Cuireann an tAire Dooley fáilte roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleách ar slad ar éisc na Dubhabhann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Dooley fáilte roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleách ar slad ar éisc na Dubhabhann

De réir na tuarascála ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, d'fhreagair gníomhaireachtaí Stáit go tapa agus leagtar amach príomhmholtaí ann

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Timmy Dooley, fáilte inniu roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleách a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne iniúchadh ar fhreagairt an Stáit ar an eachtra maidir le slad ar éisc ar Dhubhabhainn na Mumhan i mí Lúnasa 2025.

Deimhnítear sa tuarascáil neamhspleách, a coimisiúnaíodh i ndiaidh na heachtra ba mhó a taifeadadh maidir le slad ar éisc in Éirinn, gur fhreagair gníomhaireachtaí Stáit go tapa agus go cuí nuair a tuairiscíodh an eachtra. Chomh maith leis sin, sainaithníodh deiseanna inar féidir feabhas a chur ar chomhordú agus ar chumarsáid, agus ag an am céanna aithníodh go bhfuil 'bearna braite' ann. Ciallaíonn sé sin an áit a dtarlaíonn teagmhas truaillithe gearrthéarmach agus a scaipeann sé sula mbraitear é, rud a chuireann teorainn leis an imscrúdú agus leis an bhforfheidhmiú.

Chuir an tAire fáilte roimh an tuarascáil, agus dúirt sé:

"Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus leis na húdair as an gcaoi a ndearnadh an t-athbhreithniú seo, mar gur thug siad tús áite dó.

"Ba phríomhchuspóir den athbhreithniú sin é a chinntiú gur fhoghlaimíomar ón eachtra a tharla. Leis na moltaí praiticiúla agus réamhbhreathnaitheacha a leagtar amach sa tuarascáil cuirtear treochlár soiléir ar fáil le haghaidh gníomhaíochta agus feabhsúcháin.

"Is féidir dul chun cinn a dhéanamh ar roinnt moltaí láithreach, agus tá siad á gcur chun cinn láithreach, ach beidh gá le breithniú agus pleanáil níos mine ar chuid eile chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach éifeachtach agus bunaithe ar fhianaise."

Dúirt an tAire go ndéanfar dul chun cinn ar go leor de na moltaí a rinneadh sa tuarascáil sa ghearrthéarma, lena n-áirítear na moltaí atá dírithe ar an gcaoi a n-oibríonn gníomhaireachtaí Stáit le chéile a neartú. Tá Grúpa Prótacail Idirghníomhaireachta bunaithe ag Iascaigh Intíre Éireann chun an obair sin a chomhordú agus meastar go mbeidh sé críochnaithe roimh dheireadh Ráithe 1 de 2026. Cinnteoidh an prótacal aonair agus comhaontaithe seo do na gníomhaireachtaí go léir atá bainteach leis go dtabharfar an saineolas, na hacmhainní agus an fhaisnéis ábhartha le chéile go tapa agus cinnteoidh sé comhsheasmhacht sa chaoi a ndéileálfar le heachtraí agus a gcuirfear in iúl iad amach anseo.

Leagtar amach sa tuarascáil réimse moltaí fadtéarmacha freisin. Áirítear leis sin bearta coisctheacha amhail taighde chun suíomhanna ardriosca a thuar le haghaidh maruithe éisc, i gcomhar le feabhas a chur ar athléimneacht dobharcheantair trí bhrúnna a laghdú, cáilíocht agus sreabhadh gnáthóige a fheabhsú agus cur chuige maidir le brath amhail monatóireacht leanúnach fhíor-ama ar phríomhaibhneacha a fheabhsú. Tá na moltaí sin casta agus beidh measúnú agus pleanáil chúramach ag teastáil. Tá roinnt córas monatóireachta i bhfeidhm cheana féin, lena n-áirítear an líonra monatóireachta dobharcheantar Bhuiríos Umhaill, agus tá gá le measúnú a dhéanamh orthu chun a chinntiú go gcomhlánóidh agus go bhfeabhsófar le bearta nua córais atá ann cheana féin seachas iad a chóipeáil nó rud éigin eile a chur ina háit. Tá an roinn ag breithniú an fhéidearthacht chun tionscadal píolótach a fhorbairt ag baint úsáid as dobharcheantar Dubhabhann, le cur chun feidhme na moltaí sin a thástáil, a mheas agus measúnú a dhéanamh orthu san fhíorshaol sula mbreithneofar leathadh amach níos leithne. Agus cur chuige den sórt sin á fhorbairt, bheadh rannpháirtíocht an phobail ina bhreithniú lárnach.

Chuir an tAire fáilte freisin roimh rannpháirtíocht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde le páirtithe leasmhara áitiúla agus an ról tábhachtach a bhí acu maidir leis an ábhar imní tosaigh a chur in iúl – agus dúirt sé:

"B'eachtra an-dian í sin don phobal áitiúil. Is mór agam go háirithe an rannpháirtíocht a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde le páirtithe leasmhara áitiúla agus an bealach oibiachtúil a léirítear a dtuairimí sa tuarascáil. Leagtar béim leis freisin ar an ról tábhachtach atá ag eolaíocht na saoránach agus breathnóireacht an phobail i gcosaint ár dtimpeallachta."

Breithneoidh an roinn agus na gníomhaireachtaí ábhartha an tuarascáil go mion anois.

Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • D’fhoilsigh Iascaigh Intíre Éireann an tuairisc achomair i mí Mheán Fómhair 2025 ar eachtra slad ar éisc ar Dhubhabhainn thar ceann Grúpa Idirghníomhaireachta a bunaíodh chun imscrúdú ar an eachtra a chomhordú

  • Bhí an Grúpa Idirghníomhaireachta faoi stiúir Iascaigh Intíre Éireann, agus bhí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), Comhairle Contae Chorcaí, Foras na Mara, Uisce Éireann, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) agus Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) ann

  • Ba é sin ceann de na himscrúduithe is mionsonraithe a rinneadh riamh mar fhreagairt ar eachtra slad ar éisc. Áiríodh leis breis is 40 cigireacht, suirbhéanna gnáthóige, tástáil uisce agus paiteolaíochta agus anailís saotharlainne ardleibhéil. Cé nárbh fhéidir an chúis shonrach a aithint, chinn toradh an imscrúdaithe gur eachtra ghearrthéarmach a bhí ann agus chuir sé na rioscaí móra go léir as an áireamh

  • I gcomhréir leis an dea-chleachtas, gheall an tAire Dooley go ndéanfaí ceachtanna foghlamtha a thaifeadadh mar chuid d’athbhreithniú cuimsitheach ar theagmhais, lena chinntiú go bhfuilimid níos ullmhaithe chun teagmhais amach anseo a chosc agus freagairt dóibh. I mí Dheireadh Fómhair, scríobh an tAire chuig Iascaigh Intíre Éireann ag iarraidh orthu athbhreithniú neamhspleách ar an eachtra a threorú thar ceann an Ghrúpa Idirghníomhaireachta.

  • Ceapadh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú neamhspleách bunaithe ar eolaíocht a dhéanamh, a raibh sé mar aidhm aige machnamh a dhéanamh ar na gníomhartha a rinneadh le linn eachtra Dubhabhann, a n-éifeachtacht a mheas agus moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir bearta coisctheacha agus freagartha amach anseo a fheabhsú

  • Is é an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ionad eolaíochta agus eolais an Choimisiúin Eorpaigh, a sholáthraíonn faisnéis eolaíoch neamhspleách chun tacú le ceapadh beartais ar fud an Aontais. Déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde taighde eolaíoch agus anailís theicniúil, déanann sé athbhreithniú ar shaincheisteanna beartais casta nó íogaire agus soláthraíonn sé measúnuithe neamhspleácha ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach agus ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat