8GW de ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh bainte amach in Éirinn – beidh ár dtodhchaí slán de bhrí go mbeidh athnuaiteáin dhúchasacha ar fáil againn
- Foilsithe: 12 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2026
Tá a hacmhainn fuinnimh gaoithe dúbailte ag Éire le 10 mbliana anuas
Anois is ionann í earnáil na gréine agus an tríú foinse is mó in Éirinn de ghiniúint leictreachais dhúchasach
D'fhógair an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, gur shroich Éire garsprioc shuntasach ina haistriú fuinnimh ghlan, agus go bhfuil 8GW d’acmhainn leictreachais in-athnuaite suiteáilte bainte amach, céim shuntasach chun cinn san aistriú chun ár dtodhchaí a choinneáil slán le leictreachas in-athnuaite dúchasach.
De réir sonraí sealadacha atá curtha ar fáil ag EirGrid, tháinig beagnach 50% de leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite i mí Feabhra, tráth ar taifeadadh buaic nua maidir le fuinneamh gaoithe.
Tá sé beartaithe ag Éire leanúint ar aghaidh ag cur leis an éacht seo, trí bheartais rialtais, feabhsuithe eangaí agus forbairt tionscadail atá ag cruthú deiseanna do phoist, infheistíochtaí agus geilleagar níos cobhsaí.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Fáiltím roimh na sonraí ó Líonraí BSL a dheimhníonn gur shroich Éire 8GW de leictreachas in-athnuaite – éacht mór d'Éirinn agus comhartha soiléir maidir lenár dtiomantas chun todhchaí fuinnimh níos glaine, níos sláine a fhorbairt. Is fianaise é an dul chun cinn seo ar thiomantas pobal, an tionscail agus an rialtais atá ag obair le chéile chun dlús a chur lenár n-aistriú fuinnimh.
"I láthair na huaire, tráth a bhfuil éiginnteacht maidir le fuinneamh agus praghsanna ag ardú ar fud an domhain, ní hamháin gur chun tairbhe na haeráide é ár n-acmhainn in-athnuaite dhúchasach a fhorbairt – tá sé riachtanach freisin chun slándáil fuinnimh fhadtéarmach a chinntiú mar aon le cobhsaíocht praghsanna do theaghlaigh agus do ghnóthaí in Éirinn. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go bhfuil leochaileacht na hÉireann do shuaitheadh praghsanna breoslaí iontaise iompórtáilte á laghdú againn.
"Faoi Chlár an Rialtais, tá Éire tiomanta do dhlús a chur le seachadadh athnuaiteán agus do bhonneagar na heangaí a fhorbairt. Tá príomhghealltanais tugtha chun é sin a chinntiú, cosúil le ceantanna RESS, agus infheistíocht cheadaithe ón rialtas ar luach €3.5 billiún sa 2 Oibritheoir Córais, Líonraí BSL agus EirGrid, arb ionann í agus an infheistíocht aonair is mó in eangach leictreachais na hÉireann riamh anall."
Leag Nicholas Tarrant, Stiúrthóir Bainistíochta, Líonraí BSL, béim ar an tábhacht a bhaineann le leanúint ar aghaidh ag cur leis an éacht seo:
"Is garsprioc shuntasach í 8 GW de ghiniúint leictreachais in-athnuaite atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a shárú. San áireamh anseo tá teicneolaíochtaí gaoithe, gréine, hidrileictreacha agus teicneolaíochtaí in-athnuaite eile. Tá Líonraí BSL bródúil as an dul chun cinn atá déanta i ndáil le giniúint leictreachais in-athnuaite a nascadh agus tá aitheantas tugtha aige freisin don rath a bhí ar an tionscal in-athnuaite chomh fada is a bhain le píblíne de thionscadail rathúla a fhorbairt. Nascadh 189 MW de chumhacht na gaoithe agus na gréine sa chéad 2 mhí de 2026, dea-chomhartha don bhliain amach romhainn. Is fianaise atá ann ar an ngealltanas atá tugtha againn maidir le bonneagar leictreachais a chur ar fáil go tapa agus chun an aistriú chuig todhchaí níos glaine, níos glaise a chumasú."
Tá gaoth ar talamh ag feidhmiú mar chnámh droma ghiniúint leictreachais in-athnuaite na hÉireann le fada an lá. Faigheann Éire níos mó leictreachais ó fheirmeacha gaoithe ar talamh ná aon tír eile san Eoraip. Tá sonraí sealadacha díreach eisithe ag EirGrid a thugann le fios gurb é fuinneamh gaoithe an fhoinse is mó de ghiniúint leictreachais in Éirinn i mí Feabhra, cothrom le 41% a bhí beagán chun tosaigh ar ghiniúint gháis a bhí cothrom le 37%. Tháinig fás tapa ar fhuinneamh na gréine le blianta beaga anuas agus is ionann é anois agus an fhoinse is tapa fáis de leictreachas in-athnuaite in Éirinn. Soláthraíonn sé an tríú sciar is airde de ghiniúint leictreachais dhúchasach chuig an eangach cheana féin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag POF EirGrid, Cathal Marley:
"Ábhar dóchais é go bhfuil dul chun cinn fós á dhéanamh agus go bhfuil garsprioc thábhachtach comhlíonta. I dteannta a chéile, tá comhtháthú in-athnuaite méadaithe á éascú againn agus táimid ag obair le custaiméirí chun naisc a éascú fad is atáimid ag obair ar mhaithe le todhchaí fuinnimh níos glaine a chinntiú. Leanfaidh EirGrid ar aghaidh i mbun nuálaíochta fad is a bheidh sé ag díriú ar a chlár oibreacha bonneagair is uaillmhianaí fós, chun córas cumhachta atá níos athléimní, níos sláine agus bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite a chinntiú."
