Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Garspriocanna móra bainte amach de réir mar a leanann an Stát le pleanáil dá thodhchaí fhadtéarmach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta

Inniu, d'fhógair Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, foilsiú Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch, ina dtarraingítear aird ar na garspriocanna suntasacha in aistear na hÉireann i dtreo a éirí ina ceannaire domhanda i réimse an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

Tá spriocanna uaillmhianacha ag Éirinn. An fháil ar fhuinneamh glas iontaofa flúirseach, brúfaidh sí fás glan inbhuanaithe chun cinn in earnálacha atá dian ar fhuinneamh, agus cothóidh sí roinnt mhaith deiseanna le haghaidh fás geilleagrach agus cruthú fostaíochta.

Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta i mí na Bealtaine 2024. Is é an creat an tsamhail agus an fhís fhadtéarmach d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Leagtar amach ann treochlár le haghaidh na spriocanna uaillmhianacha fadtéarmacha atá againn a bhaint amach, agus áirítear leis tacar de 29 ngníomh mheántéarmacha atá ceaptha chun ár mbeartas fadtéarmach fuinnimh amach ón gcósta a dhúiseacht. Áirítear leis an athbhreithniú freisin plean gníomhaíochta nuashonraithe don bhliain atá le teacht, ar plean é ina n-athdhearbhófar an tiomantas atá ag an rialtas dá uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

Gníomh suntasach amháin a cuireadh i gcrích is ea an Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, rud a cheadaigh an rialtas níos luaithe an mhí seo. Tá an Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta mar chuid den ghealltanas atá tugtha i gClár an Rialtais 'Forbairt Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta a Bhrostú'. Ainmneofar sa phlean sin láithreáin ar fud limistéar mara iomlán na hÉireann chun an sprioc atá ag Éirinn 20 GW de thoilleadh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bheith aici faoin mbliain 2040 a bhaint amach.


Measúnú ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta foilsithe ag an Roinn freisin

Éacht suaitheanta eile laistigh den Athbhreithniú ar an gCreat Todhchaíoch is ea foilsiú an Mheasúnaithe ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta, rud a d’fhógair an tAire O’Brien inniu freisin. Sa mheasúnú sin, déantar mionanailís agus moltaí maidir le teicneolaíocht fhosaithe agus shnámhach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt ar bhonn tráchtála timpeall chósta na hÉireann. Is beart tábhachtach tosaigh é an measúnú, agus tugtar ann bonn fianaise le haghaidh láithreáin fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a ainmniú ar fud imeallbhord na hÉireann sa todhchaí.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú go bhféadfaí idir 3.5 GW agus 18 GW sa bhreis de thoilleadh teicneolaíochta fosaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt le réasún timpeall an chósta. Tá sé sin sa bhreis ar na 8 GW de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá beartaithe cheana féin in Éirinn mar chuid de thionscadail Chéim a hAon agus den Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Iniúchtar san anailís freisin an bonn fianaise le haghaidh teicneolaíocht shnámhach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar scála a fhorbairt in uiscí na hÉireann agus le haghaidh láithreán taispeána teicneolaíochta snámhaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhunú faoi seach.

Ar aon dul le réamh-mheastacháin mhargaidh idirnáisiúnta, léirítear sa mheasúnú gurb ísle faoi láthair an costas a bhaineann le teicneolaíocht fhosaithe fuinnimh gaoithe ná é sin a bhaineann le teicneolaíocht shnámhach fuinnimh gaoithe ag gach láthair inar féidir í a fhorbairt ón taobh teicniúil de. Dá bhrí sin, ar chúiseanna inacmhainneachta, tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú gur cheart tús áite a thabhairt sa ghearrthéarma do theicneolaíocht fhosaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt thar theicneolaíocht shnámhach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt, ar feitheamh thráchtálú na teicneolaíochta snámhaí.

