Fógraíonn an tAire O'Brien tionscnamh a thacaíonn le heagraíochtaí spóirt a chur i dtreo na hinbhuanaitheachta
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Tógann clár oiliúna ar an rath a bhí ar Chlár ceannródaíoch na gClubanna Glasa ón CLG
Inniu (an 20 Samhain), sheol an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien, Clár Spóirt Inbhuanaithe nua chun cabhrú le Coistí Náisiúnta Rialaithe (CNR) spóirt glacadh le gníomhartha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de thar a n-eagraíochtaí.
Áirítear sa chlár sraith straitéisí le haghaidh clubanna agus soláthar oiliúna le haghaidh CNR, le gur féidir leo a gclubanna a chumasú chun gníomh a dhéanamh i measc an ghnáthphobail i réimsí na bithéagsúlachta, an uisce, an fhuinnimh agus taistil. Aithnítear sa Chlár Spóirt Inbhuanaithe go bhfuil gach club agus eagraíocht uathúil agus tá an clár fóirsteanach le haghaidh gach spórt beag beann ar mhéid, ar ghníomhaíocht, ar áiseanna nó ar acmhainní.
Agus fáilte á cur aige roimh an gClár, dúirt an tAire O'Brien:
"Is suntasach iad na dúshláin a dtugaimid aghaidh orthu chun sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Tá ról an-mhór ag pobail sa dúshlán sin agus is i gcroílár an phobail atá an spórt anseo in Éirinn. Tógann an clár oiliúna seo ar an rath a bhí ar Chlár ceannródaíoch na gClubanna Glasa ón CLG agus roinneann sé torthaí foghlama a shíolraíonn óna dtaithí ollmhór.
"Foghlaim bharrthábhachtach amháin a tháinig chun solais ná gur mó an seans go mbeidh rath ar chláir atá i measc an ghnáthphobail agus go gcaomhnófar iad nuair a fhaigheann siad tacaíocht óna leithéidí de struchtúir ó bharr anuas is féidir le CNR a chur i bhfeidhm."
Cuirfear an Clár Spóirt Inbhuanaithe i láthair ag Comhdháil na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt - Ag Imirt ar son an Domhain. Beidh sí ar siúl inniu ag Láthair Faoi Dhíon Champas Spóirt Éireann. Is tionscnamh de chuid na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt í an chomhdháil ina dtaispeánfar dea-chleachtas ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon maidir leis an ról is féidir a bheith ag an spórt i ngníomhú ar son na haeráide.
Agus é ag labhairt ag an gcomhdháil, seo a bhí le rá ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O'Donovan:
"Inniu, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair ar son na hinbhuanaitheachta atá ar bun ag eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre. Cuireann an tsraith straitéisí ar chumas gach comhlachta náisiúnta spóirt scileanna barrthábhachtacha a fhoghlaim amhail cén dóigh ar féidir tosaíochtaí a aithint, na gníomhartha ar féidir leo tabhairt fúithi i réimsí amhail taisteal agus bithéagsúlacht agus go ríthábhachtach, conas is féidir na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm agus a rianú."
Chun breathnú ar na sraitheanna straitéisí, téigh chuig suíomh gréasáin an Chláir Spóirt Inbhuanaithe.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
D’fhorbair an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil an tSraith Straitéisí mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Forbraíodh í tar éis comhairliúcháin le comhlachtaí spóirt lena n-áirítear an CLG, Cumann Rugbaí na hÉireann, FAI, Galf Éireann, Leadóg Éireann agus baineadh leas as tionscnaimh amhail Clár na gClubanna Glasa ón CLG.
Tar éis an cúrsa 3 mhodúl a chur i gcrích, beidh na rannpháirtithe ina bpointe teagmhála maidir le húsáid a bhaint as an tSraith Straitéisí ina n-eagraíochtaí. Gheobhaidh siad tuiscint ar an tSraith Straitéisí agus ar an acmhainneacht a bhaineann léi gníomhú ar son na haeráide i réimsí an fhuinnimh, an uisce, na bithéagsúlachta agus an taistil, agus foghlaim conas dréachtphlean gníomhaíochta a fhorbairt chun na gníomhaíochtaí sin a thabhairt isteach ina gclubanna agus ina n-eagraíocht spóirt phobail.
Tá scéalta inspioráideacha le hinsint ag eagraíochtaí spóirt aonair faoina n-eispéiris inbhuanaitheachta.
Déan teagmháil leis na daoine seo a leanas chun tuilleadh sonraí a fháil:
- Jimmy D'Arcy, Bainisteoir Ceannaireachta Óige agus Inbhuanaitheachta, CLG – jimmy.darcy@gaa.ie
- Míde Ní Shúilleabháin, Comhairleoir Inbhuanaitheachta, Clár na gClubanna Glasa, CLG – mide.nishuilleabhain@gaa.ie
- David Keane, Bainisteoir Forbartha Náisiúnta Rugbaí, Cumann Rugbaí na hÉireann – david.keane@irfu.ie
- Roger Geraghty, Ceannasaí Forbartha, Leadóg Éireann – roger.geraghty@tennisireland.ie
- Ann Courtney, Ceannasaí Inbhuanaitheachta, Galf Éireann – anncourtney@golfireland.ie
- Des Tomlinson – Bainisteoir Inbhuanaitheachta Sóisialta agus Comhshaoil, FAI – des.tomlinson@fai.ie
Ghlac suas le 230 Club CLG, Chumann Pheil na mBan agus Cumainn Chamógaíochta páirt sa chéad dá chéim de Chlár na gClubanna Glasa ón CLG, a bhí ar siúl idir 2021 agus 2025. Is ó Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, arna sheoladh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa bhliain 2019, a tháinig Clár na gClubanna Glasa. Seoladh Céim 3 i mí an Mhárta 2025 agus glacfaidh tuairim is 200 club breise ann. De réir an CLG, léirítear leis na leibhéil rannpháirtíochta an mhian i measc clubanna na gcluichí Gaelacha a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú agus athléimneacht a chothú mar fhreagairt don athrú aeráide.
Tá cás-staidéir ar fáil ag: www.learning.gaa.ie/GreenClub/CaseStudies.