidir le conas billí fuinnimh a laghdú agus teacht ar dheontais le haghaidh feabhsuithe coigilte fuinnimh
- ALONE – a oibríonn thar ceann gach duine scothaosta
- Nótaí don Eagarthóir
- Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí cén chabhair atá ar fáil dóibh agus cén dóigh ar féidir leo a n-úsáid fuinnimh agus a mbillí fuinnimh a laghdú, nuair is sábháilte déanamh amhlaidh
Ghríosaigh an rialtas sealbhóirí tí agus gnólachtaí inniu a chinntiú go mbíonn siad ag baint leas as na tacaí atá i bhfeidhm chun cabhrú linn go léir an geimhreadh dúshlánach seo a shárú. I gcomhar le comhpháirtithe tábhachtacha amhail an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS), ALONE agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), tá an rialtas ag iarraidh ar dhaoine coinneáil te agus folláin an geimhreadh seo agus a bheith ar an eolas go mbeidh cabhair ar fáil dóibh má bhíonn sí ag teastáil uathu thar na seachtainí agus na míonna atá romhainn.
Is é sin an phríomhtheachtaireacht sa chéim nua geimhridh seo den fheachtas 'Úsáid Níos Lú', rud a fógraíodh ag oifigí ALONE i mBaile Átha Cliath inniu. Tugtar leis an leathanach Úsáid Níos Lú agus an haischlib #ÚsáidNíosLú méar eolais chuig foinsí sonracha úsáideacha atá ar fáil faoi láthair chun cabhrú le daoine tacaí cuí a shainaithint chun freastal ar a riachtanais thar an tréimhse geimhridh atá romhainn.
Is é is 'Úsáid Níos Lú' ann ná feachtas trasrialtais faisnéise poiblí a tosaíodh i mí Aibreáin 2022.
Reáchtálfar an feachtas náisiúnta fud fad an tséasúir téimh agus oiriúnófar de réir mar is gá é do riachtanais athraitheacha faisnéise agus d’ábhair imní an phobail. Tá an chéim nua seo den fheachtas bunaithe ar thaighde ina léirítear go bhfuil imní ar fhormhór na ndaoine faoin staid fuinnimh, go háirithe toisc nach eol dóibh cad atá i ndán dóibh ina leith sin. Léirítear sa taighde freisin, áfach, go mbíonn daoine ar lorg soiléire ar cén áit ar féidir leo cabhair agus tacaíocht a fháil agus ar cad is féidir leo a dhéanamh chun an difear is mó a dhéanamh dá mbillí fuinnimh.
Mar chuid den fheachtas ilmheán, seachadfar chuig gach teach sa tír freisin bileog faisnéise ina mionsonrófar conas is féidir teacht ar thacaí agus comhairle rialtais maidir le haird níos fearr a thabhairt ar úsáid fuinnimh.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Léirítear go soiléir sa taighde a rinneamar go mbraitheann gach duine go ndéanann an ghéarchéim fuinnimh difear dóibh. Is mó difear a dhéanann sí do ghrúpaí áirithe inár sochaí ná do ghrúpaí eile, áfach. Áirítear leo sin, mar shampla, daoine scothaosta, daoine ar ísealioncam, agus daoine a bhfuil teaghlach óg acu. Is maith is eol don rialtas na deacrachtaí atá roimh dhaoine.
"Is é an phríomhaidhm atá leis an gcéim nua seo den fheachtas 'Úsáid Níos Lú' ná faisnéis shoiléir a thabhairt do dhaoine faoi na tacaí, faoin gcabhair agus faoin gcomhairle atá ar fáil ón Rialtas ar dtús agus ansin ó shainghrúpaí amhail MABS agus ALONE, mar shampla.
"Tá teaghlaigh agus gnólachtaí á spreagadh againn freisin airgead a choigilt trí fhuinneamh a úsáid ar shlí éifeachtúil, nuair is sábháilte déanamh amhlaidh. Tá sé tábhachtach go bhfanfadh gach duine te agus folláin."
An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) – a imríonn ról tábhachtach maidir le tomhaltóirí a chosaint san earnáil fuinnimh
Imríonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) ról tábhachtach maidir le tomhaltóirí fuinnimh a chosaint. Leagann sé amach i Lámhleabhair do Sholáthraithe an cód iompair ar dá réir nach mór do gach soláthraí fuinnimh caitheamh lena gcustaiméirí. Déanann sé faireachán ar an margadh, agus é ag dul i dteagmháil le soláthraithe agus le hionadaithe ó ghrúpaí náisiúnta tacaíochta araon. Tá bearta breise cosanta custaiméirí i bhfeidhm don gheimhreadh seo, lena n-áirítear an fadú ar mhoratóirí ar dhícheangail, an fadú ar thréimhsí aisíocaíochta do chustaiméirí a bhfuil fiachas orthu, agus an laghdú in ualaí fiachais ar chustaiméirí 'Íoc-mar-a-Úsáidtear'.
I dteannta na gcosaintí sin, tugtar leis an gCód Energy Engage, atá faoi stiúir ag soláthraithe, suaimhneas intinne d’úsáideoirí leictreachais agus gáis baile. Tugtar leis an gcód spreagadh do theaghlaigh a mbíonn deacrachtaí acu le billí a íoc dul i dteagmháil lena soláthraithe chun fiachas a bhainistiú. Ag gníomhú dóibh faoin gcód, ní dhéanfaidh soláthraithe aon duine atá i dteagmháil leo a dhícheangal agus tairgfidh siad raon roghanna íocaíochta dó/di (amhail plean aisíocaíochta fiachais d’aon duine atá chun deiridh lena b(h)ille).
Soláthraíonn an Fhoireann um Chúram Custaiméirí sa CRF seirbhís faisnéise saor in aisce agus seirbhís réitigh díospóide saor in aisce do thomhaltóirí agus do chustaiméirí leictreachais/gáis. Tá tuilleadh faisnéise faoi na cosaintí sin ar fáil ar a suíomh gréasáin.
Dúirt Aoife MacEvilly, cathaoirleach an CRF:
"Cé go mbeidh an geimhreadh seo dúshlánach mar gheall ar an méadú i gcostais fuinnimh, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag gach custaiméir fuinnimh go bhfuil raon leathan beart sonrach i bhfeidhm chun iad a chosaint. Tá an CRF ag díriú go príomha le cúpla mí anuas ar na custaiméirí sin a d’fhéadfadh a bheith sa trioblóid is mó, lena n-áirítear custaiméirí soghonta, custaiméirí a bhféadfadh fiachas teacht orthu agus custaiméirí a bhfuil méadar réamhíocaíochta cruatain airgeadais acu. A bhuí leis na bearta feabhsaithe nua cosanta custaiméirí a fógraíodh i mí Lúnasa, tabharfar ciseal breise athdhearbhaithe do na custaiméirí sin thar an gcéad chúpla mí eile. Leanfaidh an CRF air ag obair le soláthraithe, lenár nGrúpa Geallsealbhóirí is Custaiméirí agus leis an Roinn chun na bearta sin a chur chun feidhme an geimhreadh seo."
SEAI – comhairle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí maidir le conas billí fuinnimh a laghdú agus teacht ar dheontais le haghaidh feabhsuithe coigilte fuinnimh
Údarás náisiúnta fuinnimh inmharthana na hÉireann is ea SEAI (Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann). Oibríonn SEAI i gcomhar le sealbhóirí tí, le gnólachtaí, le pobail agus leis an Rialtas.
Ag labhairt dó ag ócáid an lae inniu, dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Bímid ag obair i gcomhpháirt an-dlúth leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun cabhrú le gach duine a n-úsáid fuinnimh a laghdú san am i láthair agus san am atá romhainn. Is é atá i gceist leis sin ar dtús ná comhairle a thabhairt do shealbhóirí tí agus do ghnólachtaí maidir le conas is féidir leo a mbillí fuinnimh a laghdú trína nósanna a athrú, trí chloí le cleachtas níos fearr agus trí threoir chiallmhar a leanúint maidir le téamh agus leictreachas. Tá lúcháir orainn freisin a fheiceáil go bhfuil spéis ollmhór ann sna deontais rialtaschistithe atá ar fáil uainn le haghaidh uasghráduithe fuinnimh tí, lena gcabhraítear le húinéirí tí feabhas a chur ar chompord a dtí agus laghdú a dhéanamh ar a mbillí fuinnimh agus ar astaíochtaí dochracha CO2 ag an am céanna. Soláthraítear leis na scéimeanna sin roghanna agus réitigh atá oiriúnach do gach buiséad agus do gach leibhéal uaillmhéine."
