Geallann Éire páirt a ghlacadh i scaoileadh cúltacaí ola straitéiseacha idirnáisiúnta ag IEA
- Foilsithe: 11 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2026
Gníomh IEA chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthair idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn de bhun a coimhlinte sa Mheánoirthear
Tuairiscíonn Grúpa Slándála Soláthair Ola na hÉireann nach bhfuil ábhar aon imní láithreach ann maidir le soláthar
D'aontaigh airí i mballstáit den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), lena n-áirítear an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien, gníomh a thionscnamh chun Cúltacaí Straitéiseacha (ola) a scaoileadh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna soláthair atá ag teacht chun cinn de bharr na coimhlinte sa Mheánoirthear.
Tá stoic ola 90 lá ag Éirinn, i gcomhréir lena gealltanais idirnáisiúnta, agus tá sé beartaithe aici páirt a ghlacadh sa ghníomh. Déanann an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) bainistíocht ar Chúltacaí Straitéiseacha an Stáit.
Scaoilfeadh Éire 1.6 milliún bairille chun cur le scaoileadh 400 milliún bairille ag IEA. Is ionann an leibhéal sin agus an soláthar ar feadh thart ar 10.5 lá. Beidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil i dteagmháil le NORA maidir leis an eisiúint sin a chur i bhfeidhm.
Tá an Coimisiún Eorpach ag obair go dlúth leis na Ballstáit ar an gceist sin, agus tá Grúpa Comhordaithe Ola an Aontais tionólta aige amárach (12 Márta), agus pléifear go mion an preasráiteas ó IEA ansin.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Thionóil mo roinn an Grúpa Slándála Soláthair Ola níos luaithe an tseachtain seo [Dé Luain, 9 Márta] chun faisnéis a bhailiú ón tionscal ola maidir leis an staid soláthair a bhaineann le margaí áitiúla. Thuairiscigh siad nach raibh aon ábhar imní láithreach ann maidir le soláthar. Beidh tuairimí an tionscail mar chúinse i gcinntí maidir leis an eisiúint sin.
"Léiríonn rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht chomhchoiteann seo de chuid IEA ár dtiomantas comhroinnte chun cobhsaíocht a choinneáil i margaí fuinnimh dhomhanda agus tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint ó na héifeachtaí is measa a bhaineann le luaineacht praghsanna. Leanann mo chuid oifigeach de bheith i ndlúth-theagmháil lenár gcomhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun freagairt chomhordaithe, thráthúil agus iomchuí a chinntiú."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA)
Oibríonn an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) le rialtais agus leis an tionscal chun todhchaí fhuinnimh slán agus inbhuanaithe a mhúnlú do chách.
Cruthaíodh IEA in 1974 chun cabhrú le freagairt chomhchoiteann a chomhordú ar shuaitheadh mór i soláthar ola. Cé gur gné lárnach dá cuid oibre fós slándáil ola, tá forbairt agus leathnú suntasach déanta ar IEA ó bunaíodh í. Molann IEA beartais lena bhfeabhsaítear iontaofacht, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht fuinnimh, agus glactar léi cur chuige uile-bhreosla, uile-theicneolaíochta. Scrúdaítear léi na saincheisteanna ar fad lena n-áirítear athnuachan fhuinnimh, soláthar agus éileamh ola, gáis agus guail, éifeachtúlacht fuinnimh, teicneolaíochtaí fuinnimh ghlan, córais agus margaí leictreachais, rochtain ar fhuinneamh, bainistiú an éilimh, agus i bhfad níos mó.
An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA)
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) in 1995 faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam) 1995 – chun cúltacaí ola straitéiseacha na hÉireann a chothabháil.