Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leathnaíonn an tAire O'Brien agus an tAire Dillon clár Picker Pals chuig 966 seomra ranga ar fud na hÉireann

Borradh maoinithe chun breis is 24,000 leanbh agus a dteaghlaigh a chumasú chun gníomhaíocht chomhshaoil a dhéanamh ina bpobail

Inniu, d’fhógair Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus Alan Dillon, an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil le freagracht ar leith as an nGeilleagar Ciorclach, maoiniú de bheagnach €380,000 inniu do Chlár Picker Pals, a chuirfidh an clár ar fáil do 966 seomra ranga ar fud na tíre i mbliana.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Tá lúcháir orm go bhfuil ár roinn ag tacú le leathnú Picker Pals go beagnach 1,000 seomra ranga ar fud na hÉireann. Is sampla iontach é an clár seo de conas is féidir linn freagracht chomhshaoil a spreagadh ó aois óg. Trí leanaí a chumasú chun gníomhú ina bpobail féin, táimid ag cabhrú le cultúr cúraim agus inbhuanaitheachta a chothú a rachaidh chun tairbhe na nglún atá le teacht."

Ag labhairt dó i ndiaidh cuairt ar cheann de na scoileanna atá páirteach sa chlár, dúirt an tAire Stáit Alan Dillon:

"Tá áthas orm tacaíocht na roinne a choinneáil don chlár seo, a sholáthraíonn oideachas comhshaoil do bhunscoileanna, le fócas ar bhruscar, agus na huirlisí a sholáthar do leanaí agus dá dteaghlaigh chun bruscar a bhailiú ina gceantar. Tuigim go bhfuil grá ag múinteoirí agus ag a ndaltaí don chlár, rud a chuir lena rath.

"Agus mé ag tabhairt cuairt ar Scoil Náisiúnta Mhíleac Mór i Maigh Eo, chonaic mé díograis na múinteoirí agus na ndaltaí don chlár, rud a chuidigh go soiléir leis an rath sin a bhaint amach."

Is bunscoil tuaithe ceithre mhúinteoir í Scoil Náisiúnta Mhíleac Mór gar do Chlár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Tá an scoil ag glacadh páirte sa chlár le trí bliana anuas. Anuraidh, fuair siad cuairt speisialta ó Picker Pals toisc go bhfuil siad chomh díograiseach faoi aire a thabhairt don chomhshaol. Tá an scoil seo díreach tar éis Bosca Spreagtha a fháil, toisc go bhfuil fonn orthu an trealamh a bhí acu cheana féin i rang amháin a athúsáid agus tá iarratas déanta acu fiú ar phacáiste eile do sheomra difriúil ionas gur féidir le níos mó ranganna páirt a ghlacadh ag an am céanna.

Dúirt Bean Uasal Keaveney, múinteoir i Scoil Náisiúnta Mhíleac Mór:

"Is tionscnamh iontach do scoileanna é clár Picker Pals! Faigheann na leanaí trealamh beag le tabhairt abhaile acu gach seachtain chun bruscar a bhailiú lena dteaghlaigh, agus ansin tuairisc bheag a dhéanamh faoi. Baineannn siad an-sult as! Cuireann sé nósanna bailithe bruscair agus an cleachtas simplí gan bruscar a chaitheamh chun cinn. Neadaíonn sé na luachanna comhshaoil sin iontu."

Tá Picker Pals á chur ar fáil ag Guth Imní na hÉireann don Chomhshaol (VOICE), Eagraíocht Neamhrialtasach Comhshaoil (ENR) cheannródaíoch atá dírithe ar laghdú dramhaíola agus rannpháirtíocht saoránach. Ó seoladh é, tá an clár tar éis fás ina ghluaiseacht náisiúnta, ag cur ar chumas na mílte leanaí gníomhú mar chosantóirí gníomhacha ar a dtimpeallacht. I mbliana, tá sé mar aidhm ag an gclár breis is 24,000 leanbh bunscoile agus 36,000 ball dá dteaghlaigh a spreagadh chun gníomhaíocht a dhéanamh.

Tá Picker Pals ag feidhmiú i ngach contae in Éirinn, ag cur freagracht chomhshaoil chun cinn ó aois óg trí leanaí a spreagadh go díreach i gcúram a bpobail.

Labhair Gary Jones, Clárbhainisteoir do VOICE Ireland, faoin scéim:

"Ligeann Picker Pals do leanaí óga dul i gceannas ar bhailiúcháin bruscair teaghlaigh, a chabhraíonn le dearcaí dearfacha i leith an chomhshaoil a chothú."

