Fógraíonn an tAire O'Brien maoiniú de €15.2 milliún le haghaidh chomhpháirtithe na hÉireann um maoiniú ar son na haeráide ag COP30 in Bélem
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Neartaíonn Éire ceannaireacht dhomhanda ar son na haeráide agus gealltanais an-mhór aici don oiriúnú, don trédhearcacht agus don mhaoiniú inbhuanaithe
Tá sé fógartha ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien go gcuirfear €15.2 milliún de mhaoiniú ar son na haeráide ar fáil do chomhpháirtithe na hÉireann um maoiniú ar son na haeráide agus é ag freastal ar COP30 in Bélem, sa Bhrasaíl.
Gealladh €10 milliún don Chiste um Oiriúnú le haghaidh 2026. Is ardú 60% é sin ar mhaoiniú a thug Éire don Chiste um Oiriúnú i gcomparáid leis an méid a thug Éire in 2025. Is é an Ciste um Oiriúnú an t-aon chiste iltaobhach ar son na haeráide amháin atá tiomanta don oiriúnú agus tá ról barrthábhachtach aige i dtacú le tíortha atá i mbéal forbartha chun seasmhacht agus ullmhacht in aghaidh thionchair ár n-aeráide atá ag athrú a fhorbairt agus cuirtear béim ar oiriúnú atá faoi stiúir an phobail áitiúil - is tosaíocht bharrthábhachtach é sin le haghaidh mhaoiniú na hÉireann ar son na haeráide.
Gealladh €2.5 milliún don Chomhpháirtíocht CCN le haghaidh 2025. Is comhghuaillíocht dhomhanda í an Chomhpháirtíocht CCN a bhfuil an aidhm aici tacú le tíortha chun a gcuspóirí ar son na haeráide faoi Chomhaontú Pháras agus chun a gCuspóirí um Forbairt Inbhuanaithe (CFI) a bhaint amach. Dearbhaítear mar gheall ar an gcuidiú sin an tiomantas atá ag Éire don Chomhpháirtíocht CCN mar thír bhronntach. Agus CCN nua le cur isteach in 2025, tá an Chomhpháirtíocht tar éis a bheith i mbun oibre le níos mó ná 100 tír atá i mbéal forbartha chun a CCN a ullmhú, rud a thugann an tacaíocht atá ag teastáil uathu dóibh lena n-aistriú glas a phleanáil.
Gealladh €1.5 milliún don Chomhghuaillíocht um Aeráid agus Aer Glan (CAAG) le haghaidh 2025 fosta. Oibríonn an CAAG le tíortha atá i mbéal forbartha chun dul i ngleic le gníomhaithe gearrshaolacha fórsála aeráide (GGFA) amhail meatán, hidreafluaracarbóin agus carbón dubh. Is é dul i ngleic le GGFA ceann de na bealaí is gasta agus is fearr ó thaobh luach ar airgead de chun astaíochtaí iomlána a laghdú sa ghearrthéarma.
Gealladh €1.2 milliún don Tionscnamh um Thrédhearcacht maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, TTGA, le haghaidh 2025. Is cuid de chroílár Chomhaontú Pháras iad an trédhearcacht agus an tuairisciú. Tacaíonn TTGA le tíortha atá i mbéal forbartha chun na creataí trédhearcachta atá ag teastáil a fhorbairt chun gníomh éifeachtúil ar son na haeráide a dhéanamh.
Agus na fógraí á dtabhairt le fios aige, thug an tAire O'Brien le fios:
"Tá sé tábhachtach go gcoinníonn Éire uirthi ceannaireacht ar mhaoiniú ar son na haeráide a léiriú lenár gcomhpháirtithe forbartha, go háirithe i gcomhthéacs brúnna ar Chuidiú Forbartha Oifigiúil [CFO] ar bhonn domhanda. Is cuid de chroílár thaidhleoireacht aeráide na hÉireann é an maoiniú ar son na haeráide agus is cuid é a bhfuilimid iontach bródúil as. Tá sé cruthaithe go n-éiríonn leis na cistí, arna thacú ag Éire, le tacaíocht éifeachtúil, phraiticiúil agus so-aimsithe a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha le haghaidh a n-aistriú glas."
Tá an tAire O'Brien ag freastal ar COP30 in Bélem agus é i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann, áit a bhfuil sé ag gníomhú mar idirbheartaí ceannais ón AE um oiriúnú. Tá aird tarraingthe ag Uachtaránacht an COP30 ar an oiriúnú mar thoradh barrthábhachtach ar féidir chur i gcrích, rud a chuireann Éire i gcroílár idirbheartaíochta barrthábhachtaí.
Le linn cheann de na chéad coinní a bhí aige sa Bhrasaíl, bhuail an tAire O’Brien le Marcus Neto, Ard-Rúnaí Cúnta na NA agus Stiúrthóir Bhiúró an Bheartais agus Tacaíochta Chláir de Chlár Forbartha na NA. Beidh Oifig Tionscadail nua CFNA ag Éirinn i mBaile Átha Cliath a bheidh tiomanta do mhaoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn - rud a bhainfidh leas as an gcaipiteal le haistriú glas cothrom, ionchuimsitheach agus domhanda a chumhachtú. Arna thacú ag Rialtas na hÉireann le maoiniú de €7.5 milliún ar feadh trí bliana, cuireann an tionscnamh i láthair ceannaireacht dhomhanda na hÉireann chun leas a bhaint as caipiteal chun gníomhú ar son na haeráide a spreagadh, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do gheilleagair atá i mbéal forbartha agus dóibh siúd is leochailí.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Le linn COP26 a bhí ar siúl i nGlaschú i mí na Samhna 2021, d'fhógair an Taoiseach tiomantas na hÉireann dá maoiniú le haghaidh tíortha atá i mbéal forbartha a mhéadú faoi níos mó ná a dhá oiread chun dul i ngleic leis an athrú aeráide faoi 2025, rud a mhéadaíonn ceangaltas bliantúil an Rialtais do mhaoiniú ar son na haeráide go €225 milliún. I mí Iúil 2022, d’fhoilsigh Éire a Plean Idirnáisiúnta um Maoiniú ar son na hAeráide ina léirítear na pleananna atá ag Éirinn lena maoiniú idirnáisiúnta ar son na haeráide a mhéadú chun an sprioc sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint as foinsí poiblí maoinithe.
