Circular Economy Strategy 2026–2028 Launched | gov.ie

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire O'Brien agus an tAire Dillon Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach

Athrófar leis an bplean go hiomlán an chaoi a n-úsáidimid ábhair agus acmhainní, a laghdaímid dramhaíl, a méadaímid táirgiúlacht, agus a gcruthaímid poist inbhuanaithe i ngach cuid dár dtír

Laghdófar leis an Scéim Phíolótach Náisiúnta um Dhearbháin costais deisiúcháin, méadófar léi luach braite gléasanna úsáidte agus spreagfar léi tacaíocht ar fud na sochaí do dheisiúcháin

Cabhróidh an Pas Táirge Digiteach (DPP) le tomhaltóirí cinntí eolacha a dhéanamh; áireofar teicstílí, troscán agus boinn ar tháirgí tosaigh agus tosaíochta DPP

Sheol an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon, Straitéis um Gheilleagar Ciorclach na hÉireann 2026-2028 inniu. Leagtar amach plean náisiúnta uaillmhianach sa straitéis chun dlús a chur le haistriú na hÉireann ó shamhail líneach ‘tóg-déan-diúscair’ go geilleagar ciorclach agus inbhuanaithe.

Feabhsófar leis an straitéis ár gcumas chun ábhair agus táirgí a choinneáil in úsáid ar feadh tréimhse níos faide, dramhaíl a laghdú agus nuálaíocht chiorclach a chumasú i ngach earnáil den tsochaí. Cruthófar léi athléimneacht i slabhraí soláthair, laghdófar dá tairbhe astaíochtaí, agus neartófar léu iomaíochas na hÉireann mar chuid dá clár oibre níos leithne maidir leis an aeráid agus leis an bhfiontar glas.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Tagann beagnach leath d’astaíochtaí gás ceaptha teasa dhomhanda ón gcaoi a ndéanaimid agus a n-úsáidimid earraí, bia agus ábhair. Trí chiorclaíocht a leabú ar fud ár ngeilleagair, is féidir linn na hastaíochtaí sin a laghdú ag an bhfoinse – i bhfad sula sroicheann siad ár n-atmaisféar. Ní tionscadal timpeallachta amháin atá i gceist; is bunchloch dár gclár oibre maidir le gníomhú ar son na haeráide é. Seasann gach tonna ábhair a athúsáidtear agus gach táirge a dheisítear in ionad a athsholáthar do charbón nach gá a astú choíche. Seo cumhacht an gheilleagair chiorclaigh. Leagtar amach sa straitéis sin conas a bhainfimid leas as an gcumhacht sin – trí nuálaíocht, infheistíocht agus comhoibriú."

Dúirt an tAire Dillon:

"Tá an geilleagar ciorclach ina chuid lárnach den chaoi a mbeidh Éire níos glaine, níos cliste agus níos féintuilleamaíche. Trí nuálaíocht, dearadh agus fiontraíocht is féidir linn an chaoi a n-úsáidimid ábhair agus acmhainní a athrú, dramhaíl a laghdú, táirgiúlacht a mhéadú, agus poist inbhuanaithe a chruthú i ngach cuid dár dtír. Léireoidh cur i bhfeidhm na straitéise seo nach smaoineamh teibí é an chiorclaíocht, ach gur bealach praiticiúil, eacnamaíoch agus indéanta chun cinn é – bealach a chabhraíonn le teaghlaigh agus le gnólachtaí luach níos fearr a fháil, agus a neartaíonn iomaíochas agus athléimneacht na hÉireann ag an am céanna. Is é an uaillmhian atá agam normalú a dhéanamh ar smaointeoireacht chiorclach, agus Éire níos rathúla, níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bhaint amach.

"Baineann an dara Straitéis um Gheilleagar Ciorclach le gníomh praiticiúil – ag athrú an chaoi a dtéann Éire i ngleic le dearadh agus tógáil, agus an chaoi a n-úsáideann agus a n-athúsáideann sí rudaí. Cuireann sé nuálaíocht, fiontar agus daoine i gcroílár na gníomhaíochta ar son na haeráide – ag laghdú dramhaíola, ag cruthú post, agus ag laghdú costais do theaghlaigh agus do ghnólachtaí."

Is é a leanas is aidhm don straitéis:

  • Ráta Úsáide Ábhair Chiorclaigh (RÚÁC) na hÉireann a mhéadú faoi 2 phointe céatadáin in aghaidh na bliana, ag baint 12% amach faoi 2030
  • Tacú le leathnú eacnamaíoch, agus táirgiúlacht acmhainní a fheabhsú agus spleáchas ar óghábhair a laghdú ag an am céanna
  • Seasamh na hÉireann a neartú mar áit lárnach le haghaidh dearadh inbhuanaithe, déantúsaíocht forbartha, agus samhlacha gnó nuálacha agus ciorclacha
  • Cumhacht a thabhairt do dhaoine agus do phobail roghanna inbhuanaithe, cost-éifeachtúla a dhéanamh le tionscnaimh amhail Scéim Náisiúnta phíolótach um Dhearbháin le haghaidh Deisiúchán a thabhairt isteach
  • Tacú le húdaráis áitiúla chun moil le haghaidh athúsáide, deisiúcháin agus athchúrsála a fhorbairt ar fud na tíre
  • Digitiú agus nuálaíocht atá bunaithe ar shonraí a chur i gcroílár an aistrithe chiorclaigh

Tógann an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach ar na bunchlocha beartais láidre a bunaíodh le 5 bliana anuas, lena n-áirítear an tAcht um Gheilleagar Ciorclach 2022, an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach, an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus an Plean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach.

