Cuireann an tAire Dillon fáilte roimh Threoir an AE maidir le Dramhaíl atá dírithe ar mhearfhaisean agus ar chur amú bia
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Bearta nua a mheastar a bheith ríthábhachtach don inbhuanaitheacht, don ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach
Chuir Alan Dillon, an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil a bhfuil freagracht ar leith aige as an nGeilleagar Ciorclach, fáilte roimh chur i bhfeidhm na Creat-Treorach Dramhaíola athbhreithnithe ón AE, a bhfuil sé mar aidhm aici cur amú bia agus teicstílí a laghdú.
Tá na hearnálacha bia agus teicstíle araon an-dian ar acmhainní, agus tá gá le réitigh chórasacha chun na tionchair chomhshaoil agus aeráide a bhaineann le giniúint cur amú bia agus teicstílí a laghdú. Leagann an Creat-Treoir Dramhaíola athbhreithnithe spriocanna ceangailteacha maidir le cur amú bia a laghdú atá le baint amach ar an leibhéal náisiúnta faoi 2030. Tá bearta á dtabhairt isteach freisin chun earnáil theicstíle níos inbhuanaithe a bhunú.
Dúirt an tAire Dillon:
"Is céim ríthábhachtach í dul i ngleic le cur amú bia agus teicstíle is féidir linn a ghlacadh ar mhaithe le hinbhuanaitheacht a bhaint amach, chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac, agus chun tacú leis an gclaochlú chuig geilleagar ciorclach. Is sprioc thábhachtach teacht i bhfeidhm na Treorach athbhreithnithe seo a chabhróidh le dlús a chur le hiarrachtaí chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
"Maidir le cur amú bia, ullmhóidh mo roinn an chéad leagan eile de Threochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia go luath, agus beidh ról thar a bheith tábhachtach ag an Treoir athbhreithnithe i múnlú roinnt de phríomhghníomhartha an treochlár. Táim ag tnúth le dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara tábhachtacha maidir leis an gcéad treochlár eile sula bhfoilseofar é in 2026
"Ina theannta sin, tá mo roinn ag forbairt Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha chun geilleagar ciorclach a bhaint amach agus tá tús curtha againn freisin le hobair ar Threochlár maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora le haghaidh Teicstílí. Beidh sé sin ar fáil le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara go luath an bhliain seo chugainn.
"Creidim go mbeidh an Treoir athbhreithnithe, agus ár gcur chuige beartais mar thaca leis, ina dheis chinniúnach chun dramhaíl bia a laghdú, treochtaí mearfhaisin a chosc, athúsáid agus athchúrsáil teicstílí a mhéadú, agus lorg comhshaoil giniúna dramhaíola bia agus earnáil na teicstílí a ísliú."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Maidir le dramhaíl bia, áirítear sa Treoir athbhreithnithe na spriocanna ceangailteacha maidir le cur amú bia a laghdú atá le baint amach ar an leibhéal náisiúnta faoi 2030:
- laghdú 10% ar an méid dramhaíola bia a ghintear i bpróiseáil agus i ndéantúsaíocht, i gcomparáid le méid na dramhaíola bia a ghintear mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023
- laghdú 30% ar an méid dramhaíola bia a ghintear per capita, i miondíol agus i ndáileadh bia eile, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh, i gcomparáid le méid na dramhaíola bia a ghintear mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023
Táthar ag súil go gcríochnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna faoi dheireadh 2027, rud a d’fhéadfadh coigeartuithe ar na spriocanna reatha, a leathnú chuig céimeanna eile de shlabhra an tsoláthair bia, nó spriocanna nua a thabhairt isteach tar éis 2030 a bheith mar thoradh air.
Leagtar amach sa Treoir athbhreithnithe freisin bearta coisctheacha sonracha do na Ballstáit chun cur amú bia a laghdú, lena n-áirítear tionscnaimh athraithe iompraíochta a chur i bhfeidhm, neamhéifeachtúlachtaí i slabhra an tsoláthair bia a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, comhoibriú a chothú i measc na bpáirtithe leasmhara uile, tacú le hoiliúint agus forbairt scileanna, agus nuálaíocht agus réitigh theicneolaíocha a chur chun cinn. Tá fócas níos láidre ann freisin maidir le barrachas bia a dheonú sa Treoir athbhreithnithe.
Teicstílí
Maidir le teicstílí, tá bearta fairsinge sa Treoir athbhreithnithe ón AE atá dírithe ar dhul i ngleic le mearfhaisean agus an díghrádú comhshaoil de bharr dramhaíola teicstíle. Tá bearta ann chun tacú le bailiú teicstílí ar leithligh agus chun an prionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” a chur i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go mbeidh an tionscal faisin freagrach as a dhramhaíl teicstíle. Tacóidh pleananna chun Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora (FFT) a chruthú do theicstílí le bailiú, sórtáil, athúsáid agus athchúrsáil éifeachtach teicstílí agus dreasachtaí á gcur ar fáil maidir le héicidhearthóireacht táirgí teicstíle. Faoin dlí nua sin, beidh sé de cheangal ar Éirinn scéim FFT a bhunú do theicstílí faoi Aibreán 2028.
Leis an Treoir athbhreithnithe seo, éascófar laghdú ar thionchair chomhshaoil agus aeráide earnálacha teicstíle agus bia san AE, agus ag an am céanna cuirfear le geilleagar níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe.
Is féidir Treoir (AE) 2025/1892 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl a fheiceáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex.
Tá sé de dhualgas ar Éirinn an Treoir athbhreithnithe a thrasuí i ndlí náisiúnta faoi Mheitheamh 2027.