Seirbhís státchistithe Buiséadaithe agus Comhairle Airgid is ea MABS. Le 30 bliain anuas, tá MABS ag tacú le daoine a bhfuil fiachas fadhbach orthu trí chomhairle airgid agus seirbhís buiséadaithe a sholáthar dóibh. Is seirbhís rúnda, neamhspleách agus neamhbhreithiunach atá ar fáil saor in aisce é MABS.
Beidh MABS ar fáil duit más rud é go bhfuil tú ag streachailt le fiachas (billí fóntais san áireamh) nó go bhfuil tú i mbaol fiachais agus go dteastaíonn cabhair uait. Is féidir leat comhairle neamhchlaon a fháil ó MABS chun cabhrú leat d’airgead a bhainistiú agus smacht a fháil ar d’airgeadas. Tairgeann MABS tacaíocht ar na modhanna seo a leanas:
- ar líne, trína shuíomh gréasáin ag www.mabs.ie
- thar an teileafón, trína Líne Chabhrach ar 0818-07-2000 (9r.n.–8i.n., an Luan go dtí an Aoine)
- ar bhonn aghaidh ar aghaidh, tríd an mbreis agus 60 oifig atá ina líonra ar fud na tíre
Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a chistíonn MABS agus a thacaíonn leis, tríd an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Dúirt Karl Cronin, Urlabhraí Náisiúnta, MABS:
"Tá lúcháir ar MABS obair i gcomhar leis an rialtas ar an bhfeachtas seo. Is iad costais leictreachais agus téimh na speansais tosaíochta do gach teaghlach agus ba cheart buiséadú dóibh ar an mbonn sin. Nuair is féidir, ba cheart íocaíochtaí seachtainiúla a dhéanamh i dtreo costais leictreachais agus téimh chun iad a choinneáil faoi smacht agus chun aon riaráistí fadhbacha amach anseo a sheachaint. Tá roinnt tacaí ar fáil do theaghlaigh atá ag streachailt leis na costais sin a íoc. Tá comhairle agus faisnéis faoi na nithe sin ar fáil ó Líne Chabhrach MABS agus ónár líonra oifigí. Níor cheart aon duine a bheith gan solas ná teas an geimhreadh seo – tá MABS ar fáil chun cabhair a thabhairt."
ALONE – a oibríonn thar ceann gach duine scothaosta
Eagraíocht náisiúnta a chumasaíonn do dhaoine scothaosta dul in aois ina dteach féin is ea ALONE. Oibríonn sé thar ceann gach duine scothaosta agus féachann sé le folláine fhisiciúil, mhothúchánach agus mheabhrach a fheabhsú. Aon duine scothaosta a bhfuil imní air/uirthi faoi chostais fuinnimh, airgeadas, sláinte, tithíocht nó folláine an geimhreadh seo, is féidir leis/léi glao a chur ar Líne Náisiúnta Tacaíochta agus Atreoraithe ALONE ar 0818-222-024 ó 8r.n. go 8i.n., seacht lá den tseachtain, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí, ar chomhairle agus ar fhaisnéis.
