An tAire Dooley ina chathaoirleach ar an gcúigiú grúpa idirghníomhaireachta ar eachtra na Dubhabhann chun torthaí tástála a dheimhniú
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2025
An tseachtain seo, bhí an tAire Stáit ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoilatá freagrach as Iascaigh agus Muir, Timmy Dooley, ina chathaoirleach ar an gcúigiú grúpa idirghníomhaireachta a bhí ag déanamh imscrúdú ar eachtra bhásmhaireachta éisc le déanaí ar an Dubhabhainn.
Tar éis tástálacha fairsinge saotharlainne a dhéanamh ar 28 eiseamal breac donn mar chuid den imscrúdú, thug foghrúpa teicniúil eolas don ghrúpa faoina léirmhíniú agus anailís. Mar aon le himscrúduithe idirghníomhaireachta go dtí seo, fuarthas amach sna torthaí seo nach bhféadfaí aon tosca sonracha a bhunú go cinntitheach maidir le cúis bhás an líon suntasach éisc lena mbaineann an eachtra seo.
Tháinig foirne teicniúla ar an gconclúid gur dócha go raibh greannaitheoir san uisce a bhí ina chúis le básmhaireacht na n-iasc, ach ní féidir an fhoinse agus an chomhdhúil shonrach a chinneadh bunaithe ar imscrúduithe. Tá torthaí na saotharlainne, lena n-áirítear tuarascáil ar mhiotail throma iarmharacha agus sonraí fairsinge tástála iarmhair – ag seiceáil le haghaidh láithreacht na gcéadta substaintí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ). Tá nóta míniúcháin ar na torthaí ón bhfoghrúpa teicniúil san áireamh.
Bhain na gníomhaireachtaí imscrúdaithe úsáid as na hacmhainní uile atá ar fáil chun monatóireacht a dhéanamh ar an ndobharcheantar. Áirítear leis seo suirbhéanna fairsinge, cuairteanna ar shuíomhanna agus tástáil ag na gníomhaireachtaí éagsúla a chuireann leis an imscrúdú, lena n-áirítear:
- 41 cigireacht ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar 31 suíomh rialaithe
- 40 sampla, a bhaineann le háiseanna rialaithe GCC, tógtha agus anailísithe
- 5 shuirbhé cáilíochta macrainveirteabraigh arna ndéanamh ag an GCC i gceantar Cheann Toirc go Mala ar an 12 Lúnasa, agus an 1 agus an 2 Meán Fómhair 2025
- Measúnú ar shonraí monatóireachta ó áiseanna rialaithe GCC chomh fada siar le 28 Iúil
- 20 cigireacht ar scaoileadh ceadúnaithe Alt 4 an rialtais áitiúil agus roinnt gníomhaíochtaí tráchtála arna seoladh ag Comhairle Contae Chorcaí
- 14 cigireacht ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta chun úsáid luibhicídí/lotnaidicídí agus comhlíonadh Dea-Chleachtais Talmhaíochta (DCT) ag Comhairle Contae Chorcaí a scrúdú
- 9 measúnú ar mhaicrinveirteabraigh Scór Riosca Srutháin Bhig (SRSB) arna ndéanamh ag an gComhairle, chomh maith le tástáil agus anailís samplach
- Sampláil iarmhair arna coimisiúnú ag IIÉ ina ndéantar táistáil ar bhreis is 900 comhdhúil - lena n-áirítear miotail throma, lotnaidicídí agus ceimiceáin
- 200 cigireacht gnáthóige agus 10 suirbhé macrainveirteabrach arna chríochnú ag an IIÉ lena n-áirítear suirbhé báid leictriascaireachta
- Tástáil dhiagnóiseach arna déanamh ag Foras na Mara chun láithreacht galair agus riocht foriomlán an éisc a mheas
- Tá athbhreithniú déanta ag Uisce Éireann ar thorthaí uisce óil chun a chinntiú go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól
Tá an iascaireacht ag leanúint ar aghaidh ar an Dubhabhainn, agus níl aon fhadhbanna cáilíochta uisce braite faoi láthair. Déanann Uisce Éireann monatóireacht ar sholáthairtí uisce óil de réir cheanglais na Rialachán um Uisce Óil. Taispeántar leis na torthaí monatóireachta ó ghléasra cóireála uisce Mhala go dtí seo go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól.
Cé go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh téarnamh ar dhaonraí éisc, aithníonn an IIÉ agus gníomhaireachtaí eile an tionchar suntasach atá ag an eachtra seo ar an gceantar. Tá na gníomhaireachtaí uile ag leanúint orthu de shuirbhéanna agus chigireachtaí leanúnacha agus rialta a dhéanamh chun rioscaí féideartha a aithint, i ndobharcheantar na Dubhabhann agus níos leithne ar fud cúrsaí uisce eile.
Déanfaidh an grúpa athbhreithniú anois ar na gníomhartha a rinne na gníomhaireachtaí uile lena mbaineann, lena n-áirítear torthaí iomlána agus cuimsitheacha ó na himscrúduithe uile agus moltaí le haghaidh gníomhaíochta amach anseo, i ndáil le dobharcheantar na Dubhabhann agus éiceachórais abhann eile araon.
Ag labhairt faoi na torthaí, dúirt an tAire Dooley:
"Is oth liom nár tháinig aon torthaí cinntitheacha as an obair fhairsing a rinneadh chun bun agus barr an scéil seo a fháil amach. D’iarr mé tuarascáil chuimsitheach idirghníomhaireachta ar an imscrúdú ar an eachtra seo, mar beidh sé tábhachtach tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfaimid ár bhfreagairt trasghníomhaireachta ar na heachtraí seo a shruthlíniú, agus a chinntiú go bhfuilimid ag sainaithint foinsí truailleán tocsaineach inár n-abhantracha a luaithe is féidir. Níos tábhachtaí fós, ní mór dúinn ár n-iarrachtaí a ghéarú le nach dtarlóidh na heachtraí seo ar an gcéad dul síos. Tá tionchar tubaisteach ag na básanna éisc seo ar an bpobal áitiúil, ar phobal na hiascaireachta, agus ar gach duine sna ceantair seo. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoidh ár ngníomhaireachtaí leis na páirtithe leasmhara uile chun a chinntiú go bhfuil ár ngníomhartha coisctheacha, comhlíonta agus freagartha eachtraí chomh héifeachtach agus is féidir."
CRÍOCH