Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leithdháileann an tAire O'Brien €5 mhilliún chun tacú le costais forbartha tionscadal téimh ceantair

Cheadaigh Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, leithdháileadh €5 mhilliún chun tacú le costais forbartha réamhthógála do thionscadail téimh ceantair éifeachtúil in Éirinn. Tiocfaidh an cistiú ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Tá beartas an rialtais i bhfabhar téamh ceantair in Éirinn a leathnú, rud a rannchuideoidh leis an soláthar breosla a éagsúlú agus leis an earnáil teasa a dhícharbónú. Príomhchuspóir de chuid an rialtais faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide is ea téamh ceantair a imscaradh ar mhórscála, go háirithe i limistéir dhlúthdhaonra a bhfuil foinsí teasa réamhdhéanta suite in aice láimhe acu. Is cuid lárnach den Uasteorainn Astaíochtaí Earnála maidir leis an Timpeallacht Thógtha a chomhlíonadh é freisin.

Tá an Stát ag tabhairt tacaíocht airgeadais do líonraí téimh ceantair a fhorbairt in Éirinn tríd an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Mar shampla, tá scéim atá ar scála measartha mór i mbun oibre in Éirinn, rud a d’fhorbair Comhairle Contae Átha Cliath Theas i dTamhlacht, le tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ina theannta sin, tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag obair ar thionscadal mór a fhorbairt lena n-úsáidfear dramhtheas ó shaoráid aisghabhála fuinnimh Bhaile Átha Cliath ar an bPoll Beag chun foirgnimh earnála poiblí, tráchtála agus cónaithe a théamh, rud a chuirfear i bhfeidhm ar dtús sa limistéar máguaird, agus pleananna ann chun leathnú de réir a chéile isteach i gcathair Bhaile Átha Cliath.

An Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair

Ar aon dul leis an moladh ón Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair de chuid an rialtais maidir le tacaíocht airgeadais a thabhairt le haghaidh téamh ceantair, tá an tAire ag lorg leithdháileadh airgeadais ilbhliantúil freisin chun go mbeifear in ann tionscadail téimh ceantair éifeachtúil a thógáil idir na blianta 2026 agus 2030. Mar chuid den phróiseas sin, agus ar aon dul leis na Treoirlínte Bonneagair, tá an roinn, ag obair di i gcomhpháirt leis an Ionad Barr Feabhais um Théamh Ceantair de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), ag ullmhú cás gnó ar son cistiú Stáit amach anseo (2026-2030) a bhunú chun tacú le tionscadail téimh ceantair éifeachtúil i láithreacha oiriúnacha, go háirithe i limistéir uirbeacha a bhfuil ard-dlús teasa acu.

Tá tacaíocht á tabhairt isteach do na costais forbartha réamhthógála do thionscadail téimh ceantair éifeachtúil chun a chinntiú go mbeidh tionscadail téimh ceantair éifeachtúil in ann leas a bhaint as an gcistiú sin amach anseo. Bhí sé ríthábhachtach go gcuirfí an cistiú sin i bhfeidhm chun líon suntasach tionscadal téimh ceantair éifeachtúil a spreagadh chun go mbeidh siad ‘réidh le tógáil’ a luaithe a bheidh cistí amach anseo ar fáil.

Dúirt an tAire O’Brien:

"Tá ríméad orm a bheith in ann a fhógairt gur leithdháileadh €5 mhilliún chun tacú le costais forbartha réamhthógála tionscadal téimh ceantair éifeachtúil in Éirinn. Beidh téamh ceantair ina theicneolaíocht ríthábhachtach chun Éire a chumasú a huaillmhianta aeráide a bhaint amach, agus feabhas á chur ar ár slándáil fuinnimh agus ar ár n-inacmhainneacht fuinnimh ag an am céanna. Is léir é sin ó rath na scéime téimh ceantair atá ann cheana i dTamhlacht.

"Tá sé feicthe agam go bhfuil fonn sa tionscal seo tús a chur le tionscadail a fhorbairt láithreach.

"Cabhróidh an fógra sin leis an tionscal an chéad chéim eile a thógáil. Nuair a bheidh an ciste forbartha réamhthógála ar oscailt, molaim do gach urraitheoir ionchasach tionscadal téimh ceantair éifeachtúil iarratas a dhéanamh. Comhoibreoidh an roinn seo leis an Ionad Barr Feabhais um Théamh Ceantair de chuid SEAI chun an ciste seo a fhorbairt agus chun an leithdháileadh seo a chur ar fáil a luaithe is féidir. Le píblíne láidir tionscadal atá réidh le cur ar aghaidh, is é an toradh a bheidh ar an ngné sin a chistiú anois ná go mbeidh an tionscal téimh ceantair in ann rath a bhaint amach, a luaithe a bheidh an ciste stáit amach anseo i bhfeidhm chun tacú le tógáil iomlán tionscadal téimh ceantair éifeachtúil."