I gcroílár an chláir tá an Pacáiste Bailitheora, fearas ina bhfuil trealamh bailithe bruscair atá oiriúnach do theaghlaigh agus acmhainní ranga. Gach seachtain, tugann páiste difriúil an pacáiste abhaile leo ón scoil agus bíonn siad i gceannas ar bhailiú bruscair teaghlaigh, ag roinnt a dtaithí le comhscoláirí nuair a fhilleann siad. Ní hamháin go mbaintear bruscar as ceantair áitiúla leis an tsamhail seo, ach neartaíonn sí feasacht bhuan agus bród as d’áit dúchais freisin. Déanta na fírinne, tá breis is 900 tonna dramhaíola bailithe ag Picker Pals ó cuireadh tús leis an gclár.

Chun úsáid inbhuanaithe trealaimh a chur chun cinn, gheobhaidh scoileanna pacáistí ar bhonn 50:50. Faigheann scoileanna nua Pacáiste Cláir Iomlán, lena n-áirítear an trealamh agus na hábhair foghlama riachtanacha ar fad. Faigheann scoileanna atá páirteach cheana féin Bosca Spreagtha, rud a chuireann ar a gcumas trealamh atá ann cheana a athúsáid agus leas a bhaint as ábhar oideachasúil athnuaite ag an am céanna.

Déantar an clár a fheabhsú tuilleadh le:

  • Ceachtanna ranga le téama difriúil gach mí, ag clúdach topaicí tábhachtacha ar nós Bruscar, Bithéagsúlacht, an Geilleagar Ciorclach, Taisteal Gníomhach agus topaicí gaolmhara eile
  • Ceachtanna beo ar líne agus tráth na gceist idirghníomhacha Kahoot, a chabhraíonn le daltaí a dtuiscint a dhoimhniú ar bhealaí spraíúla agus comhoibríocha
  • Físeáin théamacha tarraingteacha ar "Picker Pals TV"

Le tacaíocht na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, cinntítear go bhfanfaidh an clár go hiomlán saor in aisce do scoileanna, rud a bhainfidh bacainní ar rannpháirtíocht agus a chumasaíonn tionchar fadtéarmach ar scála mór.

Aiseolas ó Scoileanna

"Is tionscnamh iontach é Picker Pals do phobal na scoile. Ghlac na teaghlaigh freagracht as cothabháil a gceantair áitiúil agus thug sé cumhacht mhór dár ndaltaí."

Scoil Náisiúnta Mhuire Gan Smál, Leifear

"Rinneamar Picker Pals anuraidh - Fuaireamar freagra iontach [ó] na páistí agus thaitin sé go mór leis na tuismitheoirí freisin! 

 

Pobalscoil Náisiúnta Bhearna Chearúill, Clár Chlainne Mhuiris 

"Mhothaigh ár ndaltaí go raibh rud fiúntach curtha i gcrích acu agus iad ag dul amach agus bruscar a bhailiú. Bhí sé ag teacht go maith lenár scoileanna slachtmhara agus thaitin na bailitheoirí bruscair go mór leo."

Scoil Speisialta Naomh Muire, Baile an Róistigh

"Bhain mo dhaltaí an-taitneamh as Picker Pals i mbliana. Sílim go raibh tionchar ollmhór aige orthu agus gur chabhraigh sé leo dul i dtaithí ar aire a thabhairt dá dtimpeallacht."

Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Is tionscadal é Picker Pals atá dírithe ar scoileanna chun oideachas a chur ar leanaí faoi bhruscar. Cuireann tionscadal Picker Pals pacáistí bailithe bruscair ar fáil do scoileanna ionas gur féidir le daltaí dul ag bailiú bruscair ina gceantar áitiúil d’fhonn oideachas agus feasacht a chothú. Tacaítear leis seo le hacmhainní breise amhail ábhar ar líne, imeachtaí agus araile.
  • Cuireann VOICE tionscadal Picker Pals ar fáil in Éirinn, lena n-áirítear riarachán agus rialachas an chláir i rith na scoilbhliana. Is ag comhpháirtí seachadta VOICE, Birthday Press, atá na cearta maoine intleachtúla don chlár.
  • Go dtí seo, tá maoiniú de thart ar €1.5 milliún curtha ar fáil ag an roinn ó 2021 chun tacú le seachadadh chlár Picker Pals do bhreis is 3,500 seomra ranga bunscoile ar fud an Stáit

Léigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na roinne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat