Fógraíonn an tAire O'Brien nach mór €27 milliún do ghníomhú pobail ar son na haeráide
- Foilsithe: 13 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2025
Inniu d'fhógair an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, go bhfuiltear chun maoiniú de nach mór €27 milliún a sholáthar ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide (CGA) d’údaráis áitiúla chun tacú le pobail ísealcharbóin agus iad a fhorbairt ar fud na tíre.
Tabharfar an maoiniú sin mar chuid den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, a thacaíonn le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn gníomhú pobail ar son na haeráide, trí oideachas, trí fhorbairt acmhainne agus trí fhoghlaim le déanamh. I gcéim 1 de Shnáithe 1 den chlár caitheadh €24 milliún chun tacú le 650 tionscadal um ghníomhú pobail ar son na haeráide ar fud na tíre.
Inniu, seolfaidh an tAire O'Brien céim 2 den chlár, trína gcuirfear maoiniú ar fáil ó CGA do gach údarás áitiúil chun oibriú i gcomhpháirt le grúpaí pobail le tionscadail a reáchtáil a chuirfidh le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh. Tacaíonn an clár le plé díreach le pobail chun gníomhú pobail ar son na haeráide a chur chun cinn agus chun tacú lena méadú.
Le tionscadail phobail a bheidh incháilithe don treoir sin agus don mhaoiniú féideartha, tabharfar aghaidh ar na cúig théama seo a leanas:
- fuinneamh pobail
- taisteal
- bia agus dramhaíl
- siopadóireacht agus athchúrsáil, agus
- gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus an chomhshaoil
Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt an tAire O'Brien:
"Dúshlán domhanda is ea an gníomhú ar son na haeráide, ach tá ár gcuid pobal áitiúil ar fud na hÉireann ag croílár na hiarrachta. Tríd an gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide (CGPA), tá daoine i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre ag teacht le chéile cheana chun athrú iarbhír a dhéanamh — ó phainéil ghréine a chur ar ionaid phobail go scéimeanna comhroinnte rothar, bithéagsúlacht áitiúil a athbhunú, agus úsáid fuinnimh a laghdú i bhfoirgnimh phoiblí. Le seoladh na céime nua de CGPA, féadfaidh údaráis áitiúla leanúint de ghrúpaí pobail a chumhachtú chun bearta praiticiúla a dhéanamh lena gcothaítear pobail bhríomhara ísealcharbóin athléimneacha ar feadh na mblianta fada."
Is iad na hOifigigh Phobail um Ghníomhú ar son na hAeráide (OPGA) inár gcuid údarás áitiúil a riarann an snáithe sin agus iad ar fáil mar acmhainn chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí agus comhairle a chur orthu maidir le bheith ina bpobail ísealcharbóin.
Más mian le grúpa pobail níos mó a fhoghlaim ba cheart dóibh dul i dteagmháil lena OPGA. Is féidir na mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Mionsonraí faoi mhaoiniú Shnáithe 1, Céim 2 a leithdháiltear ar gach ceann de na húdaráis áitiúla
| Údarás áitiúil | Leithdháileadh |
| Cathair Chorcaí | €860,000 |
| An Clár | €572,000 |
| Contae Chorcaí | €1,241,000 |
| An Cabhán | €439,000 |
| Ceatharlach | €378,000 |
| Cathair Bhaile Átha Cliath | €1,938,000 |
| Dún na nGall | €699,000 |
| Dún Laoghaire-Ráth an Dúin | €883,000 |
| Fine Gall | €1,127,000 |
| Cathair na Gaillimhe | €446,000 |
| Contae na Gaillimhe | €762,000 |
| Cill Dara | €897,000 |
| Cill Chainnigh | €511,000 |
| Ciarraí | €663,000 |
| Longfort | €328,000 |
| Lú | €604,000 |
| Cathair agus Contae Luimnigh | €811,000 |
| Liatroim | €300,000 |
| Laois | €465,000 |
| An Mhí | €811,000 |
| Muineachán | €392,000 |
| Maigh Eo | €609,000 |
| Uíbh Fhailí | €444,000 |
| Ros Comáin | €402,000 |
| Baile Átha Cliath Theas | €1,073,000 |
| Sligeach | €405,000 |
| Tiobraid Árann | €700,000 |
| Cathair agus Contae Phort Láirge | €564,000 |
| An Iarmhí | €478,000 |
| Cill Mhantáin | €646,000 |
| Loch Garman | €669,000 |
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil in 2020 chun tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a chuireann le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Tacaíonn an ciste freisin le tionscadail agus tionscnaimh i réigiúin an Stáit, agus in earnálacha sa gheilleagar, a raibh tionchar ag an aistriú go geilleagar ísealcharbóin orthu. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste go príomha ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (GCON) i dtaobh diúscairtí ábhartha táirgí peitriliam, tar éis riachtanais mhaoinithe GCON a bheith comhlíonta.
Tá tuilleadh eolais ar an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.