Scéim Náisiúnta Phíolótach um Dhearbháin le haghaidh Deisiúchán

Fuarthas amach ó staidéir iompraíochta freisin gur féidir le praghas an deisiúcháin (agus go háirithe an bhearna i bpraghsanna idir deisiú agus athsholáthar) a bheith ar an toisc is tábhachtaí a mbíonn tionchar aige ar chinneadh chun deisiúcháin a dhéanamh. Tabharfar Scéim Náisiúnta Phíolótach um Dhearbháin le haghaidh Deisiúchán isteach, le tacaíocht ó Chiste an Gheilleagair Chiorclaigh, a dhíreoidh ar athúsáid agus deisiú táirgí tomhaltóirí. Dearfar an scéim phíolótach tríd an Líonra Náisiúnta um Athúsáid agus Deisiú, agus cuirfear i bhfeidhm í faoi 2027. Éascófar leis sin aistriú i róil na dtomhaltóirí – ó cheannaitheoirí go cosantóirí táirgí agus gléasanna trí chostais deisiúcháin a laghdú, luach braite gléasanna úsáidte a mhéadú agus tacaíocht ar fud na sochaí a spreagadh do dheisiúcháin.

Pas Táirge Digiteach (DPP)

Is nuálaíocht í an Pas Táirge Digiteach (DPP) (faoi Rialachán Éicidhearthóireachta an Aontais Eorpaigh 2024 le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe) a stórálfaidh agus a roinnfidh sonraí faoi inbhuanaitheacht, ciorclaíocht agus comhlíonadh rialála táirge. Beidh DPP ar fáil do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus d’údaráis ábhartha. Cabhróidh sé le tomhaltóirí cinntí eolacha a dhéanamh faoi na rudaí a cheannaíonn siad, agus cuirfear leis an t-éileamh ar tháirgí inbhuanaithe chun cinn. D’fhéadfadh DPP faisnéis bhreise a óstáil freisin, amhail treoracha do tháirgí nó cáipéisí comhréireachta. I measc na dtáirgí tosaíochta a mbeidh DPP acu sna blianta amach romhainn tá teicstílí, troscán, boinn agus tochtanna.

Gníomhaíocht agus Spriocanna Earnála

Socraítear leis an straitéis na gníomhaíochtaí agus na spriocanna do 6 phríomhearnáil tosaíochta – chun buntáistí comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach:

  • Tógáil – Foilsiú Treochlár Ciorclaíochta don Earnáil Tógála in 2026 agus comhaontú ar chomhpháirtíocht dhlúth earnála idir an rialtas agus an tionscal tógála chun dlús a chur le cleachtais chiorclacha
  • Bithgheilleagar (lena n-áirítear talmhaíocht) – Foilsiú Straitéis Náisiúnta don Bhithgheilleagar agus Treochlár um Chosc ar Dhramhaíl Bia faoi 2026 chun tacú le húsáid inbhuanaithe bithmhaise agus dramhaíl bia a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030
  • Miondíol – Tuilleadh tacaíochta do dheisiú, athúsáid agus cosc dramhaíola, lena n-áirítear roghanna Tabhair Leat Do Choimeádán Féin sa tseirbhís bhia ó 2027 ar aghaidh
  • Pacáistíocht – Cur chun feidhme Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht ag iarraidh laghdú 5% ar dhramhaíl pacáistithe a bhaint amach faoi 2030 agus bailiú 90% ar bhuidéil phlaisteacha faoi 2029
  • Teicstílí – Seoladh Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha in 2026, le bailiúchán teicstílí ar leithligh feabhsaithe ar fud na tíre faoi 2030
  • Leictreonaic – Leathnú ar dheisiú agus athmhonarú, aistriú na Treorach um an gCeart chun Deisiúcháin, agus tacaíocht do líonra deisiúcháin agus athúsáide na hÉireann

Chríochnaigh an tAire Dillon leis an méid seo a leanas:

"Baineann an dara Straitéis um Gheilleagar Ciorclach in Éirinn le gníomh praiticiúil – ag athrú an chaoi a ndearaimid, a dtógaimid, a n-ídímid agus a n-athúsáidimid. Cabhróidh sé linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach, gnólachtaí athléimneacha a fhás, agus cumhacht a thabhairt do phobail. Tá ról le himirt ag gach duine, gnólacht agus comhlacht poiblí i normalú a dhéanamh ar chiorclaíocht. Leis an straitéis seo tugtar tús áite do 6 earnáil thábhachtacha chun a bheith chun tosaigh maidir le buntáistí comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí soiléire a sheachadadh trí spriocanna intomhaiste."

Is féidir an straitéis a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Geilleagar Ciorclach

Is bealach é an Geilleagar Ciorclach chun dramhaíl a chosc trí acmhainní a choinneáil in úsáid chomh fada agus is féidir – trí athúsáid, deisiú, roinnt agus athchúrsáil níos mó a dhéanamh.

Aithnítear leis an gá atá le haistriú ón tsamhail líneach reatha (tóg-déan-diúscair) táirgthe agus tomhaltais go ceann ina gcoinnímid acmhainní in úsáid chomh fada agus is féidir, an luach uasta a bhaint astu agus iad in úsáid, agus ansin táirgí agus ábhair a dheisiú, a athchúrsáil agus a athmhonarú ag deireadh a saoil.

Tacaíonn beartas an rialtais le haistriú chuig geilleagar ciorclach.

An Gheilleagar Ciorclach in Éirinn go dtí seo

Chuir Plean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann don Gheilleagar Ciorclach 2020–2025 beartas náisiúnta dramhaíola nuashonraithe ar fáil le raon aidhmeanna agus spriocanna chun treoir a thabhairt don aistriú ó dhiúscairt dramhaíola go caomhnú acmhainní trí chreat geilleagair chiorclaigh.

Ina dhiaidh sin tháinig an chéad straitéis náisiúnta de chuid na hÉireann atá tiomnaithe don gheilleagar ciorclach: An Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2022–2023 'Maireachtáil Níos Mó, Úsáid Níos Lú'. Leagadh amach sa straitéis seo cur chuige iomlánaíoch an rialtais i gcreat don aistriú ciorclach agus míníodh ann conas is féidir le ceannaireacht na hearnála poiblí oibriú i dtreo na Bearna Ciorclaí a dhúnadh. Áiríodh leis bearta chun feasacht a mhúscailt agus cuireadh infheistíocht sa gheilleagar ciorclach chun cinn inti.

Leis an Acht um Gheilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha 2022, cumhdaíodh an geilleagar ciorclach i ndlí na hÉireann agus cuireadh bunús dlí ar fáil ann do ghníomhaíochtaí chun tacú leis. Tá bonn reachtúil ag an dara atriall seo den Straitéis agus, i gcomhréir leis na ceanglais faoi reacht tríd an Acht, áirítear spriocanna le haghaidh príomhearnálacha, ag baint leas as an gcumas chun ranníocaíochtaí suntasacha a dhéanamh leis an aistriú ciorclach. Forordaítear san Acht gur cheart go socrófaí gníomhaíochtaí agus spriocanna do na hearnálacha seo a leanas: tógáil, talmhaíocht, miondíol, pacáistíocht, teicstílí agus leictreonaic.

In 2024, d’fhoilsigh na hOifigí Réigiúnacha Pleanála um Bainistíocht Dramhaíola a bPlean Náisiúnta um Bainistiú Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, a chuireann tuilleadh feabhais ar an gcreat rialála trí spriocanna agus gníomhaíochtaí sonracha a leagan amach nach mór d’údaráis áitiúla a dhéanamh thar an tréimhse 2024 go 2030 chun an t-aistriú sin a bhaint amach.

Is é Clár don Gheilleagar Ciorclach (2021 go 2027) de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ceann feadhna ar aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Is í an fhís don Chlár go gcinnteofar leis an ngeilleagar ciorclach go n-úsáideann gach duine níos lú acmhainní agus go gcuirtear cosc ar dhramhaíl chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach. Leis an gClár don Gheilleagar Ciorclach cuirtear ceannaireacht ar fáil chun ailíniú gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chinntiú.

Bearta agus Tacaíochtaí Leathana

Leagtar amach sa straitéis nua clár cuimsitheach chun seachadadh ar fud na n-earnálacha go léir a chumasú, lena n-áirítear:

  • Grúpa Comhairleach um an nGeilleagar Ciorclach agus Grúpa Maoirseachta tras-rialtais a bhunú.
  • Circular.ie – Ardán feasachta agus eolais náisiúnta nua na hÉireann maidir leis an ngeilleagar ciorclach
  • Leathnú ar chistiú don Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach go €1.5 milliún in aghaidh na bliana
  • Forbairt Mol Taispeántais agus For-rochtana don Gheilleagar Ciorclach ar fud na hÉireann
  • Comhoibriú le Tuaisceart na hÉireann chun Ardán Siombóise Tionsclaíche Uile-Oileáin a chruthú

Monatóireacht agus Tuairisciú

Déanfar rianú ar dhul chun cinn le Deais Ciorclaíocht Náisiúnta nua, a fhorbróidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Déanfar dul chun cinn na hÉireann i dtreo spriocanna ciorclaíochta a thomhas le tuarascáil bhliantúil chuig an rialtas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat