Fógraíonn an tAire Dillon faighteoirí na Scéime Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Feabhra 2026
- Bronnfar cistiú iomlán de €650,000 ar 14 thionscadal ar fud na tíre
- Is spreagadh é an cistiú do dhaoine agus d’eagraíochtaí atá ag lorg bealaí nua agus praiticiúla chun dramhaíl a laghdú agus obair atá ann cheana a dhéanamh níos ciorclaí
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, atá freagrach as an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon, go bhfuil cistiú €650,000 á chur ar fáil do 14 thionscadal ar fud na hÉireann faoin gceathrú Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).
Rinne an tAire Dillon an fógra le linn cuairte ar fhaighteoir an deontais, Accelerate Change Together (ACT), ina oifigí i mBéal an Átha. Cuireann na deontais tacaíocht airgeadais shuntasach ar fáil do thionscadail atá ag obair ar réitigh nuálacha agus inscálaithe chun aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn – geilleagar ina n-athúsáidtear acmhainní, ina laghdaítear dramhaíl agus ina bhfuil inbhuanaitheacht i gcroílár an táirgthe agus na húsáide.
Agus é ag déanamh comhghairdeas leis na hiarratasóirí rathúla, dúirt an tAire Dillon:
"Maith sibh do gach duine de na 14 fhaighteoir a bhí rathúil faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach i mbliana. Is gné ríthábhachtach de thuras na hÉireann i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe a dtiomantas do réitigh a fhorbairt a laghdaíonn dramhaíl agus a bhaineann úsáid níos fearr as acmhainní. Léiríonn na tionscadail rathúla seo an nuálaíocht agus an uaillmhian atá riachtanach chun fíorathrú a dhéanamh agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a imreoidh siad a fheiceáil."
Tar éis turas ar thionscadal Accelerate Change Together i mBéal an Átha, rinne an tAire Dillon comhghairdeas leis an bhfoireann ACT, ag déanamh cur síos ar an tionscadal mar cheann a "léiríonn an chruthaitheacht, an cheannaireacht phobail agus an ghníomhaíocht phraiticiúil ar son na haeráide atá riachtanach chun aistriú go geilleagar ciorclach". Dúirt an tAire Dillon "ní hamháin go laghdaíonn tionscnamh mar seo dramhaíl, ach neartaíonn siad an geilleagar áitiúil agus soláthraíonn siad poist áitiúla freisin".
Dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Community Foundation Ireland:
"Ag Community Foundation Ireland, feicimid gach lá an méid acmhainneachta atá i bpobail nuair a bhíonn an tacaíocht cheart ar fáil. Is spreagadh eile é an cistiú seo do dhaoine agus d’eagraíochtaí atá ag lorg bealaí nua agus praiticiúla chun dramhaíl a laghdú agus a gcuid oibre atá ann cheana a dhéanamh níos ciorclaí. Cuirimid fáilte roimh an gcomhpháirtíocht seo leis an rialtas chun beocht a chur sna smaointe sin. Nuair a thagann nuálaíocht agus pobal le chéile, tarlaíonn athrú dearfach fíor, agus is céim eile sa treo ceart é seo d’Éirinn."
Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach
Ó 2024 i leith, tá an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach á riar i gcomhpháirtíocht le Community Foundation Ireland. Is mol daonchairdis é Community Foundation Ireland a thugann deontóirí, faighteoirí deontaithe agus pobail a bhfuil fís chomhroinnte acu maidir le hathrú sóisialta dearfach le chéile. Tá rath suntasach léirithe ag an eagraíocht maidir le deontais a eisíoc ar ghrúpaí agus eagraíochtaí éagsúla faoi réimsí téamacha éagsúla.
Tionscadail ar bronnadh cistiú orthu
Tá na 14 thionscadal ar bronnadh cistiú orthu faoin gceathrú scéim SDNGC liostaithe thíos:
- Abcon Industrial Products (An Cabhán)
- Accelerating Change Together (Maigh Eo)
- Addible Ltd (Cill Dara)
- Amicitia Health & Social Care (Gaillimh)
- BladeBridge (Corcaigh)
- Inishturk Community Club CLG (Maigh Eo)
- Irish Green Building Council (Baile Átha Cliath – raon feidhme náisiúnta)
- Lurgan Foods (Uíbh Fhailí)
- Mace Ireland (Baile Átha Cliath – raon feidhme náisiúnta)
- Oxfam Ireland (Baile Átha Cliath – raon feidhme náisiúnta)
- Positive Carbon (Baile Átha Cliath)
- Quality Technology Management Solutions (Luimneach)
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (Luimneach)
- Verifact International Ltd (Corcaigh)
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag: Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach - Tionscadail 2025
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá comhad (scarbhileog) i gceangal leis seo agus tá tuilleadh sonraí faoi na tionscadail ann, lena n-áirítear cur síos ar na tionscadail, láithreacha agus méideanna na ndeontas.