Dreasaíonn scéimeanna rialtais cosúil leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) agus leis an Taraif Dhreasachta don Leictreachas In-athnuaite (REFIT) forbairt tionscadal fuinnimh ghlan, a raibh ról lárnach acu sna hiarrachtaí a rinneadh chun an gharsprioc 8GW a shárú. Bhí ról lárnach ag na 5 cheant RESS ar talamh a reáchtáladh ó Mheán Fómhair 2020 i neamhspleáchas fuinnimh na hÉireann a spreagadh, agus tá sé beartaithe an séú ceant a eagrú i mbliana.
Chomh maith leis sin, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Éire i ndáil leis na féidearthachtaí a bhaineann le gaoth ón talamh a sheachadadh, agus tá 5 thionscadal á bhforbairt ar an gcósta thoir, agus d’éirigh le ceant Tonn Nua 900MW eile a fháil anuraidh d’fhorbairt amach ó chósta an deiscirt. Tá obair á déanamh chun 3 láithreán eile ag cósta an deiscirt a ullmhú don mhargadh, agus tá Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe á fhorbairt chun forbairt straitéiseach, inbhuanaithe agus bhainistithe tionscadal gaoithe amach ón talamh amach anseo a chinntiú.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Athdhearbhaíodh i gClár an Rialtais go mbeadh spriocanna na hÉireann - freastal ar 80% d'éileamh leictreachais trí úsáid a bhaint as athnuaiteáin sa gharthéarma, agus tá sé beartaithe go mbeifear ag feidhmiú ar bhonn glan-nialasach faoin mbliain 2050.
Bonneagar eangaí
Tá 3 thascfhórsa trasrialtais, an Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú (ar talamh), an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón Talamh a Sheachadadh agus an Tascfhórsa um Bonneagar a Luathú, ag leanúint ar aghaidh le seachadadh na hacmhainne giniúna leictreachais in-athnuaite riachtanach a chinntiú mar aon le heangach atá oiriúnach don fheidhm.
Tá tús áite á thabhairt ag Éire do sheachadadh bhonneagar na heangaí leictreachais. Anuraidh cheadaigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) pleananna d'infheistíocht bheartaithe luach €18 mbilliún inár n-eangach leictreachais go dtí 2030. Shainaithin Líonraí BSL agus EirGrid breis is 500 tionscadal chun an eangach a threisiú, athnuaiteáin a nascadh agus tacú le leictriúchán leanúnach. Mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta, agus chun tacú leis an €18 mbilliún, cheadaigh an rialtas infheistíocht luach €3.5 billiún sa 2 Oibritheoir Córais, an infheistíocht aonair ba mhó in eangach leictreachais na hÉireann riamh.
Athbhreithniú Praghsanna 6
Ar an 16 Nollaig, d'fhoilsigh an CRF a Chinneadh Deiridh maidir le hAthbhreithniú Praghsanna 6. Comhlíonfaidh AP6 tosaíocht Chlár an Rialtais chun a chinntiú go ndéanfar an infheistíocht riachtanach san eangach leictreachais.
Is infheistíocht mhór í seo a mbaineann luach thart ar €18.9 billiún léi, atá ceadaithe ag CRF a chlúdaíonn na 5 bliana amach romhainn chun bonneagar leictreachais reatha na hÉireann a uasghrádú agus chun bonneagar nua riachtanach a chur ar fáil chun freastal ar éileamh a bheidh ann amach anseo.
Cumasóidh sé seo uasghráduithe agus forbairtí móra ar an ngréasán leictreachais, éascóidh sé fás tithíochta, leictriú teasa agus iompair, agus ag an am céanna cuirfear dlús le fás tionsclaíoch agus eacnamaíoch in Éirinn.
Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS)
Is í an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) an scéim tacaíochta is suntasaí in Éirinn le haghaidh gineadóirí leictreachais in-athnuaite ag scála eangaí agus is príomhbhealach a bhí ann chun dlús a chur le scéal ratha na hÉireann chomh fada is a bhain le hathnuaiteáin go dtí seo.
Bhí ról lárnach ag RESS i dtimpeallacht bheartais thacúil a chur ar fáil d'earnáil athnuaiteán na hÉireann, earnáil atá ag fás, ó reáchtáladh an chéad cheant in 2020. Tá an scéim ailínithe go dlúth leis an obair atá á déanamh ag an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh tríd an raon beart cosanta tomhaltóirí a cuireadh san áireamh i ndearadh an cheant, lena n-áirítear an conradh 2 bhealach don mheicníocht difríochta, agus is ionann í freisin agus an príomh-mhodh chun aistriú fuinnimh fadtéarmach agus chun buntáistí gaolmhara a chur ar fáil do thomhaltóirí.