Ag labhairt dó faoi Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch, dúirt an tAire O'Brien:

"Agus bliain amháin dulta thart anois ó sheoladh an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, léirítear san athbhreithniú bliantúil seo go ndearnadh dul chun cinn suntasach le bliain anuas le linn dúinn pleanáil dá bhfuil i ndán d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn san fhadtéarma. Tá tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar tí ár ngeilleagar a athrú as éadan, agus mórthairbhí eacnamaíocha réigiúnacha agus náisiúnta á dtairiscint le linn níos mó smachta a thabhairt dúinn ar ár gceannas fuinnimh.

"Táthar ag seachadadh leis an gCreat Todhchaíoch agus cur chuige fianaise-bhunaithe agus tá sé sin ríthábhachtach chun ár n-acmhainneacht fuinnimh a bhaint amach. Tá cuid mhór den teicneolaíocht is gá chun leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór ár nAtlantaigh fós á forbairt ar fud an domhain. Leis an samhail fhadtéarmach seo, cinnteofar go mbeimid réidh le gach foinse in-athnuate fuinnimh amach ón gcósta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear tuirbíní gaoithe fosaithe agus snámhacha, agus fuinneamh in-athnuaite tonnta agus taoide."

"Tá cur chuige uile-rialtais á ghlacadh chun na huaillmhianta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá againn a bhaint amach. Leanfaidh an rialtas le hobair i gcomhar leis an tionscal ar mhaithe le gach gníomh agus gealltanas atá sa Chreat Todhchaíoch a bhaint amach agus ar mhaithe le tionscal inbhuanaithe rathúil fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chruthú."

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú an Mheasúnaithe ar an Acmhainn Theicniúil, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá an Measúnú ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta ina bheart tábhachtach tosaigh de réir mar a fhéachaimid le láithreáin fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a ainmniú feadh ár n-imeallbhoird. Chun bonn eolais a chur faoi phleanáil, tugtar ann measúnú ardleibhéil ar limistéir ina bhféadfaí tionscadail a fhorbairt. Cuirfear mionphróiseas pleanála spáis mhuirí i gcrích ansin, tráth a thosóidh mo roinn ag obair ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a fhorbairt, rud ina n-ainmneofar láithreáin d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta feadh ár n-imeallbhoird."

Is féidir amharc ar na foilseacháin ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Na tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ar bun ag an Stát do 'Chéim a hAon'

Ar mhaithe leis na spriocanna ceangailteacha aeráide agus fuinnimh atá againn a chomhlíonadh, ghabh Éire uirthi féin 5 ghigeavata (GW) de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá uaillmhianta eile aici i réimse an fhuinnimh amach ón gcósta i gcoitinne freisin, lena n-áirítear gealltanas a tugadh 20 GW de thoilleadh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2040. Bainfear an sprioc 5 GW amach de bharr roinnt tionscadal fuinnimh amach ón gcósta de ‘Chéim a hAon’ a thosóidh go luath agus de bharr tionscadail fuinnimh amach ón gcósta a fhorbrófar sa todhchaí faoin bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Áirítear leis na tionscadail de Chéim a hAon ceithre thionscadal ar éirigh leo faoin gcéad Scéim Tacaíochta Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta de chuid an Stáit (ORESS 1), rud a seoladh sa bhliain 2023, agus dhá thionscadal eile nár éirigh leo i gceant ORESS 1 agus atá ag iarraidh naisc cheannaigh a fháil trí Chomhaontú Ceannaigh Chorparáidigh Cumhachta.

An Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas

Cheadaigh an tOireachtas an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas an 10 Deireadh Fómhair 2024, agus tá sé ar an gcéad phlean spáis riamh de chuid an Stáit le haghaidh forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Tháinig sé sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta timpeallachta agus ar phróiseas caidrimh le pobail chósta agus le príomh-gheallsealbhóirí amhail iascairí, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus Údaráis Áitiúla i gContae Loch Garman, i gContae Phort Láirge agus i gContae Chorcaí a mhair bliain amháin, beagnach. Sainaithnítear ann ceithre láithreán amach ón gcósta theas ina ndéanfar fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sa todhchaí.

An dara ceant de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

An 31 Deireadh Fómhair 2024, cheadaigh an rialtas téarmaí agus coinníollacha an dara ceant de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, rud atá ina gharsprioc thábhachtach eile in uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Tugtar ‘Tonn Nua’ ar an gceant sin. Beidh láithreán ceant Thonn Nua ar an gcéad cheant riamh a bheidh curtha ar siúl faoin bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Cuirfear an próiseas tairisceana ceant ar siúl níos déanaí sa bhliain 2025. Leis an tionscadal, soláthrófar 900 MW d’fhuinneamh glan, agus é ag rannchuidiú go mór le mórspriocanna aeráide agus leictreachais in-athnuaite na hÉireann. Chomh maith leis sin, sábhálfar leis 1.8 milliún tona d’astaíochtaí CO2 gach bliain tar éis a thógála.

Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

An 1 Bealtaine 2025, cheadaigh an Rialtas plean suntasach chun forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhrostú trí Phlean náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a cheadú. Is é an sprioc a bheidh leis láithreáin a ainmniú timpeall limistéar mara iomlán na hÉireann a bheidh in ann 15 GW ar a laghad de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2040, rud a chuirfidh ar chumas na hÉireann 20 GW de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, ar aon dul leis an sprioc atá aici. Tá an plean mar chuid den ghealltanas atá tugtha i gClár an Rialtais ‘Forbairt Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta a Bhrostú’. Cuirfidh sé sin dlús suntasach le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, agus beidh sé ar cheann de thionscadail is mó na linne seo. Féachfaidh an stát ansin leis an bPlean náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe a ghlacadh faoi dheireadh na bliana 2027.

An Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Sa Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, leagtar amach na spriocanna fadtéarmacha atá ag Éirinn, agus leagtar síos treochlár maidir le conas a bhainfear amach iad.

Áirítear leis an gcreat 29 bpríomhghníomh chun cur chuige fadtéarmach pleantreoraithe na hÉireann i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Tá sé bunaithe ar anailís ar dheiseanna eacnamaíocha chun infheistíocht a spreagadh agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar thoradh airgeadais agus eacnamaíoch an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don Stát agus do phobail áitiúla. Iniúchtar ann freisin an fhéidearthacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a onnmhairiú trí idirnascadh méadaithe, agus déantar anailís ann ar na deiseanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a úsáid le haghaidh táirgí agus seirbhísí fuinnimh mhalartaigh is féidir a chur isteach i margaí idirnáisiúnta. Áirítear na nithe seo le treoirphrionsabail an bheartais: an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint; inacmhainneacht an fhuinnimh a chinntiú do thomhaltóirí; toradh cothromasach a thabhairt do phobail; beartais agus bonneagar a ailíniú; muinín as infheistíocht a spreagadh; béim a leagan ar nuálaíocht teicneolaíochta; deiseanna le haghaidh toradh a thabhairt don stát a léiriú; agus tús áite a thabhairt do chaidreamh le geallsealbhóirí agus leis an bpobal.

An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar

Chun na huaillmhianta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ag Éirinn a bhaint amach, mar atá leagtha amach i gCéim a hAon, i gCéim a Dó agus sa Chreat Todhchaíoch, beidh comhoibriú fairsing ar fud ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ag teastáil. Bunaíodh Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar. Is tascfhórsa trasrannach é sin a bhfuil mar aidhm aige an soláthar a bhrostú agus a bhrú chun cinn agus na deiseanna eacnamaíocha agus gnó níos fadtéarmaí a bhaineann le foinsí in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt in Éirinn a shaothrú.

Ceann amháin de na príomhchuspóirí atá ag an Tascfhórsa is ea plean tionscadail ar fud an chórais ar fad a fhorbairt, agus na gníomhaíochtaí uile atá ar bun ar fud ranna agus gníomhaireachtaí á dtiomsú chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus na spriocanna gaolmhara. Tagann na comhaltaí den Tascfhórsa le chéile go tráthrialta chun dul chun cinn a phlé agus chun gach gné den obair ar an gconair chriticiúil, bearnaí, réimsí dúblála, deiseanna agus rioscaí a phlé.

Is féidir mionsonraí a fháil faoin Tascfhórsa ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, lena n-áirítear a chomhaltas, a chuspóirí, a théarmaí tagartha, agus miontuairiscí ar a chruinnithe.