Dúirt Seán Moynihan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ALONE:
"Bunaithe ar theagmháil leis na daoine scothaosta a n-oibrímid leo, is eol dúinn go bhfuil an-imní ar chuid mhór díobh faoina gcostais fuinnimh an geimhreadh seo agus go bhfuil na costais mhéadaitheacha ag déanamh difear dóibh le tamall maith anuas. Is cúis áthais dúinn obair i gcomhar leis an Rialtas ar an bhfeachtas 'Úsáid Níos Lú' chun a chur in iúl go soiléir nár cheart do dhaoine scothaosta srian a chur lena n-úsáid fuinnimh ar bhealaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a sláinte an geimhreadh seo. Ní saincheist compoird amháin é coinneáil te agus folláin. Is saincheist sláinte é freisin. Tá baill foirne agus oibrithe deonacha ALONE i bhfeidhm ar fud na tíre chun tacaíocht phraiticiúil a thairiscint agus chun comhordú a dhéanamh ar sheirbhísí do dhaoine scothaosta, agus i gcomhar le daoine scothaosta, chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar a riachtanais fuinnimh an geimhreadh seo, cibé acu a bhaineann sé sin le tacaíocht a fháil chun bille a íoc, le comhairle a fháil maidir le conas costais fuinnimh a íoslaghdú agus coinneáil folláin ag an am céanna, le hiad a nascadh le tacaí praiticiúla iomchuí, nó leis an imní atá orthu faoin ngeimhreadh atá le teacht."
Chun teacht ar fhaisnéis faoi na tacaí atá ar fáil agus ar chomhairle coigilte fuinnimh, téigh chuig an leathanach gréasáin Úsáid Níos Lú nó lean an haischlib #ÚsáidNíosLú
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Fógraítear tacaí costais maireachtála i mBuiséad 2023
I mBuiséad 2023, d’fhógair an rialtas sraith beart atá ceaptha chun tacú le daoine déileáil leis an méadú sa chostas maireachtála. Áirítear iad seo a leanas leo sin:
- creidmheas leictreachais €600 do gach teaghlach sa tír
- íocaíocht dhúbailte leasa shóisialaigh do mhí Dheireadh Fómhair – mar atá an Íocaíocht Dhúbailte Costais Maireachtála don Fhómhar
- íocaíocht dhúbailte sochair linbh, rud a dhéanfar an 1 Samhain
- íocaíocht chnapshuime €400 le daoine atá ag fáil liúntas breosla, rud a dhéanfar sa tseachtain dar tús an 14 Samhain
- íocaíocht €200 le daoine atá ag fáil an liúntais maireachtála aonair, rud a dhéanfar ón 14 Samhain
- íocaíocht €500 le daoine atá ag fáil na híocaíochta teaghlaigh i bhfostaíocht. Tosófar ar na híocaíochtaí sin a dhéanamh an 14 Samhain
- íocaíocht chnapshuime €500 le daoine atá ag fáil Deontas Tacaíochta Cúramóra. Tosófar ar na híocaíochtaí sin a dhéanamh an 14 Samhain
- íocfar deontas cnapshuime tacaíochta míchumais €500 le gach duine atá ag fáil íocaíocht fhadtéarmach míchumais
Tosófar ar na híocaíochtaí sin a dhéanamh an 14 Samhain.
Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go bhfaighidh teaghlach atá ag fáil Liúntas Breosla an geimhreadh seo sochar iomlán is fiú beagnach €2,000, rud a bheidh comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
- íocaíocht Liúntais Breosla €924 do gheimhreadh na bliana 2022/2023
- cnapshuim Liúntais Breosla €400
- creidmheas leictreachais €600 (CBL san áireamh)
An Roinn Coimirce Sóisialaí
I dteannta na mbeart costais maireachtála a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2023, is féidir go mbeidh custaiméirí incháilithe do thacaí eile freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- An Pacáiste Sochair Teaghlaigh – Cabhraíonn sé seo leat freastal ar chostais do bhillí leictreachais agus gáis. Áirítear do cheadúnas teilifíse leis freisin. Tá an Pacáiste Sochair Teaghlaigh ar fáil do gach duine os cionn 70 bliain d’aois. Ní sochar de réir tástáil acmhainne é agus ní gá go bhfuil tú ag fáil pinsin. Is féidir go mbeidh daoine faoi bhun 70 bliain d’aois incháilithe freisin, fad a shásaíonn siad coinníollacha áirithe amhail tástáil acmhainne nó atá siad ag fáil íocaíochtaí cáilitheacha áirithe eile leasa shóisialaigh. Níl ach pacáiste amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na critéir incháilitheachta agus faoin mbealach is gasta inar féidir iarratas a dhéanamh, téigh chuig www.MyWelfare.ie
- An Íocaíocht Riachtanas Breise – Tá Íocaíochtaí Riachtanas Breise ceaptha chun cabhrú le daoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh nó atá ar ísealioncam freastal ar chaiteachas bunriachtanach eisceachtúil aonuaire, i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go bhféadfadh an duine freastal ar an gcaiteachas sin trína (h)ioncam seachtainiúil. Is í Seirbhís Leasa Pobail na Roinne Coimirce Sóisialaí a sholáthraíonn an taca seo. Téigh chuig www.gov.ie/ANPchun tuilleadh faisnéise a fháil.
Cosaintí do theaghlaigh – cosaintí atá ar fáil ón rialálaí (CRF)
Oibríonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go dlúth leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) chun a chinntiú go bhfuil daoine ar an eolas faoi na cosaintí atá ar fáil do thomhaltóirí (má tá siad ag streachailt lena mbillí leictreachais agus gáis a íoc). Is féidir le daoine mionsonraí a fháil ar [external-link https://www.crf.ie/need-assistance/ | shuíomh gréasáin an CRF. ]
D’fhógair an CRF cosaintí níos láidre do thomhaltóirí le déanaí. Áirítear iad seo a leanas leo sin:
- fadú ar mhoratóirí ar dhícheangail: Is ó lár mhí na Nollag go lár mhí Eanáir a mhairfidh an moratóir reatha ar dhícheangail (do gach custaiméir baile). Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta a mhairfidh an moratóir do chustaiméirí soghonta. Faoi na bearta nua, fadaíodh an moratóir ón 1 Nollaig go dtí an 28 Feabhra. I gcás custaiméirí soghonta, fadaíodh é ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta
- fadú ar thréimhsí aisíocaíochta fiachais: Fadófar pleananna aisíocaíochta fiachais ón 1 Samhain, agus 24 mhí ar a laghad á dtabhairt do theaghlaigh chun an fiachas a aisíoc. Féadfaidh teaghlaigh an fiachas a aisíoc tráth níos luaithe ná sin, más féidir leo déanamh amhlaidh
- laghdú san ualach fiachais ar bhreisithe 'íoc-mar-a-úsáidtear': Is é an toradh a bheidh ar na bearta nua ná go laghdófar go 10% (ó 25% roimhe sin) an leibhéal aisíocaíochta fiachais ar íocaíochtaí breisithe do chustaiméirí 'íoc-mar-a-úsáidtear'. Mar shampla, ní rachaidh ach €2 (seachas €5) de gach breisiú €20 i dtreo fiachas a aisíoc
- luach níos fearr dóibh sin a bhfuil méadar cruatain airgeadais acu: Cuirfear gach custaiméir a bhfuil méadar cruatain airgeadais acu ar an taraif is saoire atá ar fáil óna soláthraí ón 1 Nollaig
- clár custaiméirí soghonta a chur chun cinn: Ní mór do sholáthraithe leictreachais an ‘clár custaiméirí soghonta’ agus an chosaint a ghabhann leis a chur chun cinn go gníomhach (ón 1 Samhain)
Comhairle coigilte fuinnimh d’úinéirí tí – comhairle ó SEAI
Sa chomhairle coigilte fuinnimh atá ar fáil d’úinéirí tí ó SEAI, dírítear ar na trí phríomhúsáideoir fuinnimh i do theach:
- agus sinn i séasúr an téimh anois, déan cinnte de go n-úsáidfidh tú uaineadóirí agus go gcoinneoidh tú teocht chompordach 19 gcéim Celsius ar bun i seomraí áitithe. (Is féidir go mbeidh teocht níos airde fós cuí d’áititheoirí scothaosta nó easlána)
- déan coigiltí ar théamh uisce the trí uaineadóir a úsáid ar do thumadh agus tríd an méid ama a chaitheann tú sa chithfholcadán a laghdú, go háirithe má úsáideann tú cithfholcadán cumhachta
- aon fhearas a théann nithe, úsáideann sé cuid mhór leictreachais. Mar sin, cuir meaisíní níocháin, triomadóirí agus miasniteoirí ar na socruithe teochta is ísle agus iad in úsáid, bain úsáid as an ‘éiceamhód’ má tá sé ar fáil, agus bíodh ualach iomlán agat i ngach cás
I gcás gnólachtaí:
- más gnólacht thú atá ag tosú ar d’aistear éifeachtúlachta fuinnimh, is é an chéad rud atá le déanamh agat ná tuiscint a ghnóthú ar d’úsáid fuinnimh agus ar na gníomhartha ar féidir leo cabhrú leat éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Trí chur amach a fháil ar cén dóigh agus cén áit a n-úsáideann tú fuinneamh i do ghnólacht, agus ar roghanna inbhuanaithe eile atá fuinneamhéifeachtúil, beidh tú in ann cinntí infheistíochta níos eolaí a dhéanamh
- clárú don acmhainn foghlama ar líne atá ar fáil saor in aisce ó SEAI – Acadamh Fuinnimh SEAI – chun tosú ag foghlaim faoi úsáid fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh do ghnólachtaí
Tairgeann SEAI trí bhealach i dtreo uasghrádú fuinnimh tí a fháil, agus iad oiriúnach d’imthosca difriúla agus do bhuiséid dhifriúla:
- tá deontais uasghrádúcháin fuinnimh aonair ar fáil d’úinéirí tí nach bhfuil ag iarraidh ach uasghrádú fuinnimh amháin nó dhó a dhéanamh thar thréimhse ama. Déanann an t-úinéir tí iarratas ar an deontas, bainistíonn sé/sí a t(h)ionscadal féin, agus éilíonn sé/sí an deontas ar ais ó SEAI tar éis na hoibreacha a chríochnú. Níl aon íoscheanglas rátála fuinnimh foirgnimh ann
- tá seirbhís an Ionaid Ilfhreastail ar fáil d’úinéirí tí atá ag iarraidh roinnt uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ag an aon am amháin chun rátáil fuinnimh foirgnimh B2 nó níos fearr a bhaint amach. Bainistíonn an tIonad Ilfhreastail an tionscadal ar fad ina iomláine, lena n-áirítear an t-iarratas ar dheontas. Baineann sé sin an dua den aistear uasghrádúcháin fuinnimh tí agus déanann sé níos éasca é. Íocann an t-úinéir tí an tIonad Ilfhreastail as na hoibreacha, lúide an deontas. Tairgeann an bealach seo raon níos leithne roghanna uasghrádúcháin fuinnimh chun tacú le húinéirí tí a bhfuil rátáil íseal fuinnimh foirgnimh acu
- Uasghráduithe Fuinnimh lánchistithe: Tairgeann sé seo uasghráduithe fuinnimh d’úinéirí tí cáilitheacha atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa
Cabhair do dhaoine a bhfuil méadar 'íoc-mar-a-úsáidtear' acu
Chuir an rialtas in iúl go láidir roinnt mhaith uaireanta nár cheart d’aon duine bheith fuair nó déanamh gan leictreachas ná cumhacht riachtanach an geimhreadh seo. Bhuail an tAire Ryan le CRU agus le soláthraithe chun plé a dhéanamh ar choimircí agus ar bhealaí praiticiúla inar féidir custaiméirí 'íoc-mar-a-úsáidtear' a chosaint.
Tá tacaí ar fáil ó sholáthraithe leictreachais. Féadfaidh custaiméirí 'íoc-mar-a-úsáidtear' a gcistí cruatain a rochtain ar an tslí chéanna a bhféadfaidh custaiméirí billeáilte iad a rochtain. Tá soláthraithe leictreachais ag obair i gcomhar le MABS agus le Cumann Naomh Uinseann de Pól ina leith sin.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag bualadh le MABS, le Cumann Naomh Uinseann de Pól, le ALONE agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha eile chun a chinntiú go bhfuil daoine ar an eolas go hiomlán faoi na bearta atá ar fáil agus faoi conas iad a rochtain. Leanfar, ar fud an Rialtais, leis an obair sin fud fad an gheimhridh chun go sainaithneofar teaghlaigh shoghonta agus chun go soláthrófar na tacaí riachtanacha do na daoine óna dteastaíonn iad.
Tá soláthraithe leictreachais ag déileáil go gníomhach le ceisteanna ó chustaiméirí, agus iad ag cur lena soláthar foirne agus lena n-acmhainní i réimse na seirbhíse do chustaiméirí ag an am céanna.