An Ciste um Oiriúnú
Is é an Ciste um Oiriúnú an t-aon chiste ar son na haeráide amháin atá faoi Chreat-Choinbhinsiún na NA maidir leis an Athrú Aeráide agus ar bunaíodh é go háirithe le haghaidh tionscadal um oiriúnú ar son na haeráide a mhaoiniú i dtíortha atá i mbéal forbartha. Cuireann sé maoiniú ar fáil trí dheontais amháin, rud ar éileamh barrthábhachtach é ag tíortha atá i mbéal forbartha agus a leithéidí.
Freagraíonn an Ciste um Oiriúnú d’éileamh barrthábhachtach atá ag tíortha atá i mbéal forbartha chun éifeachtúlacht agus rochtain ar mhaoiniú ar son na haeráide a fheabhsú. Tacaíonn an ciste le hoiriúnú atá faoi stiúir tíre agus le cláir sheasmhacha agus cuireann sé chun cinn acmhainn institiúide agus theicniúil a mhéadú le torthaí a scálú. Cuireann sé béim láidir ar thacú le tíortha atá i mbéal forbartha chun rochtain a fháil ar mhaoiniú trí mhódúlacht a bhfuil rochtain dhíreach uirthi agus le linn chruinniú an bhoird in Aibreán 2025, mhéadaigh an Ciste an maoiniú le haghaidh oiriúnú a stiúrtar ar bhonn áitiúil faoi níos mó ná a dhá oiread.
An Comhghuaillíocht um Aeráid agus Aer Glan
Tacaíonn an Chomhghuaillíocht um Aeráid agus Aer Glan le tíortha atá i mbéal forbartha chun a spriocanna caighdeáin aeir, aeráide agus forbartha a bhaint amach le béim ar ghníomhaithe gearrshaolacha fórsála (GGFA) a ghearradh, lena n-áirítear meatán, nítrigin agus carbón dubh. Is iad na GGFA an fhadhb is furasta chun dul ngleic leo maidir le gníomhú ar son na haeráide de bharr go bhfuil sé éifeachtúil ó thaobh costas de iad a bhaint agus tá tionchar mór ar laghdú astaíochtaí dá mbarr.
Is cuid d’obair an Chomhghuaillíocht um Aeráid agus Aer Glan cur i bhfeidhm clár tíre agus soláthar saineolaithe náisiúnta le haghaidh tíortha ata i mbéal forbartha chun acmhainn a mhéadú.
An Tionscnamh um Thrédhearcacht maidir le Gníomhú ar son na hAeráide (TTGA)
Is eagraíocht é an Tionscnamh um Thrédhearcacht maidir le Gníomhú ar son na hAeráide (TTGA) atá mar aidhm aige trédhearcacht maidir le hiarrachtaí ar son ghníomhú ar son na haeráide a fheabhsú, go háirithe le béim ar thomhas, ar thuairisciú agus ar dhearbhú gníomhartha a bhaineann leis an aeráid. Cuireann TTGA na huirlisí agus na hacmhainní ar fáil chun cabhrú le tíortha agus le heintitis eile tionchair a mbeartas, straitéisí agus gníomhartha aeráide a rianú agus a mheas i mbealach níos fearr. Cabhraíonn an tionscnamh le tíortha chun a dtuairisciú a ailíniú le creataí aeráide domhanda, amhail Comhaontú Pháras, lena chinntiú go mbainfidh siad a spriocanna náisiúnta amach maidir le laghdú astaíochtaí.
Ó bunaíodh é in 2015, tá leas bainte ag an TTGA as níos mó ná USD 80 milliún i maoiniú go dtí seo chun tacú le tionscnaimh trédhearcachta ar son ghníomhú ar son na haeráide agus tá an Ostair, Ceanada, an Ghearmáin, an Iodáil agus Fondúireacht an Chiste um Maoiniú Leanaí (FCML) ina gcomhpháirtithe maoinithe reatha.
Comhpháirtíocht CCN
Is comhghuaillíocht dhomhanda í an Chomhpháirtíocht CCN atá mar aidhm aici tacú le tíortha maidir lena n-iarrachtaí chun a CCN a chur i bhfeidhm faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Cabhraíonn an chomhpháirtíocht le tíortha chun pleananna inghníomhaithe a dhéanamh dá ngealltanais aeráide agus béim ar astaíochtaí a laghdú agus ar oiriúnú de réir thionchair aeráide araon. Tacaíonn sí le tíortha chun na hacmhainní riachtanacha teicniúla, airgeadais agus institiúide a thógáil lena CCN a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Is mar chuid de OSPNA atá Comhpháirtíocht an CCN.
Déanann rialtais na Brasaíle agus na Danmhairge araon cathaoirleacht ar chomhpháirtíocht an CCN agus treoraíonn coiste stiúrtha é, coiste a bhfuil tíortha forbartha, tíortha atá i mbéal forbartha agus institiúidí idirnáisiúnta mar chuid de.