Infhaighteacht an chiste

Beidh an ciste seo ar fáil d’údaráis phríobháideacha agus d’údaráis phoiblí ar mian leo téamh ceantair éifeachtúil a chur chun cinn in Éirinn. Samhlaítear go mbeifear in ann an cistiú sin a úsáid chun tacú le costais forbartha réamhthógála. Mar sin féin, tá sé beartaithe freisin go dtacóidh an leithdháileadh sin le tionscadail a bhfuil á gcuid oibre forbartha tosaithe acu cheana féin.

Aithníonn an rialtas gurb é an toradh a bheidh ar infheistíocht a dhéanamh anois sa bhonneagar luathchéime ná go soláthrófar gnéithe lárnacha dromlaigh do líonraí téimh ceantair a dhícharbónóidh teas do phríomhchustaiméirí móra sna deich mbliana seo, agus go mbeifear in ann tuilleadh leasa a bhaint astu, trí infheistíocht amach anseo, chun spriocdhíriú ar ualaí teasa níos lú idir an meántéarma agus an fadtéarma.

CRÍOCH

Notes to the Editor

Téamh Ceantair

Is féidir le téamh ceantair an teas dícharbónaithe a sholáthar a theastaíonn chun sciar suntasach de spriocanna teasa in-athnuaite na hÉireann a chomhlíonadh. Tugadh aitheantas sa bheartas náisiúnta in Éirinn don mhéid is féidir leis an téamh ceantair rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide na hÉireann. Tá sé sin bunaithe ar fhionnachtana an Staidéir Náisiúnta Teasa 2022 ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, inar léiríodh an acmhainneacht shuntasach atá ag téamh ceantair freastal ar an éileamh ar theas in Éirinn trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáid. Tá téamh ceantair freagrach as sciar an-bheag d’earnáil téimh na hÉireann faoi láthair. Meastar gur i bhfad faoi bhun 1% atá an figiúr, agus é ar cheann amháin de na sciartha is ísle de théamh ceantair san Eoraip.

Athdhearbhaíodh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 an rannchuidiú suntasach is féidir le téamh ceantair a dhéanamh maidir leis an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a mhéadú san earnáil teasa agus maidir le hastaíochtaí a laghdú. Cuirtear arís eile leis an ngealltanas sin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, lena n-áirítear sprioc chun suas le 2.7 TWh de théamh ceantair a sholáthar faoin mbliain 2030.

Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, deimhnítear spriocanna an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, agus gealltar Scéim Ghinearálta de Bhille Teasa a dhréachtú chun samhail rialála a bhunú do théamh ceantair lena gcinntítear cosaint tomhaltóirí agus tionscal bríomhar téimh ceantair. Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 freisin sainordú a thabhairt don earnáil phoiblí nascadh le téamh ceantair, nuair is indéanta. Athdhearbhaíodh tuilleadh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 tiomantas na hÉireann do théamh ceantair.

Téamh Ceantair Éifeachtúil

Le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, (2012/27/EU, arna athbhreithniú in 2018 agus in 2023) tacaítear le córais Téimh Ceantair Éifeachtúla mar chuid dá forbairt straitéiseach chun geilleagar glan-nialasach a bhaint amach.

Leagtar amach in Airteagal 26 den Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh critéir le haghaidh córais téimh ceantair (agus córais fuaraithe ceantair) éifeachtúla. Baineann na critéir seo le cineál na bhfoinsí teasa arna húsáid do chórais den sórt sin idir seo agus 2050, agus ina dhiaidh sin. Leagtar amach sna critéir tairseacha a éireoidh níos déine le himeacht ama; ní fhéadfaidh córas téimh ceantair éifeachtúil ach fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas a úsáid faoi 2050.

Tá sé beartaithe go gcomhlíonfaidh aon tionscadal téimh ceantair a dtabharfar tacaíocht dó, nó iad ar fad, critéir le haghaidh téimh ceantair a leagtar amach sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide

Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, agus do thionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Leis an gCiste, tacaítear le tionscadail nach ndéanfaí iad ar aon shlí eile.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat