Labhraíonn an tAire Dooley ag an gcruinniú fuinnimh gaoithe is mó san Eoraip agus leagann sé amach uaillmhian na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Labhraíonn an tAire Dooley ag an gcruinniú fuinnimh gaoithe is mó san Eoraip agus leagann sé amach uaillmhian na hÉireann

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a bhfuil freagracht speisialta air as cúrsa Mara, Timmy Dooley, le figiúirí gnó ceannródaíocha san earnáil fuinnimh gaoithe in-athnuaite go bhfuil Éire réidh anois le bheith ina príomhimreoir i dtodhchaí fuinnimh in-athnuaite na hEorpa. Bhí an tAire Dooley ag labhairt ag Seisiún Iomlánach Airí ag Imeacht Bliantúil WindEurope 2025 i gCóbanhávan.

Is é an seisiún airí an t-imeacht is mó a bhfuiltear ag súil leis ag an gcomhdháil. I measc na rannpháirtithe tá rogha d’airí Eorpacha, oifigigh ón gCoimisiún Eorpach, chomh maith le pearsana sinsearacha ó shaol an ghnó. Thug an plé léargas ar raon réimsí i dtaca le gaoth amach ón gcósta, lena n-áirítear: méideanna agus infheistíochtaí; eangacha; slabhraí soláthair; agus gaoth snámhacha. Is í an chomhdháil trí lá an ócáid bhliantúil is mó maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite san Eoraip, le breis is 15,000 duine i láthair.

Ní raibh sa phlé painéil airí ach ceann amháin de roinnt imeachtaí ardphróifíle a bhain le hÉirinn ag WindEurope 2025. I measc na n-imeachtaí eile bhí:

  • 'Seisiún Margaí na hÉireann' tiomnaithe a dhírigh ar na forbairtí is déanaí i leith rialacháin, ceantanna, forbairtí beartais agus deiseanna gnó do chuideachtaí a bhfuil suim acu i margadh na hÉireann. Bhí Philip Newsome, Príomhoifigeach – An Rannóg Leictreachais In-athnuaite atá freagrach as forbairt leictreachais in-athnuaite cois cladaigh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ina aoi-chainteoir ag an seisiún seo
  • seisiún líonraithe agus faisnéise a reáchtáil baill de thascfhórsaí gaoithe cois cladaigh agus amach ón gcósta Rialtas na hÉireann i bpailliún na hÉireann. Ag an ócáid seo, sheol an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tuarascáil ar an dul chun cinn ar 'Ag Cumhachtú Rathúnais' – Straitéis Thionsclaíoch Gaoithe Amach ón gCósta na hÉireann, a seoladh roimhe seo ag WindEurope 2024 in Bilbao
  • I bplé painéil ar chómhaireachtáil ar muir, bhí ceannasaí Beartas Pleanála Muirí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide – Rory O'Leary – páirteach

Creat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe

Chuir an tAire Dooley fáilte freisin roimh cheadú an rialtais an tseachtain seo ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP), atá fós faoi réir cheadú dhá theach an Oireachtais. Beidh ról lárnach ag an CNP athbhreithnithe i bpleanáil don athrú aeráide – ag cinntiú go gcomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí uaillmhianacha AE agus náisiúnta maidir leis an aeráid. Go háirithe, is céim ríthábhachtach í cuimsiú na leithdháiltí acmhainne leictreachais in-athnuaite réigiúnacha, atá sannta ar fud ár dtrí Thionól Réigiúnacha, agus éascóidh sé rolladh amach agus seachadadh luathaithe bonneagair leictreachais in-athnuaite, ag cinntiú go bhfuil píblíne leordhóthanach tionscadal gaoithe ar tír ann chun teacht le gealltanas na hÉireann maidir le 9 gigeavata (GW) de ghaoth ar tír faoi 2030.

Maidir leis an gCreat Pleanála Náisiúnta athbhreithnithe, dúirt an tAire Dooley:

"I gcomhthéacs luas na n-athnuaite fuinnimh atá ag dul chun cinn tríd an gcóras pleanála a mhéadú, ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi chuimsiú spriocanna leictreachais in-athnuaite réigiúnacha ar fud limistéar tionóil réigiúnach an Stáit laistigh den CNP [Creat Náisiúnta Pleanála] athbhreithnithe. Cruthóidh an CNP athbhreithnithe tacaíocht níos láidre d’fhuinneamh in-athnuaite ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ag soláthar soiléireachta agus comhsheasmhachta ar fud an chórais phleanála, ag cinntiú go bhfanfaidh Éire ina tír tharraingteach chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite.

"Aithníonn an CNP Athbhreithnithe freisin an nasc soiléir idir gníomhú ar son na haeráide agus an acmhainn maidir le hinfheistíocht a ghiniúint agus maidir le fostaíocht agus poist, lena n-áirítear i ndáil leis an tionscal gaoithe amach ón gcósta agus le teicneolaíocht ghlas."

Maidir le huaillmhianta fuinnimh gaoithe in-athnuaite na hÉireann, dúirt an tAire Dooley:

"Is scéal ratha ó thaobh fuinnimh gaoithe de í Éire cheana féin. Sholáthair feirmeacha gaoithe na hÉireann 48% de chumhacht na hÉireann i mí Feabhra seo caite, agus i mí Eanáir seo caite 2025, baineadh amach garsprioc shuntasach – nuair a shroich an Stát os cionn 5GW de thoilleadh gaoithe suiteáilte – níos mó ná leath bealaigh chuig spriocanna gníomhaíochta ar son na haeráide ar tír an Stáit do 2030 maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite.

"Tá acmhainneacht ard gaoithe amach ón gcósta ag Éirinn – ní hamháin chun fuinneamh níos saoire, níos glaine agus níos sláine a chur ar fáil dár dtithe agus dár ngnólachtaí – d fhéadfadh sí mílte post glas nua a sholáthar do go leor pobal ar fud an Stáit. Maidir leis an ngaoith amach ón gcósta, tá an rialtas i mbun beartas i dtaca le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar scála mór a luasghéarú, agus tá cur chuige uile-rialtas á chur i bhfeidhm, tríd an Tascfhórsa um Sheachadadh Gaoithe Amach ón gCósta.

"Le blianta beaga anuas, tá roinnt garspriocanna tábhachtacha bainte amach ag Éirinn i dtaca le gaoth amach ón gcósta, lena n-áirítear: an chéad cheant gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, a fuair os cionn 3 gigaveata (GW) de thoilleadh ó cheithre thionscadal gaoithe amach ón gcósta; foilsiú chéad phlean spásúil mhuirí an Stáit le haghaidh forbairt gaoithe amach ón gcósta – Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas [DMAP]; agus téarmaí agus coinníollacha ceadaithe an dara ceant gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Uaillmhian na hÉireann maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

Geallann Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 go mbainfear amach 5GW ar a laghad do thoilleadh gaoithe suiteáilte amach ón gcósta faoi 2030. Tá 2GW breise curtha i leataobh le haghaidh hidrigin glas agus úsáidí eile, nach mbaineann leis an ngreille, a tháirgeadh. Áirítear le cur chuige na hÉireann atá faoi stiúir plean maidir lenár spriocanna gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, roinnt céimeanna céanna:

  • Céim a hAon, atá ag teacht leis na tionscadail ábhartha a ghlac páirt sa chéad cheant leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in 2023
  • Céim a Dó, clár oibre luathaithe, a dhíríonn ar sheachadadh gearrthéarmach bunaithe ar theicneolaíocht a bhfuil inscálaitheacht chruthaithe aici i ndlínsí eile, agus a sholáthróidh an toilleadh breise gaoithe amach ón gcósta atá riachtanach chun sprioc 2030 an rialtais a bhaint amach; agus
  • an Creat Todhchaí atá faoi stiúir plean go hiomlán

Ceantanna RESS

I mí Mheán Fómhair seo caite, d’éirigh le Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) 4 na hÉireann, méadú os cionn 20% ar thoilleadh fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a fháil ar phraghsanna níos ísle ná an dá cheant roimhe seo.

Méadóidh RESS 4 toilleadh fuinnimh in-athnuaite na hÉireann, cruthóidh sé poist, cuirfidh sé cistí leasa pobail agus buntáistí níos leithne ar fáil do cheantair áitiúla ina dtógtar agus ina n-oibrítear tionscadail ghaoithe agus ghréine.

Braitheann rath cheantanna RESS ar phíblíne soláthair na dtionscadal leictreachais in-athnuaite, a rannpháirtíocht sa cheant, mar aon le breithnithe margaidh, suímh agus teicneolaíochta atá ag athrú. Cuidíonn sreabhadh leanúnach tionscadal le cothromaíocht a bhaint amach idir seachadadh tionscadal bliain i ndiaidh bliana chun tacú le nascadh tionscadal fuinnimh in-athnuaite leis an eangach leictreachais ag EirGrid agus ESB Networks agus soláthraíonn sé leibhéal intuarthachta don tionscal agus d’infheisteoirí. Ba é RESS 4 an ceathrú ceann de chúig cheant ar a laghad a bhí beartaithe a bheith ar siúl idir 2020 agus 2025 a chomhlíonfaidh spriocanna 2030. Beidh dearadh babhtaí ceantanna RESS breise atá beartaithe tar éis 2025 faoi réir cheadú cúnaimh stáit. Cuireann an RESS conairí ar fáil d’fhorbróirí in-athnuaite chun a gcuid tionscadal a phleanáil agus a fhorbairt. Cuirfidh sé ar chumas na hÉireann leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.

Is féidir le tionscadail ghaoithe amach ón gcósta páirt a ghlacadh trí cheantanna tiomnaithe amach ón gcósta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat